Monday, September 22, 2008

An Chéad Lá Fhómhair, 2008

Tosaíonn an Fómhar go h-oifigiúil inniu, an 22ú lá de mhí Meán Fómhair. Tagann filíocht san aer nuair a casann na séasúir, dar liom. Inniu tá ciúnas san aer, gach rud séimh. Tá sé tirim agus geal lasmuigh, níor chuala mé trácht ar stoirm ag teacht... cuma socraithe ar an spéir. Níl sé te, ach bíonn sé fionnuar sa mhaidin le tráthnónta grianmhara. Tá na laethanta brothallacha imithe uainn anois.

Is cosúil go bhfuil fianna an cheantar seo in ann Gaeilge a léamh agus bíonn siad in ann teacht ar an suiomh seo i slí éigin..... ní rabhardar ró shásta liom le déanaí agus mé ag gearán fúthu anseo....…Tá roinnt céimeanna chuig ár ndoras tosaigh, (sé cinn,) áit a bhfuil soithí móra phlanda suite agam, ceann ar dheis agus ceann eile ar chlé. Táimid lonnaithe anseo le trí bhliain déag anuas agus bíonn na soithí seo saor ó na fianna i gcónaí…………go dtí an tseachtain seo chaite, suas na céimeanna leo oíche éigin agus ghlacadar smailc nó dhó ó gach soitheach.

Maidir leis an toghcháin, ní dóigh liom go bhfuil ceist ar bith fágtha anois idir na páirtithe agus cúrsaí eacnamaíochta na tíre i bpraiseach ag an rialtas poblachtach. Ní féidir leo an locht a chaitheamh uathu an t-am seo cé go ndéanfaidh siad iarracht is dócha. Is trua go dtagann saint isteach san áireamh i gcónaí nuair nach mbíonn smachta de shaghas éigin i bhfeidhm. Imíonn moráltacht nó eitic as an bhfuinneog. Is trua.

Inné bhí droch scéal ar an NY Times faoi saint san LIRR (Long Island Railroad) a chur déistin orm.

Táim ag súil le dul ag siúil am lóin in aer úr an Fhomhair

2 comments:

Maidhc Ó hAodha said...

Go raibh maith agat do do "bhlogs", a Hilary. Scríobhaim na focail ar an bpáipéar agus aistrím iad. Bheul, táim ag iarraidh rud a dhéanamh. Déanaim mo dhícheall; áfach, tá sé deacair uaireanta. Is maith liom do "bhlogs". Bíonn siad an-suimiúil i gcónaí.

Slán go fóill,

Maidhc

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Go raibh maith agatsa a Mhaidhc!
Hil