Monday, June 04, 2007

Cuairteoir Gan Choinne!


Lá fliuch atá ann inniu, ceart go leor dár dtalamh a bhí tirim go leor tar éis tréimhse an-te le déanaí. Bhí ionadh orm cuairteoir a fheiscint sa ghairdín, tortóg mhór atá ann agus í gnóthach ag breith a cuid uibheacha! Bíonn eireaball géar ag na cinn seo an chré a bhaint agus poll oiriúnach a dhéanamh dá n-uibheacha. Is Snapping Turtle í, Chelydra Serpentina, tá a blaosc breis agus troigh ar fad, agus a h-eireaball beagnach troigh eile., b’fhéidir go bhfuil sí timpeall dhá troigh go leith ar fad ó cheann ceann?
Ghlac mé an phictiúr seo ach bhí drogall orm dul ró ghar dí, d’imigh a ceann isteach píosa beag ina blaosc aici nuair a chonaic sí mise ag teacht chuici. Rud eile nó bíonn eagla orm rompu…níl mórán taithí agam le tortóga agus bím amhrasach fúthu. Is cosúil go mbíonn an aicme seo duáilceach go leor agus fonn ar na cinn móra alp a thabhairt ar dhuine, dá bhrí sin an “ainm ceana” Snapping Turtle!

7 comments:

Darren J. Prior said...

Hi Hilary,

Nach é Hilary 'Ní/Nic' Suibhne do ainm ceart, nó an bhfuil mé mícheart?

Le dea-mhéin

Darren

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Darren a chara,
Tá tú mí cheart.
Úsáidtear “Nic” má bhíonn iníon ‘Suibhne’ i gceist.
Ní úsáidtear “Ní” ar chor ar bith leis an ainm Suibhne.
Is bean pósta mise, mar sin : Hilary, bean mhic Shuibhne, nó Hilary Mhic Shuibhne an fhoirm chomhaimseartha.
An dtuigeann tú?
H

Séamas Poncán said...

Tá tú ar an bpodchraoladh an tseachtain seo, i measc daoine eile (mura bhfuil a fhios sin agat cheana).

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Bhí sé go deas gach duine a chloisint a Shéamais, grma. Glórach go leor sa chúlra áfach, beidh orm cúinne níos ciúine a fhail duit na h-agallaimh a dhéanamh i 2008!

Anonymous said...

A chara,

Ná lig dod' mhadraí dul i ngar don tortóg. Bheadh sé contúirteach dóibh. Ní maith le tortóga scaoileadh leo má bheireann siad ar madraí.

Proinsias

Darren J. Prior said...

GRMA Hilary. Ní raibh an eolas sin agam- cé go bhfuil Gaeilge agam...

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Choimeád mé an madra, Cara, ón tortóg. Bhí eagla orm go rugadh an tortóg greim as mo pheata! Níl mórán taithí agam le na créatúir seo.