Wednesday, April 04, 2007

Deireadh an Áil agus a Mháthair Ghaelach

Tá na scoileanna poiblí uile dúnta an tseachtain seo i stát Nua Eabhrac. Saoire an earraigh a tugtar uirthi. (ar eagla go dtuigfí aoinne gurb í saoire na cásca a tá ann!) Bíonn an nós ag go leor daoine dul go Florida an tseachtain seo agus tús a chur ar imeachtaí an séasúr úr, le snámh agus araile. Fuair mo mhac is óige (mo leanbh!) cuireadh dul le haghaidh na seachtaine le muintir charad dó. Dímigh an chlann oíche Aoine agus lean Eoghan ina ndiaidh maidin Dhomhnaigh ar eitilt ó La Guardia. Ní raibh mé ró shásta cead a thabhairt do ach tá sé beagnach sé bliana d’aois! Beidh sé ag iarraidh teacht ar ceadúnas tiomaint i gcionn míosa ……….agus fonn orm é a choimeád sa nead.

Cad é cailíní fiáine thíos ansin i bhFlorida!!!! :(

Is déagóir spraíúil cairdiúil dathúil é agus gach deireadh seachtaine bíonn sé ag dúl chuig coisir éigin ach dar liomsa is buachaill fós é, cé go bhfuil sé breis agus sé throigh! An bhfuil mo cheann sa ghaineamh?
Tá an teach sách chiúin gan é. Táim ag súil le é a bheith thar nais linn oíche Aoine (agus fanacht sa bhaile go dtí go bhfuil sé, abair, daichead bliana d’aois………)

2 comments:

Anonymous said...

Hilary - Bainim an sult as do chuid altanna. Cuireann an cheann seo sceal i gcuimhne dom no duirt me le cara la go raibh me rud beag buartha faoi mo inion. Ni raibh si ach se bliana ag an am agus bhi si tinn le seachtain beagnach. Bhi mo chara roinnt mhaith nios sine na me fein."Na bi buartha faoi sin" a duirt se. "Fan deich mblian eile go mbeidh si ag iarraidh cead dul to Torremalinas ar feadh coicise!Sin an t-am le bheith buartha, a mhic." Adh mor.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Bhuel, ní taithí ar bith agam le cailíní caithfidh mé a admháil. Triúr mac atá againne. Bíonn na buachaillí dea chroíúil de gnáth, fad is a bhíonn go leor ……….bia agus uisce , aclaíocht, bia agus uisce, codladh, bia agus uisce, aclaíocht, bia agus uisce, codladh srl …bia… bia ….bia…..ní bhíonn foinn ró casta nó achrannach acu!
Táim ag ceapadh go mbíonn an scéal i bhfad níos deacra le cailíní agus iad ina ndéagóir