Monday, June 23, 2008

Trén bhFearann Breac

Chuireas píosa den dán seo thuas cheana.

Trén bhFearann Breac le Colm Breathnach
I

Ní labhraíonn sí a thuilleadh liom, an áit seo,
Is níl aon bhuanaíocht ag mo theanga níos mó inti.

Níor chuaigh mo phréamhacha síos ach fad áirithe
is táid ag dreo anois cheal taca uaithi.

Caitheadh salann ar an scraith uachtair
is treabhadh síos é go dtí an t-íochtar.

Ní féidir léi tál a thuilleadh ar a muirín
ar mo thalamh féin is fás coimhthíoch mé.


II

Ar an mbóthar idir dhá chathair
go bhfuil dhá ainm ar gach ceann acu
léim na focail ar na comharthaí.

Táim ag taisteal trén bhfearann breac
is tá dhá ainm ar gach baile ann

Claonadh – Clane
Cill Dara – Kildare
Baile Dháith – Littleton
Cúil an tSúdaire – Portarlington

an t-ainm dúchais
sa chló iodálach
claoninsint ar stair na háite,
an t-ainm dúchais
sa chló is lú
faoninsint ag dul ó chlos . . .


III

Ag taisteal dom trén bhfearann breac
téim ón dubh go dtí an geal
ag gluaiseacht ar m’aistear claon
is fiar é an bealach a théim.
Is mé an ridire a ghabhann an timpeall
d’fhonn teacht de ruathar aniar aduaidh
ach tá caisleáin ann nach n-ionsód
is cléirigh romham gur mór a mbród
mo ríon féin is baolach nach gcosnód,
táim teanntaithe ag ceithearnaigh sa ród.


IV

Idir dhá dhath
idir dhá fhocal
idir dhá ainm
idir dhá aigne
idir dhá áit
idir dhá theanga
a chaithim mo shaol
idir dhá shaol.

No comments: