Tuesday, July 22, 2008

Féile Cheoil

Is féile cheoil thar aon rud eile í Féile na Catskills anseo i Nua Eabhrac. Chuala mé trácht uirthi le fada anuas ach ní raibh seans agam dul ann, bheadh rud éigin i gcónaí idir lámha agam ar an tréimhse céanna, agus ní ceoltóir mé ach oiread, agus níor thuig mé díreach go dtí i mbliana cad a bhí i gceist ansin.

Chuala chomh maith nach raibh ann ach leithscéal chun na dí í ag dream mór le leath suim sa cheol agus os rud é nach nglacaim le tuairimí daoine eile de gnáth (go mór mhór más féidir teacht ar mo thuairim féin i slí éigin) bhí orm fiosrúcháin a dhéanamh dom féin. Cheapas chomh maith i mbealach nach mbeadh mórán domsa ag an bhféile seo mar do bhíos faoi tionchar na sean scéalta sin is dócha…ach ar ndóigh bhíos mí-cheart agus áthas orm é sin a admháil.

Leanann an fhéile seo seachtain amháin, bíonn ranganna cheoil, damhsa, amhránaíocht agus Gaeilge (don chead uair i mbliana) i rith an lae, maidin agus tráthnóna. Ansin san oíche bíonn siamsa i ngach áit, idir ceol agus damhsa. Seisiúin oscailte le fáilte roimh na foghlaimeoirí uile a bheith páirteach agus seisiúin eile faoi smacht ceoltóir amháin abair agus é nó í i gceannas cé eile a bheadh páirteach. Tuigim go bhfuil an dá cineál de dhíth, seans do na foghlaimeoirí cleachtadh i slí bheo agus ansin sna cinn dúnta sin seans do na ceoltóirí proifisiúnta /múinteoirí a bheith ag seinm le cheile……Bhí ceolchoirmeacha oifigiúla ar siúil an t-am ar fad i bpailliún agus i bpobal mór chomh maith. Bhí sé thar a bheith ghnóthach! Chaitheas cúpla lá thuas ansin le cairde agus an fhadhb amháin a bhí agam ann ná teacht ar an méid eachtra a bhí uaim. Is minic a bhíos in áit amháin le fios go raibh ceol iontach in áit eile ag an am céanna …ach amháin gan fonn bogadh chomh breá is a bhí an ceol ‘s an t-atmaisféar sa chéad áit! Faraoir….. go rabhas uileláithreach! !


Bhí céilithe ann gach oíche chomh maith ach theip orm a bheith páirteach, agus is aoibhinn liom damhsa…ach arís bheadh orm a bheith uileláithreach !…ach ó ba rud é nach raibh céile damhsa liom an uair bheinn caillte sna seiteanna…D’fhanas leis an gceol.


Bhí ceoltóirí den scoth páirteach ó gach áit sna SAM agus ó Éireann agus cuma orthu uile go rabhadar ag baint taitneamh as an tréimhse le cheile. Ní gá liosta ainmneacha a chur anseo, mar tá siad go léir ar an suíomh oifigiúil, féach, agus anseo, ach bhí na ceoltóirí mór le rá uile páirteach agus luaigh sean cara liom Jerry O’Sullivan liom gur í seo an féile is fearr anois sna SAM, dar leis, ó thaobh caighdeáin an cheoil de…

Bhaineas féin an taitneamh as an gceol muintire, na Mulcahys. Chuala mé trácht orthu cheana ach níor chuala mé beo iad riamh go dtí seo, chomh éirimiúil agus atáid……… Ach bhí ceol bhreá le chloisint gach uile áit sa bhaile seo ó lár an lae go geal na maidine.

Bhaineamar, triúr againn a bhí le cheile ann, an sult as an sos gearr, cé nach raibh mórán sosa lae ná oíche dúinn! Agus deas chomh maith go raibh gaeilge le cloisint thuas ansin. Mar a dúirt Tim Collins dom, nach bhfuil siad fite fuaite le cheile? ………. Tá, agus bhí an teanga le cloisint uaidh, ó Jerry, luaite thuas, ó Gearóid O hAllmhuráin, ó
Jimmy Crowley ó Daithi Sproule agus ó ana chuid eile a bhí páirteach chomh maith…….

Is é Paul Keating a chuireann le cheile an fhéile mhór seo agus ní h-aon dóithín í a eagrú déarfainn, is mór an buíochas atá tuillte aige dá barr.

Déarfainn go raghad arís an bhliain seo chugainn.

No comments: