Tá tús an earraigh buailte acu in Éireann cheanna ach táimid fós i lár an gheimhridh anso i Nua Eabhrac, ach fós féin feicim go bhfuil, i bhfocal Raifterí, na laethanta ag dul chun síneadh. Ardóidh mise mo sheolsa oíche Déardaoin seo atá ag teacht le turas ó thuaidh arís, nós atá agam beagnach gach deireadh seachtaine, ó chuir mé i mo cheann é roimh na Nollaig agus ní stopfaidh mé choíche go dtí go bhfuilim i lár na hAdirondacks (fásach i dtuaisceart an stáit seo.) gach aon seans a bheidh agam fad a mhairfidh séasúr an tsneachta
Monday, February 02, 2009
Ceiliúradh Lá Fhéile Bríd ach gan an t-Earrach.
Bhí oíche bhreá againn san Ard Chonsalacht ar an 30ú lá, ceiliúradh Lá Fhéile Bríd a bhí ann. Bhí ceol, amhránaíocht, léitheoireachtaí filíochta againn ó nach mór gach ceantar in Éireann! Bhí bia blasta agus deoch go flúirseach le fáil i spiorad na hÉireann agus fáilte uí Ceallaigh roimh gach uile dhuine ó Breandán Ó Caolaí, leas-chonsal, a bhean cheile Carmel 
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
 
3 comments:
Tá blaiseadh den gheimhreadh le sioc agus sneachta againn abhus.
Níl Earrach Éirinn ann fós!
Téamh Domhanda, tá's agaibh...
Is dócha go bhfuil an ceart agat a Shéamais, ach is aoibhinn liom an sneachta!
Braithim níos fuaire in Éireann i gcónaí os rud é go mbíonn sé chomh tais ansin, i bhfad níos taise ná anseo, ní bhaineann an teocht le teas!
Post a Comment