Chonaic mé an scannán seo "Who Killed the Electric Car?" oíche Chéadaoin. Tháinig an gluaisteán seo chun saoil i gCalifornia ó General Motors i lár na 90s, chuireadar roinnte mhaith dóibh ar an margadh mar chúis shamplach ar léas lena custaiméirí. Bhí ar GM stáisiún na haibhléise a thógáil chomh maith timpeall an stáit tacaíocht a thabhairt don triail agus ní fada go raibh an dream, gur leo na carranna, an tógtha leis an gluaisteán beag seo an EV1. Tháinig Electric Vehicle eile ar an margadh ó Seo scannán a thosaíonn le sochraid na ngluaisteán beaga seo, agus leanann an scéal ansin ag iarraidh teacht ar an bhfírinne, cé a mharaigh an carr seo? cén fáth? in ainneoin an suim mór a bhí ann ag an am san i bhforbairtí mar seo ón bpoiblí? cuireadh brú ar na gcomhlachtaí móra stop a chur ar an saothar agus na gluaisteáin uile a thabhairt ar ais óna custaiméirí agus iad go léir a mhilleadh, agus na stáisiúin aibhléise uilig a dhúnadh.
Cé a chur brú ar na gcomhlachtaí? Níl sé soiléir ach tagann na ceisteanna aníos, níl cruthú dearfa le fáil, eolas rúnda, leithscéalta ó na comhlachtaí móra ar ndóigh, fadhbanna le batteries srl, (a bhí réitithe tapaigh go leor) ach ceaptar go raibh lámh le comhlachtaí na h-ola agus an rialtas sa drochscéal.
Tá sé greannmhar agus brónach anois ag féachaint siar, bá le GM an chéad gluaisteán na haibhléise seo an EV1 agus anois, ocht mbliana dár gcionn, bíonn an comhlacht seo i dtrioblóid…………. Tháinig an Prius ar an margadh ó
Bhí an scannán an-suimiúil, cé gur thit mé i mo chodladh i lár an scéil ar feadh fiche nóiméad (ní raibh an scéal leadránach ach bhí an-tuirse orm oíche Chéadaoin agus le cúpla gloine fíona dearg caite siar agam, agus guth deas an scéalaí………..agus an tine lasta ós mo chomhair……..)
Is féidir teacht ar an scannán le NetFlicks nó fiú in Amazon

