Friday, February 02, 2007

Ar Aghaidh an Chatha

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi cara agam Aralt MacGiolla Chainnigh. Is as Canada é, lonnaithe i gKinston, agus maireann sé i gcroí na teanga thuas sa tír sin. Eagraíonn sé deireadh seachtainí na Gaeilge gach bhliain agus i mbliana beidh Comhdháil NAACLT faoina chúram chomh maith. Tá plean idir lámha aige le tamall fada anuas Ionad na Gaeilge a shocrú, le leaba agus loistín in áireamh, go mbeifeá in ann dul agus saoire a ghlacadh i suíomh cuideachtúil an teanga a fhoghlaim, Gaeltacht bheag mar a déarfá!

Bhuaileas leis roinnt blianta ó shin agus ba léir ón gcéad dul sios go duine díograiseach é ar son na Gaeilge agus is dócha ar son aon rud a bhíonn tábhachtach in a shaol. Is deacair an jab é dúthracht chun oibre a thomhas?…..Braitheann sé ar phearsantacht is dócha, agus as sin níl aon freagra ceart….. ach amháin go ndéanann an duine aonair a dhícheall ar son a chúraimí féin, cibé cúram atá i gceist agus dar liom, luach gach cath a thuiscint, más féidir, sula cáitear croí agus anam isteach ann. Sin an fealsúnach atá agamsa. (go mór mhór ag déileáil le déagóirí….ach i ndairíre...b'fhéidir mórán cinntí.)

Le déanaí bíonn Aralt i dtroid lena fostóir, Arm Ceanada. Tá na sonraí anseo. Beidh cás cúirte sa chúirt cónascach i mbliana aige. (Ní raibh a fhios agamsa go dtí gur léigh mé an píosa seo go raibh banríon Eilís a dó fós ina Banríon Ceanada.....) Tá súil go mór agam go n-éiríonn gach rud go geal le Aralt agus é ar an turas contúirteach aighneasach seo.
Bíonn teacht aniar nach beag ag an ndíograiseoir seo!

Wednesday, January 24, 2007

Doras na Filíochta

Tháinig an Irish Times inné agus léigh mé colún na marbh faoi Seán Mac Réamoinn.
Bhí an t-ádh dearg liom go bhfuaireas bronntanas tá seacht mbliana nó níos mo ó shin dá chlár raidió The Pleasures of Gaelic Poetry. Téipeanna atá iontu don clár iomlán, sraith léachtaí atá i gceist le léachtóirí eagsula. Tá siad ana mhaith agus d’oscail siad doras na filíochta os mo chomhair arís. Ba é Seán Mac Réamoinn príomh eagarthóir ar an gclár raidió seo timpeall 1985. Tá orm éisteacht orthu arís.
Ar dheis Dé go raibh sé.

Monday, January 22, 2007

Gradam Mór na Scannán

Fuair Little Miss Sunshine gradam mór aréir. Luaigh mé an scannán cúpla uair anuraidh agus arís le déanaí agus mé a rá gurb é an ceann is fearr a chonaic i 2006. Is dócha go raibh na moltóirí uile ag léamh an bhlog seo, nach iontach an rud é go bhfuil an méad sin Ghaeilge amach anseo sna SAM!!!

Friday, January 19, 2007

Cupla rud

Chuala mé ó Chríostóir Mac Liam go mbeidh an t-údar Colm McCann, luaite anseo cúpla uair anois, ag tabhairt cuairt ar an leabharlann poiblí ar ascaill a cúig agus sráid daichead ‘s a dó ar an 30ú lá de Mhí Eanáir. Beidh mise ag múineadh Gaeilge an oíche úd!

Lean mé le mo chuid léitheoireachta agus críochnaigh mé Mendel’s Dwarf le déanaí.
An suimiúil, glac mé gan mórán staidéir ón leabharlann é agus tharla go raibh sé i slite bunaithe ar an téama céanna agus a bhí Zoli (McCann). Tá níos mo leibhéal ann áfach. Scéal stairiúil faoi Gregor Mendel agus Genetics agus an fhorbairt i eugenics, mar ábhar taighde ag roinnt eolaithe ag tús na céide seo chaite. Tá scéal an príomh carachtair, abhac agus taighdeoir ab ainm Dr Benedict Lambert, ó ár linne, fite fuaite i scéal Gregor Mendel agus a fhoirbairtí. Is trua an saol atá aige ó thaobh ciníochas, fíor agus samhlaithe aige, grá, uaigneas an duine aonar agus droch mothuchán; féinfuath. Is ficsean agus fíorscéal le cheile é.

Beidh deireadh seachtaine chiúin agam tar éis seachtaine ró ghnóthach. An teach dom féin agus an chlann i Utah ag súil le teacht ar sneachta!

Thursday, January 18, 2007

As Láthair.

Beidh mé as láthair tamaillín gearr de dheasca brú oibre, b’fhéidir seachtain nó dhó eile. Ar ais chomh luath agus is féidir.

Tuesday, January 09, 2007

Leonard Lopate agus Colum McCann

Chuala mé Colum McCann ag caint le Lennie Lopate (táim i ngrá lena ghuth) inniu ar WNYC ( Staísiún poibli agus an stáisiún is fearr i NYC! 93.9fm) Bhíodar ag plé leabhair nuafhoilsithe anseo ó pheann McCann, Zoli. Luaigh mé anseo é an tseachtain seo chaite. Tá an leabhair díreach tar éis teacht isteach sna siopaí. Fuair mé mo cheannsa in Eirinn ag deireadh Deireadh Fómhair.

Bhí an comhrá suimiúil, thug Colum McCann cúlra an scéil dúinn. Is féidir éisteacht ar an agallamh anseo.

Sunday, January 07, 2007

Nollaig na mBan

Tosaíonn an fíor bhliain úr tar éis Nollaig na mBan, dar liom. Go dtí sin bíonn séasúr na Nollag i mbarr réime, ionamsa ar aon nós, agus cé go mbím toilteanach a bheith páirteach i bhfeilte na hathbhliana ní shocraímse ar phleananna i gceart go dtí an lá seo, an 7ú lá de mhí Eanáir.

Ghlac mé ár maisiúcháin na Nollag anuas inné. Mhúch mé mothúcháin na féile agus inniu chas mé chuig na cinntí uile nua don bhliain úr.

1) Níos mó léitheoireachta. Tá sé soiléir dom ón méad a léim go bhfuil orm níos mó a léamh…..bíonn níos mó le foghlaim i gcónaí! Osclaíonn gach leabhar maith suim agam in ábhair eile. Níl deireadh leis. Coimeádfaidh mé cur síos ar mo chuid léitheoireachta i nasc anseo ar dheis. (Chomh luath agus atá an t-am agam é a chur le cheile…) … Chríochnaigh mé The Razor’s Edge le Somerset Maugham inniu, leabhar iontach.

2) Níos mó aclaíochta. OK. Bíonn an ceann seo ag gach uile duine ach is fíor a rá go ndéanann sé maitheas don chorp agus gan amhras as sin tagann maitheas chuig an t-anam.

3) Ceannóidh mé níos mó bláthanna úra sa gheimhreadh. Bhíodh an nós seo agam i gcónaí ach ó bhog siopa na mbláthanna ó mo bhaile féin go dtí foirgneamh eile cúig míle uaim bím ró leisciúil dul ann ró mhinic. (Bíonn bláthanna úr laistigh agam gan trioblóid sa samhradh ó mó ghairdín féin)

4) Déanfaidh mé iarracht smacht a choimeád ar an méad ama a chaithim ag scuab tonnta ar an ngréasán!

Sin an méid.

Friday, January 05, 2007

Cá bhfuil na Gaeilgeoirí?

Chuir Tom Abernathy an nasc seo chugam inniu ón Guardian. Suimiúil. Bíonn na Gaeilgeoirí ann…. ach faraoir is minic a bhíonn siad i bhfolach!
Tagann siad amach sna oícheanta mar na caocháin!

Bata agus Bóthar

Nuair a léigh mé Dé Chéadaoin go bhfuair Robert L. Nardelli bata agus bóthair ó Home Depot ní raibh mórán ionaidh orm, nochtaigh sé chomh aineolach agus atá sé nuair nach raibh sé toilteanach ceisteanna na scairshealbhóirí a fhreagairt anuraidh..........Ach cad faoin mbronntanais deas sin ina chúl phóca? $210 milliún. (An leor sin don fear bocht?……) Cén saghas stiúrthóirí atá ann? Tá dream nua ó na scairshealbhóirí sílim.

Rinne mé an cinneadh ansin díreach an siopa seo a sheachaint ach aréir bhíos ag siopadóireacht ar son gléas níocháin nua (don gréithe, thosnaigh an seana cheann ag sceitheadh) agus tharla nach raibh an ceann atá uaim le fáil i Sears….ach bhí sé le fáil in Home Depot, dúradh linn. Ceann áirithe atá i gceist má théann sé faoin doirteal, ní bhíonn na cinn seo le fáil gach áit.
Hmm….Bhíos díreach tar éis cinneadh a dhéanamh an siopa seo a sheachaint……. Bhí orainn taighde a dhéanamh teacht ar an ngléas i siopa eile agus d’éirigh linn sa deireadh i Lowes.

Níor lean an Líonra Sóisialta ró fhada?

Thursday, January 04, 2007

Leabhair eile.

Rinne mé dearmad ar Catcher in the Rye. Leabhar iontach eile. Bá choir do chách é seo a léamh, staidéar ar aigne an déagóra agus é faoi bhrú na cailliúna cé nach dtuigeann sé (nó aoinne eile) é seo. Braitheann an léitheoir pian an déagóra agus ba mhaith leat cabhair de shaghas éigin a thabhairt…… Leabhar gearr agus an-láidir a fhanann leat tamall fada tar éis é a bheith léite agat.


Léigh mé The Year of Magical Thinking chomh maith anuraidh agus cheapas go raibh sé go dona. Is leabhar mór le rá ó pheann Joan Didion é faoi cailliunt chomh maith agus anois beidh dráma i NYC bunaithe air le Vanessa Redgrave sa phríomh ról. Nuair is duine mór le rá thú is féidir aon rud a cur amach agus bíonn an fan club sásta leis! Cheapas go raibh an leabhar seo lag.

Tá orm liosta leabhar a choimeád i 2007.

Tuesday, January 02, 2007

Deireadh 2006. Tús 2007

Tá deireadh 2006 buailte linn!

Bíonn saghas blais ar gach bhliain dar liom, bunaithe ar na heachtraí uile pearsanta a tharlaíonn i dteannta cúrsaí an domhain mór a cuireann anáil fúinn.
Bhí 2006 go maith tar éis an tsaoil, cé gur cheapas nach raibh sí ró mhaith anois is arís, cad é cogai agus araile, ach bhí.

Chaill mé buan cara amháin. D’imigh sí ar shlí na fírinne i lár an tsamhraidh nach mór seacht seachtaine tar éis a fháil amach go raibh ailse uirthi. Nílimse ró mhaith le cailliúint ach ní féidir éalú ó scéalta mar seo, bíonn siad againn uile. Ní raibh cothrom na féinne ann, ach cathain a bhíonn?….…. Smaoiním le h-áthas go raibh aithne agam uirthi le breis agus fiche bliain….Cloisim go soiléir fós a guth deas bog.

Tá mo chlann féin go breá, ní raibh idir tinneas nó trioblóid troma orainn le linn 2006, buíochas le Dia. (Fiú tá mo lámh ag dul i bhfeabhas cé nach bhfuil sí ceart fós. Bím cúramach go leor léi.)


Iar Fhocal: Ba iad na CD’s ab fhearr a fuair mé i mbliana ná Bob Dylan, Modern Times (ana mhaith) agus Bonnie Raitt, Fundamental (sean CD ó 1998 ach fuaireas i mbliana é, tá gach amhrán go h-iontach ar fad).
Leabhair: Níl siad in aon ord ach bhaineas taitneamh as Reservation Road, The History of Love, agus Chasing Daylight, cinnte go raibh ceann nó dhó eile san áireamh ach ní féidir teacht orthu anois, (tá orm liosta a choimeád i 2007.) Táim i lár Zoli anois, (go maith) agus beidh Razor’s Edge idir lámha agam an tseachtain seo chugainn, gealladh go bhfuil sé go breá.
Scannáin: Cheapas go raibh Little Miss Sunshine go breá.

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh.


Saturday, December 23, 2006

Tuesday, December 19, 2006

Club Leabhar

Tháinig mo chlub leabhar le chéile cúpla lá ó shin, teacht le cheile na Nollag a bhí ann i mbialann deas frainchise, gan leabhar! Aisteach mar is í cúis ár gcairdeas ná leabhair….Tá an club beo beagnach dhá bhliain déag agus tagaimid le cheile gach sé seachtaine nó mar sin leabhar a phlé. Tá triúr ón gcéad ceathrar fós páirteach agus beirt eile linn le breis agus sé bhliain. Anois agus duine des na bunaitheoirí taréis bogadh go N. Carolina cúpla mí ó shin agus cuigear fághta sa chlub seo, táimid ag iarraidh teacht ar bhall nó dhó eile.
Ach níl sé simplí!
Tá uainn duine le suim i léitheoireacht de gach saghas!
Cheapfá go mbeadh sé seo sofheicthe ach bhí duine páirteach tá cúpla bliain ó shin gan fíor suim aici i léitheoireacht, dar liom. Muna raibh suim aici sa leabhar a bhí roghnaithe againn níor léigh sí é ar chor ar bith agus chuir sé sin isteach ar gach duine eile. (Ní raibh suim aici i rud ar bith taobh amuigh de feimineachas… bhuel bíonn suim againn uile san ábhar sin ach nach bhfuil roinnt mhaith ábhair suimiúla eile sa domhan?)
Le sin bíonn ar gach ball a tuairimí a mhíniú agus a bheith páirteach sa phlé. Bhí bean an deas páirteach ar feadh bliain go leith nó mar sin, ach drogall uirthi aon rud a phlé…ní fheadar an raibh tuairim aici nó nach raibh mar do bhíodh eagla uirthi cur isteach ar éinne, nó a bheith páirteach i gceart sa chomhrá. Aontódh sise le daoine eile i gcónaí…..

Bíonn suim i mbia maith agus fíon tábhachtach. Ní gá níos mo a rá faoi sin.
Féith grinn.
Dearcadh neamhspleách leathan…………agus araile!

Wednesday, December 13, 2006

Is olc an ghaoth nach séideann maith do chat éigin.

Is é an aclaíocht is fearr do mo lámh le déanaí ná a bheith ag cuimilt an chait, bíonn sé bog agus goradh agus coimeádann sé mo lámh ón bhfuacht a bhíonn ag teacht isteach inti ó easpa na gluaiseachta.
Bíonn Púca lán sásta a bheith ina ghléas aclaíochta.

Nil sé pianmhar sa chaol lámh níos mo, nimhneach fós san uilleann agus lastuas di áfach.
Cuig lá fágtha ar na piollaí!

Tuesday, December 12, 2006

Pidgin

Bím ag iarraidh béarlachas a sheachaint ach tagann sé isteach i ngan fhios dom, bím ag faire áfach… Ní thuigim an té a ligean go bhfuil ard chaighdeán na teanga aige/aici agus botúin agus béarlachas breactha inti, idir a t(h)eanga labhartha agus a t(h)eanga scríofa.

Bíonn ceann idir dhá fíor.
1) Níl ard chaighdeán na Gaeilge aige/aici, nó
2) Is cuma leis/léi………(B’fhéidir nach bhfuil ard chaighdeán aige/ aici in aon teanga?)


Tuigim an fáth go bhfuil mo dhuine a scríobh an litir thíos anseo bréan de………ag an am céanna deirtear go bhfuil an teanga ag na daoine óga mar sin? Saghas Pidgin! Nó Patois mar a dúirt sé.

Fuaireas ephoist ó cara agam, chuala sí an leagan cainte deas seo ar an raidió lá “ Ní féidir leat candle a holdáil do”

Go bhfóire Dia orainn.

Thursday, December 07, 2006

TG4

Ní féidir liom an mearchlár a usáid ach le mo lámh chlé. Cheap mé go mbeadh suim agaibh sa litir seo, tháinig mé ar sa nuachtán ón deireadh seachtaine. TheIrish Times Dé Satharn. HilMhicS.

A chara, - Tá deich mbliana de chraoladh TG4 á cheiliúradh anois againn. Más fíor do dhuine de láithreoirí an stáisiúin, "tá an pingin tar éis titim" gur mór an dúshlán atá amach roimh fhoireann an stáisiúin. Nuair a chloistear a leithéid de Bhéarlachas uafásach ó chainteoir dúchais ar láithreoir teilifíse é, ní bhíonn aon amhras ann ach go bhfuil an teanga á lot agus á scriosadh lá i ndiaidh lae.

Is cinnte gur cheart botúin foghlaimeoirí a mhaitheamh óir níor tógadh leis an teanga iad agus cuid den phróiseas foghlamtha is ea déanamh botún. Níl mo chuid Gaeilge féin gan locht ná baol air ach leanaim orm ar thóir an foirfeachta in ainneoin an méid sin.

Maidir le cainteoirí dúchas agus foghlaimeoirí foirfe, áfach, tá dualgas orthu chloí le comhréir stairiúil ghramadaí na teanga agus fanacht chomh dílis di agus is féidir - go mór mór iad siúd a bhíonn le cloisteáil ar an teilifís agus an raidió.

Cinnte, bíonn difríochtaí idir an scríobh agus an chaint bheo ó am go chéile ach, tríd is tríd, ní mór tús áite a thabhairt do dhul an dúchais agus don chruinneas taobh istigh de pharaiméadair canúna, mar atá déanta go hiontach ag foireann Raidió na Gaeltachta le tríocha bliain anuas. An bhfuil sé seo á dhéanamh ag foireann TG4?

In ainneoin a bhfuil ráite ag duine nó beirt de na haisteoirí is sine de chuid Ros na Rún agus iad ag ceiliúradh deich mbliana ar an aer le déanaí, táthar ag géilleadh don patois nua seo ar an gclár sin gan staonadh gan stad. Níl sé ach cúpla bliain ó shin ó cuireadh i leith an charachtair Mack go raibh sé "ag tógáil advantage de chailín". Idir an dá linn, is cosúil go bhfuil sé "suas dúinn féin an chraic a dhéanamh".

Ar deireadh, más fíor don chlár deireanach, tá rud éigin "ag dul ar aghaidh" idir an carachtar Bernie agus an sagart paróiste. Ós rud é nach bhfuil cead ag sagairt pósadh go fóill, is dócha gurb shin "an chaoi atá cúrsaí". "Cén chaoi a bhfuil tú" a deirtear sa chaint bheo ó tháinig an teanga ar an saol. Níor chuala mé "cén chaoi atá tú" ag aon duine beo riamh.

Is cinnte liom nár chaith Niall Ó Dónaill agus Tomás de Bhaldraithe an oiread sin dúthrachta agus dua lena gcuid taighde agus bailiúchán ar dhúchas an teanga díreach le go bhféadfadh dream beag réabhlóidithe "nua-aimseartha" droim láimhe a thabhairt leis an dúchas céanna.

An ndóigh, tá an t-ádh orainn go bhfuil leithéidí Pimp My Ride agus Nip/Tuck tagtha ar an bhfód ó shin i leith chun cabhrú linn feabhas a chur ar ár gcuid Gaeilge. Súil eile? Go minic, is í tsúil cheannann chéanna í. - Is mise,

CAOIMHÍN Ó HICÍ, Baile na nGabhar, Baile Átha Cliath 14.

Monday, December 04, 2006