Friday, February 22, 2008

Craic agus Comhluadar

Bhí an deireadh seachtaine seo chaite go breá, mar a bhíonn i gcónaí nuair a thagann dream áirithe le cheile. Tá sé suimiúil a fheiscint anois an méad daoine atá ag obair in áiteanna difriúla ar son na Gaeilge. Beidh féile na Gaeilge nó deireadh seachtaine na Gaeilge ar siúil áit éigin sa timpeallacht seo, nach mór gach seachtain, go dtí mí Iúil! Is iontach an rud é go bhfuil daoine ag obair le cheile an teanga a chur chun cinn, téann cuid mhaith daoine ó féile amháin go féile eile ag iarraidh tacaíochta a thabhairt agus ag baint súp as gach eachtra chomh maith. Ba mhór an spraoi a bhí againn in Esopus agus níl rud ar bith níos fearr ná a bheith ag foghlaim agus ag bhaint súp as an saol ag an am céanna.

Bhí an t-ádh linn go raibh cuairteoirí ó Éirinn linn an uair seo, Siuán Ní Mhaonaigh agus Antain Mac Lochlainn. Bhíodar ag caint linn faoi a leabhar nua Speaking Irish, an Ghaeilge bheo atá foilsithe ag McGraw Hill. (Tá praghas iontach díreach anois ó Amazon níl a fhios agam cén fáth...)

Tagann an leabhar seo le DVD agus is í an chuspóir atá ann ná seans a thabhairt d’fhoghlaimeoirí éisteacht / féachaint ar roinnt daoine le sár Gaeilge, ag labhairt i stil nádúrtha, i gcanúintí difriúla, faoin ábhair céanna. Ansin tugann an leabhar féin tacaíocht don foghlaimeoir le mínithe na cora cainte éagsúla agus chomh maith le sin, le na h-agallaimh i gcló sa Ghaeilge i dtús an leabhair, agus ansin ag deireadh an leabhair
faightear aistriúcháin na n-agallamh uile chomh maith. Déarfainn go mbeadh an córas seo an úsáideach ar fad, ní h amháin i gcás foghlaimeoirí ar an mheán nó ar an ard leibhéal teacht ar líofacht, ach i gcás daoine atá beagnach líofa agus ag iarraidh dul le canúint amháin, nó fiú daoine beagnach líofa i gcanúint amháin le beag seans teacht ar na gcanúintí eile agus easpa muinín acu dá bharr sin…Bheadh an leabhar agus DVD seo oiriúnach do gach foghlaimeoir dúthrachtach, díograiseach.
Tá an córas seo bunaithe ar an teanga labhartha amach is amach agus déarfainn go bhfuil cumas maith sa teanga labhartha an tslí cheart teacht ar chumas na teanga go h-iomlán.

No comments: