Ná bí buartha, nílim ag tagairt sa theideal seo ar fhir na luascthaí le miniú nua aimseartha!
Bhí lá breá againn inné in East Haven CT. Lá na Gaeilge a bhí ann agus dream mhaith bailithe le cheile ag foghlaim agus ag baint sult as imeachtaí an lae. Tharla go rabhas féin ag múineadh ach chomh maith le sin bhíos páirteach sa tráthnóna i dtréimhse rince, Conamara Set, agus
Choimeád mé smacht ar an saol….. ach taobh istigh leath uair bhraitheas an pian ag dul ó ísleacht mo dhroim síos mo chosa…….. abhaile luath liomsa le cabhair ó Chait Thopsey sa bhfoirm Aspirin agus Seacláid agus ó Johannah Mackey mo mhála a iompar go dtí mo charr.
Táim ceart go leor (le roinnt mhaith drugaí aréir agus ar maidin) ach bhí an craic “nócha” ag an lá mór inné.....Ochón agus orm íoc as an gcraic céanna....
Beidh mé ar ais ar mo sheanaléim i gceann cúpla lá.