Sunday, October 05, 2008

Comhluadar na Cistine!

Lasamar an tine sa chistin inniu den chéad uair an fómhar seo, bhí sé ag cur báistí an oíche iomlán agus bhraitheas an tais san aer, fiú amháin laistigh, chomh luath agus a d’éirios le fáinne an lae. Ní fheadar cén fáth a raibh mé i mo dhúiseacht chomh luath sin mar ní raibh rud ar bith práinneach le déanamh agam inniu ach fós féin do dhuisíos luath agus lán de fuinneamh.

Tháinig áthas mór orm agus ar Cara an tine a fheiscint arís sa chúinne!

Lasracha ag damhsa!

Sean chara thar n-ais!

Comhluadar na cistine!

2 comments:

Eve Butler said...

Ta do mhadra go halainn!!

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Tá an ceart agat!
Ceapann sí go bhfuil sí fós ina coileáin, cé gur sean mhadra ceithre bhliain déag atá inti.