Friday, January 01, 2010

Deichiú na Céide Caite Cheana



Beannachtaí na hathbhliana daoibh agus fáilte roimh 2010. Tá deichiú na céide caite againn cheana féin. Níl sé ró fhada ó laethanta na himní sin deich bhliain ó shin agus sinn tógtha go mór le ceist na ríomhairí agus conas a n-éireoidís thar deireadh na fichiú haoise.
An tathrú is mó a fheicimse ó deich mbliana ó shin ná an ról níos lárnaí a bhíonn ag na ríomhairí inár saolta! Seo linn inniu: maidin chiúin, an chéad mhaidin i 2010, an tine lasta, bricfeasta ite, an tarna caife ólta, scéalta na gcóisirí ó aréir go léir ráite….feictear triúr sa tigh seo s’againne agus mar a tharla trí ríomhairí glúine ar siúil! Tá an sneachta ag snámh anuas chugainn agus radharc an deas agam ar Oven Mountain trí fuinneog ar chúl an tí. Tá brat úr bán ar an mbothairín, an tslí amach, idir ár dtigh agus an príomh bóthar, griangraf thuas, síocháin i réim.

Ach tá smaointí eile ón gcéad deichiú na céide le feiscint anseo, agus bíonn misneach uaim feachaint siar orthu siúd. An ndéanann sé maitheas nó damáiste feachaint ar na griangraif sin?

1 comment:

Unknown said...

Go raibh maith agat a Hilliary as na griangraif a roinnt linn.Nach drochscéalta a bhformhór? Athbhliain duit féin is do chlann.