D’imigh mé breis agus seachtain ó shin, sa bhfearthainn fhiáin, tháinig mé thar n-ais inné, an fearthainn fhiáin céanna ag feitheamh orm anso…deirtear liom go thug an ghrian cuairt ar Nua Eabhrac agus mé ar seachrán….
rud amháin atá fior: bíonn mo chiall ar seachrán uaim leis an aimsir seo.
Tuesday, March 23, 2010
Thar n-ais i Nua Eabhrac
Wednesday, March 10, 2010
An Domhan Breac / The Speckled World: The World of the Modern Irish Language Writer.
Abair sé bliana ó shin sílim chuir mé féin agus cara liom, Úna, tráthnóna filíochta le chéile san Earrach inár gceantar féinig, i dtigh Úna. Scaipeamar an focal lenár gcairde idir na Gaeilgeoirí agus iad gan Ghaeilge, agus sa deireadh chaitheamar tráthnóna iontach le chéile ag léamh filíochta, ag caint faoi fhilíocht go ginearálta - sean fhilíocht, filíocht nua aimseartha - idir Gaeilge agus Béarla, ó phinn scríbhneoirí mór le rá agus ó phinn daoine gan cáil agus ó phinn daoine a bhí i láthair chomh maith. Mar a tharla bhí beirt fhile proifisiúnta inár measc an tráthnóna sin, duine amháin acu a oibríonn sa Ghaeilge, Cathal Ó Searcaigh, agus an duine eile sa Bhéarla, Billy Collins, ach ní rabhadar ann ach mar sinn uile, daoine le suim i bhfilíocht bailithe le chéile i gcomhair comhrá. Bhí timpeall cúigear duine déag ann an lá sin agus léigh gach duine againn píosa nó dhó. Bhí an ócáid go breá agus dúirt an dream gan Ghaeilge nár chuir an easpa teangan isteach orthu , bhíodar in ann taitneamh a bhaint as na bhfocail féin, gluaiseacht agus rithim srl. . Bhí fíon go flúirseach agus bia simplí blasta againn chomh maith snas a chur ar an ócáid.
Ar aon nós thar n-ais go dtí croí an scéilín seo, is é Trén bhfearann Breac le Colm Breathnach ceann de na dánta a roghnaím go minic mar déanann sé cur síos ar saol dhuine a bhíonn idir dhá shaol, agus tuigim go mór é sin. Is í Ceist na Teangan le Nuala Ní Dhomhnaill ceann eile a roghnaím má bhím os comhair mic léinn mar sílim go dtugann an dán sin dóchas d’fhoghlaimeoirí, gur fiú an teanga a fhoghlaim, go bhfuil sí tábhachtach agus gur obair an tsaoil atá ann.
An deireadh seachtaine seo braithim go bhfuil mo smaointe ag comhchlaonadh….. Beidh Nuala Ní Dhomhnaill ag tabhairt léachta leis an teideal “An Domhan Breac / The Speckled World: The World of the Modern Irish Language Writer.” Is é seo an ócáid bhliantúil I ndíchuimhne ar Bharra Ó Donnabháin.
Beidh an léacht seo ar siúil ar a 7 iar nóin, i Glucksman Ireland House.
One Washington Mews, NYNY 1003 (ascaill a cúig agus sráid a hocht)
Beidh fáilte romhat.
Cuir suíochán in áirithe, glaoch ar 212-998-3950 (option 3) nó rphost ireland.house@nyu.edu. Tuilleadh eolais anseo.
Friday, March 05, 2010
An tSeachtain seo Chaite
Bhí an tseachtain seo chaite suimiúil. Mar a luaigh mé bhí cúpla imeacht ar siúil. Ar dtús an oíche sin sa chonsalacht a luaigh mé cheana, roinnt pictiúr anseo. Bhí dream maith i láthair, déarfainn timpeall 70, agus chuir Breandán agus a bhean chéile, Carmel fáilte mhór roimh gach éinne mar is gnách. Bhí cúpla focal ón leas-chonsal, Breándán ansin ón aire Dara Caleary ansin ó Phádraig Ó Cearúil, mé féin, amhrán ó Art Hughes agus ansin thug Carmel ról Eibhlín Dhubh Ní Chonaill agus í ag caoineadh ar a grá Art…..
Failtiú roimh an Teastas Eorpach na Gaeilge a bheidh ar siúl i mbliana i New York University a bhí i gceist agus bhaineamar uile sult as an teacht le cheile.
Ansin faraoir, bhuail stoirm sneachta isteach orainn an lá dár gcionn agus le dhá throigh den stuif bán i New Rochelle ní raibh an tarna suíochán sa bhuaile againn- bhí orainn ár Lá na Gaeilge 2010 a chur ar ceal. Aithníodh an díomá i nguthanna na daoine ar an bhfón tráthnóna an Aoine gruama sin ach ní raibh dul as… Táim ag iarraidh leis an gcoláiste teacht ar dáta eile a bheadh oiriúnach agus tá súil agam go mbeidh sé socraithe taobh istigh seachtain nó dhó.
Thursday, February 18, 2010
Spraoi agus an Teanga.
Tá leabhar nua scríofa aici "Enjoy Irish!" ag teagasc Gaeilge le ról gníomhaíochtaí, srl. Tá an leabhar seo dírithe ar an fhoghlaimeoir fásta. Tá béim leagtha ar an Ghaeilge chomhráiteach agus ar mhínithe soiléire ar an ngramadach. Tá ceachtanna simplí ann, cartúin agus Dlúdhiosca le cainteoirí dúchais.
Ansin bhí teacht le chéile ag Club Leabhar Nua Eabhrac oíche Dé Máirt le seoladh leabhar Mháirtín Ó Muilleoir, faraoir ní rabhas féin in ann dul de dheasca coimhlint oibre …tá sé ráite gur bhain cách taitneamh as. Tagann Máirtín go Nua Eabhrac go rialta agus ní theipeann sé riamh tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí teangan chomh fada agus is féidir leis… mar a luaigh sé ina bhlog féin “Ábhair iontais an Ghaeilge atá á labhairt an lá atá inniu ann i Nua Eabharc, tá an athbheochan abhus ina dhíol ionspioráide ag duine ar bith ar mó leo an teanga Ghaeilge. Leoga, díreach mar spreag an athbeochan i mBéal Feirst glún TG4, tá éacht Ghaeilgeoirí Mheiriceá ag gríosadh lucht na Gaeilge in Éirinn chun tosaigh.“ Tuilleadh anseo
Ná déan dearúd go bhfuil cúpla rud suimiúil ar siúil an tseachtain seo chugainn:
1. Lá na Gaeilge in Iona College Dé Sathairn an 27ú.
2. Fáiltiú sa Chonsalacht Dé Céadaoin 5 30 – 7 30 i gcomhair cách le suim a chumas sa teanga a fheabhsú. Féach ar www.teg.ie agsu bí linn oiche Dé Chéadaoin.
Ba mhór ag an Leas Ard-Chonsal, Breandán Ó Caollaí, agus a bhean, Carmel Callan, tú a bheith linn ag an Ard-Chonsalacht d’oíche shiamsaíochta ag a sheolfar Teastas Eorpach na Gaeilge 2010 i gcomhpháirt le Glucksman Ireland House NYU.
Dé Céadaoin 24 Feabhra 2010/February 24th 5.30-7.30 pm
Deputy Consul General, Breandán Ó Caollaí, and his wife, Carmel Callan, invite you to a cultural evening at which the European Certificate Irish Language 2010 will be launched in association with Glucksman Ireland House.
(212) 319-2554
Friday, February 12, 2010
Banríon a'Tí
Tá ar Chara bóna Eilíse a chaitheamh le déanaí. Nil sí tar éis éirí ina banríon, cé go minic a bhíonn ise an bhean is tábhachtaí sa tigh seo, dar liom, ach bhí uirthi dul faoi léasair leigheas ar a dá h-uillinn tosaigh.
Ní h-ea a deirimse libh, ní raibh sí ag fáil máinliacht chosmaideach!! Tá a fhios agam go bhfuil sí ag éirí níos sine ach níl sé chomh mór as a hailleacht féinig ....…(cé go bhfuil cuma níos fearr ar a h-uillinneacha anois, caithfidh mé a rá. ) Bhí saghas sceachaille ar gach ceann acu agus bhí an tréidlia in ann iad a gearradh uaithi leis an léasair. Ní sí ró-shásta leis an bhfaisean nua seo agus is dócha nach bhfuil an bóna seo ró-compordach ach tá sé bog go leor agus is féidir léi codladh leis gan stró. Cuireann se isteach uirthi ar staighre an cuid is mó.
Monday, February 08, 2010
Toyota Bocht
Bhuel tá na scéalta go dona cgl..... ach caithfidh mé a rá go bhfuil Toyota agam, 2001 atá ann agus chuaigh sé thar 200,000 coicís ó shin ; ghlacamar an pictiúr seo. Ní raibh carr againn agus an méid seo air riamh cheana! Tá beagnach 200,500 ar anois. Ní raibh mórán trioblóide againn leis agus tá súil agam nach mbeidh amach anseo mar níl plean againn ceann nua a fháil.
Tá cuma an deas air fós agus bíonn sé i gcónaí compórdach ar turas fada.
Sunday, January 17, 2010
Club Leabhair NYC
Ba chaillteoiri an cuid is mó acu siúd atá luaite thuas agus ní raibh éinne againn ró shásta ag an deireadh. Níl réiteach ar bith ann. Luaigh ball amháin gur cheap eisean go raibh seans ann gur éirigh an Standúnach bréan den dream a chothaigh sé. Cheapas féin go raibh sé ag iarraidh sinn a choimeád inár suí –( inár ndúiseacht) go deireadh- agus sin cúis an chais hobainn ar chúrsaí sa bhailchríoch.
Ar ndóigh ba shobal saol an leabhar go hiomlán é agus an cheist is mó a tháinig aníos eadrainn ná an bhfuil seans ar bith ann go bhfuil daoine mar iad seo ina mbeatha áit ar bith umainn anois? (Níl sinne mar iad ar chor ar bith, in aon slí, riamh, choíche, am ar bith, in aon chor, ní go deo na ndeor, ní go brách, ) An féidir a rá go bhfuil aon réalaíoch sna sobal scéalta mar an ceann atá sa leabhar seo nó na cinn a fheictear ar an teilifís? Cén fáth go bhfuil na cláir seo chomh coitianta agus mór la rá agus a bhíonn siad? An éalúchas ón ngnáthshaol iad nó an scátháin atá iontu?
Tar éis a bheith inár léirmheastóirí / lochtóirí tamall bhí orainn a admháil go raibh an leabhar scríofa i stíl deas beoga, go raibh fuinneamh agus réalaíoch sa chomhrá nádúrtha sin agus cé nach mór litríocht é gur bhain gach aoinne sult as an leabhar a léamh.
Ba dhomhnán an dream againn inné le ionadaithe páirteach ó Mhaigheo, Muineachán, Gaillimh, Béal Feirste, Luimneach, Ciarraí, Queens, Brooklyn, The Bronx, New Jersey, Long Island, Connecticut agus Manhattan, buí le Dáithí Mac Laughlin, eagraí den scoth. Buíochas chomh maith le Brian Ó Broin a chur creatlach mhaith ar an gcruinniú le liosta plécheisteanna áirithe.
Cuireadh fáilte romhainn ó stiúrthóir an t-ionad seo, Paul Finnegan, agus beimid thar n-ais ag tús an chéad ráithe eile, ar an 10ú Aibreáin, agus an leabhar An tAthair Pádraig Ó Duinnín- Bleachtaire le Biddy Jenkinson idir lámha againn.
Bí linn.
Thursday, January 14, 2010
Éalúchas
Tá fuaim na mban seo tarraingteach dar liom, go h-áirithe agus sinn ag féachaint ar anróití an tsaoil in Haiti agus tíortha eile ag tús 2010.
Friday, January 01, 2010
Deichiú na Céide Caite Cheana
Beannachtaí na hathbhliana daoibh agus fáilte roimh 2010. Tá deichiú na céide caite againn cheana féin. Níl sé ró fhada ó laethanta na himní sin deich bhliain ó shin agus sinn tógtha go mór le ceist na ríomhairí agus conas a n-éireoidís thar deireadh na fichiú haoise.
An tathrú is mó a fheicimse ó deich mbliana ó shin ná an ról níos lárnaí a bhíonn ag na ríomhairí inár saolta! Seo linn inniu: maidin chiúin, an chéad mhaidin i 2010, an tine lasta, bricfeasta ite, an tarna caife ólta, scéalta na gcóisirí ó aréir go léir ráite….feictear triúr sa tigh seo s’againne agus mar a tharla trí ríomhairí glúine ar siúil! Tá an sneachta ag snámh anuas chugainn agus radharc an deas agam ar Oven Mountain trí fuinneog ar chúl an tí. Tá brat úr bán ar an mbothairín, an tslí amach, idir ár dtigh agus an príomh bóthar, griangraf thuas, síocháin i réim.
Ach tá smaointí eile ón gcéad deichiú na céide le feiscint anseo, agus bíonn misneach uaim feachaint siar orthu siúd. An ndéanann sé maitheas nó damáiste feachaint ar na griangraif sin?