Saturday, February 19, 2011

Eimear i gCeannas

Chonaic mé an díospóireacht idir Micheál Martin, Enda Kenny agus Eamon Gilmore ar TG4 ar maidin inniu. Bhí sé ana mhaith; suimiúil, beoga agus bhain sé le hábhair mhóra na laethanta seo i gcúrsaí eacnamaíochta na tíre - bhí sé i bhfad níos fearr ná mar a cheapas go mbeadh. Bhí an triúr acu compordach ag caint agus ag míniú a bpleananna, agus na cinntí riachtanacha atá os a gcomhair sa ghéarchéim eacnamaíochta idirnáisiúnta seo ina bhfuilimid. Bhí sé éadrom in amanna chomh maith, "ná bí ag déanamh amaideachta" a dúirt MM le EK uair amháin nuair a bhí mo dhuine ag cur isteach air. Tá sé soiléir go bhfuil suim ag an triúr acu sa teanga chomh maith, cé go bhfuil drochscéal amuigh faoi EK le déanaí maidir léi, tuigeann an triúir go bhfuil fadhb nach beag ann nuair a thagann daoine óga amach ón scoil gan mórán cumas cainte acu agus suas go ceithre bliana déag caite acu á foghlaim, agus níos measa fós dar liom: easpa measa! Tá slite difriúla acu an fhadhb seo a réiteach. Rud amháin gur féidir leo a dhéanamh ná an teanga a labhairt níos mó, i bhfad bhfad níos mó, ar dtús, ní chuireann sí isteach orthu, mar sin bheadh sé éasca dóibh é seo a dhéanamh!!! ach i ndáiríre léireoidís fíor ceannasaíocht maidir leis an teanga agus an straitéis úr dá rabhadar toilteanach í a labhairt gach lá, agus léireoidís nach bhfuileadar toilteanach sláintíocht na teanga a fhágáil ar ghuaillí na bpáistí sna bunscoileanna agus na daoine óga san ard scoileanna.

Ba mhaith liom seit an stiúideo chomh maith, iad gar go leor le chéile ag an mbord sin, níos fearr dar liom ná an seit cúpla lá ó shin ar RTÉ agus an cúigear ann, Gerry Adams agus John Gormley in éineacht leis an triúr seo, agus iad go léir ina seasamh píosa óna chéile. (cuma dhíospóireachta na tíre seo le tamall anuas).

Dhein Eimear Ní Chonaola an jab ar fad mar stiúrthóir, níor chuir sé amach ná isteach uirthise an triúr seo a choimeád ar an bpointe, beacht agus faoi smacht! Bíonn Frontline agus Primetime againn ar RTÉ, cláir bhreátha. Bheadh sé iontach níos mó cláir teilifíse ar an leibhéal seo a bheith againn trí mheán na Gaeilge agus Eimear ina gceannas. Faire Miriam!

Is fiú féachaint ar an díospóireacht seo, agus tá do rogha agat, gan nó le fotheideal.

No comments: