Thursday, January 14, 2021

An Cluiche, gearrscéal

 


Cnámh Bailiúchán gearrscéalta ó pheann Eoghan Mac Giolla Bhríde.
Foilsithe ag Éabhlóid 


An Cluiche


Is déagóir a insíonn an scéal seo, fear óg, ar leac aois an fhir, a oibríonn i bpub beag agus é ar a laethanta saoire ón scoil - saoire an tsamhraidh - i lár sráidbhaile réasúnta ciúin áit éigin i dTír Chonaill. Aimsir bhrothallach atá ann, tá an pub dorcha taobh istigh, athrú mór ón saol amuigh.

Chuaigh sé chuig an phub luath an tráthnóna seo chun féachaint ar cluiche tábhachtach a bheadh le feiscint ar an teilifis ansin. B'fhéidir nach raibh TV acu sa bhaile? nó, b'fhéidir go raibh suim aige am breise a chaitheamh i ríocht na bhfear. Ní gá dó leithscéal a bheith aige dul thar leac an dorais anois agus post aige ansin le coicís anuas. Bhain sé sult as comhrá na bhfear, luaigh sé go raibh cuid acu ar aithne ag a Dhaid féin. Bhí aithne aige orthu go léir faoin taca seo seachas beirt. Chonaic sé an bheirt céanna thíos staighre nuair a bhí sé sa siléar, chuir sé ionadh air iad a fheiscint thíos ansin ag teacht amach as seomra sa chúl. Chonaic sé fear a 'tí, Proinseas, i gcomhrá go ciuin leo sa bheár ina dhiaidh sin. Ní sé cad a bhí eatarthu ach leid ní bhfuair sé. Bhuail boc isteach ar ball agus d'imir sé drochchleas ar Phroiseas.

Ba léir go raibh meas ag an scéalaí ar Phroinsias, d'fhoghlaim sé cleas beag uaidh -conas barra a bhain de bhuidéal oráiste mar fhear tart ag oscailt bhuidéal beorach. Bhí Proinsias cneasta agus flaithiúlach leis. Ach roimh deireadh na hoíche sin d'fhoghlaim an déagóir nár thuig sé gach rud a bhíonn ar siúl idir fir, go mbíonn slite ann i saolta na bhfear chun duine a bhualadh i gcluiche, nach raibh baint ar bith le comórtas peile, agus chun déileáil le deachtrachtaí anaithnid. Bhí an laid beagáinín míchompordach leis an eolas seo agus tháinig míshuaimhneas air. 

Tá an scéal scriofa sa chéad pearsa agus i gcaniúnt Uladh mar chuimhne an fhir óg. 

No comments: