Friday, January 28, 2005

Timpiste

Thit cara agam sa chomharsanacht síos a staighre inné. Chuir sí fios orm agus ar chara eile aici taréis ceithre uair i bpian ar an tolg a bhí in aice an staighre. Ní raibh an tarna rogha againn ach scairt a chur ar an otharcharr dhi. Ní raibh sí in ann bogadh agus bhí X-ray uaithi gan amhras. Anois, is baile an bheag é seo agus nuair a théann an otharcharr amach bíonn cur síos sa nuachtán aistiúil faoin eachtra. An fhadhb amháin a bhí ag Maria bocht aréir? Bhí eagla uirthi go mbeadh eolas ag cách sa bhaile seo gur thit sí. Go mbeadh slua mór óglach ag teacht isteach ina teach ag féachaint uirthi agus í i gcruacás. Ar aon cuma, cuireadh fios ar 911 agus thánadar: roinnt óglach ar dtús ón timpeallacht, na gárdaí, an otharcharr, an inneall dóiteáin srl. Ag poinnte amhain chonaic go raibh trúir acu ag tabhairt cabhrach di agus aon duine déag ag caint le céile sa halla taobh istigh den doras tosaigh agus dream eile taobh amuigh ag baint taitneamh as an gcomhluadar! Ní fheadar cén fáth nar imigh siad chomh luath agus a chonaiceadar nach tragóid mór a bhí i gceist, saghas club soisíalta is dócha. Bhí an ceart aici, ba leasc liom scairt a chur orthu tar éis an tsorcas a fheiscint ach, anois is arís ní bhíonn an tarna rogha agat.


Tá Cian 16 bliana d'aois inniu. Tá sé ag déanamh an scrúdu Math B Regents ar scoil ar maidin agus ag dul go dtí an DMV sa tráthnóna. On a mbreith, nach mbíonn tuismitheoirí ag iarraidh neamhspleachas a thabhairt dá bpáistí? Ach ag an am céanna bíonn céimeanna áirithe ann a bhíonn níos deacra ná céimeanna eile. An macaomh sin ag tiomaint!! Yikes!


Monday, January 24, 2005

Beoga Abú

Life should not be a journey to the grave with the intention of arriving safely in an attractive and well preserved body, but rather to skid in sideways, chocolate in one hand, wine in the other, body thoroughly used up, totally worn out and screaming
"Ya hoo what a ride!"


I set off for a 10 30 appointment this AM with my happy motto in mind ach ochón chonaic mé dhá eala agus iad reoite sa reservoir atá in aice liom anseo. Ugh. Is aoibheann liom na ealaí ach tarlaíonn an rud céanna gach blian sa timpeallacht seo. I gcónaí bíonn dhá cheann ann, nuair a bhíonn ceann acu ceapadh ag an oighir fanann a céile/chéile ann go dtí an deireadh.

Wednesday, January 19, 2005

Miongháire ar aghaidh Céin agus 40 mhilliún le caitheamh ar choisir an rialtais

Tháinig Cian (15) ar ais abhaile ó deireadh seachtaine ag sciáil in Utah lena athair. Traochta, ach miongháire ar a aghaidh. Gan alán le rá ach ní rud as an ngnáth é sin, d'inis an miongháire an scéal. Deacair do clan tSuibhne smaoineamh ar aon rud nuair atá aimsir an sneachta anseo. I gcónaí bíonn na ceisteanna: An bhfuil sé ag teacht? Nach bhfuil underarmour na fothéadaí is fearr? Conas atá an sneachta in Utah? An bhfuil sé ró fhuar san Adirondacks? Aon seans go mbeadh lá saor ón scoil amárach agus gur féidir linn dul go dtí na sléibhte? Aon scéala faoin dream a bhí caillte sa avalanche? Agus na firici: “Bíonn na fógrái sin a chur brú ar daoine áirithe dul díreach isteach sna áiteanna baolacha” Ach, is rud éigin i bhfuil an skier comórtas a bheith leis féin ar an bhfána agus os rud é go bhfuil an iomarca smacht orainn sa tír seo beidh dream ann i gcónaí a cuirfidh iad féin i mbaol saoirse ón rialacha a mothú.

Bhí brón orm a chloisint go mbeidh 40 milliún chaite ag an rialtas ag an inauguration ceremonies i lár na seachtaine seo. Tuigim go bhfuil cóisir mhór uathu agus nílim a rá nach bhfuil sé sin ceart ach 40 milliún? Nach bhfuil sé sin thar an barr? Is cosúil go dtagann an cuid is mó don airgead seo ó gnóthaí mhóra eagsula ach bí ag smaoineamh go bhfuair cuigear daoine bás aréir i Nua Eabhrac de dheasca an fuacht. Daoine gan díon ar bith orthu agus é timpeall 9 gcéim lasmuigh. Tuige nach féidir le na gnóthaí céanna cúpla mhilliún a thabhairt don Homeless Shelters? Salvation Army agus a leithéad a bhíonn ag obair ar son na boicht sa chathair. Bheadh go leor fághta acu don rialtas agus ni gá dóibh a bheith buartha nach mbeadh lé ag an rialtas leo. Bíonn i gcónaí.

Monday, January 10, 2005

Tús na hAthbhliana

OK, an 10ú lá cheana féin agus ní raibh nóiméad agam scríobh anseo ó roimh na Nollag. At dtús chaitheas breis agus seachtain i dtuaisceart na Stáit, mo bhaile ó baile, sna Adirondacks. Nollaig bhrea againn thuas ansin, tharla go raibh ceithre duine déag ag fanacht liom idir dhéagóirí agus daoine fásta agus sinn uilig ag sciáil gach lá agus ag chaitheamh na hoicheannta le cheile ag ithe ‘s ag ól, ag imirt cartaí srl. Chomhluadar breá a bhí ann. Ar ndóigh, chualamar an drochscéal faoin tsunami ach os rud é nach bhfuil teilifís againn ansin ní fhacamar ach na drochphictiúirí a bhí ar an nuachtán. Bhíomar inár ngrúpaí ag feachaint ar na griangraif sin lenár gcroithe ar crith ionainn, deacair a creidiúnt an tubaiste. Bíonn griangraif an-eifeachtúil mothúcháin a griosú, sílim, bhíomar chroíbhriste agus na laethanta breá againn anseo i gcomparáid le na sluaite amach ansin.

Thaínig an diabhal sladhán sin ar ais orm agus chaitheas seacht lá tinn, gan fuinneamh ar bith, anois ar ais ag obair inniu.

Thursday, December 23, 2004

Ag Fearthainn

gan stad! ní féidir liom dul ag sciáil. Tá sé seo cosúil le Nollaig i Luimneach! Cá bhfuil an fluffy bán stuif? Beidh mé ag imeacht tráthnóna inniu ar a thóir go dtí tuaisceart na Stáit. Beidh deich lá agam san Adirondacks agus gan amhras éiroidh mé an sneachta a fháil ansin, braithim go bhfuil sé ag feitheamh orm ann cheana féin.

Tuesday, December 21, 2004

Ar mo sheanléim arís

Ar ais ar mo sheanléim. Deo Gratias. Dé Satharn bhluaileas le mo cháirde Elaine agus Hilary eile, am bhricfeasta, bhí craic againn, chuir a gcomhluadar athas orm tar éis seachtain i m’aonar gan ach Tylenol mar chomhluadar. Bhí coisir na Nollag ag cáirde eile againn sa tráthnóna. D’fhanas ar an coke an tráthnóna go léir mar naomh atá ionam ach ar ais ar an G + T an oiche úd i mbialann agus maidin Dhomhnaigh bhíos ar bharr mo shláinte arís. O shin níor stad mé ag rith timpeall, ag siopadóireacht agus ag déanamh ullmhúchán eile don Nollag. Tháinig sneachta oiche Dhomhnaigh agus bhí an athas orm é sin a fheiscint. Fuair mé bronntanas nollag domsa féin, squirrel proof bird feeder. Tá ceann agam cheana féin ach bíonn na ioraí an chliste ar fad agus is féidir leo cleas a imirt agus an bia a fháil ón so-called squirrel proofed feeder atá agam le fada anuas. Anois os rud é go bhfuil sé an fhuar lasmuigh inné agus inniu, -14c nó 9f nílim buartha faoi na h-eanlaith. Chonaic mé roinnt mhaith inniu, Cardinals, Junkos, Housetits, Woodpeckers, Tufted Tit mice. Bhraitheas uaim na h éin nuair a thainig mé go dtí na Stáit agus fós braithim uaim an spideog, a fhuaim sa samhradh ach go mór mhór ag an am seo den bhliain. Níl an spideog céanna le feiscint anseo, cé gur tugtar an t-ainm céanna air, ní bhíonn an cuma céanna air agus is aoibheann liom an fear beag bídeach a bhíonn againn in Eirinn.

Thursday, December 16, 2004

Solas ag deireadh an Tólláin?

Leathmarbh inné, agus níl biseach orm fós. Ca bhfuil an diabhal solas ag deireadh an tólláin? Níor chríochnaigh mé píosa oibre a bhí le críochniú agam inné agus leis sin tá moill ag teacht ar m’ullmhúchain na Nollag! Beidh gach rud trína cheile roimh deireadh na seachtaine seo in ainneoin mo phlean. Thugas faoi deara agus mise tinn inné gur tháinig trí phacáiste le Fed Ex agus ní mise a chur isteach aon ord. Hmm....cé nach raibh m'ainm orthu bhíos ag smaoineamh ar ndóigh gur domsa iad agus chuireas isteach tamall maith ag machnamh ar cad a bheadh iontu. Rud eile ná bím i mo chónaí anseo le trúir fear agus fuath orthu uilig dul ag siopadóireacht sa sean slí.

Tuesday, December 14, 2004

Poitín na Nollag

Ní féidir liom labhairt inniu. Tá mo ghuth imithe uaim, ní fheadar ar imigh sé ar stalc éigin tar éis an mead sin amhránaíochta ag an gcoisir aréir? Bhí slaghdán orm mar a luaigh mé inné agus bhíos gan fuinneamh ach, tharla go raibh mé ceart go leor ag an gcoisir sin. Tháinig neart orm, b’fheidir gur thug an braon phoitín a fuaras ó Seámas Markham athbheo sa chorp agam ach pé rud a rinne an beart, bhí craic agam agus ag gach uile duine a bhí ann sílim. Is docha go raibh breis agus fiche cúig duine páirteach, as na ranganna Gaeilge atá ar siúil againn i Yonkers agus cúpla cáirde chomh maith. Bhí daoine ag gabháil vearsaí, an cuid is mó acu as Gaeilge ar ndóigh, ach bhí Hindi, Spáinis agus Fraincis againn. Nach dream idirnáisiúnta sinn! Mar a duirt mé cheana féin, bhí ana chuid amhránaíochta, agus bhí rince agus cluichí seafóideacha againn leis. Ochón , níl aon poitín agam inniu m’anam a choiméad beo.

Monday, December 13, 2004

Tuirse ! Tuirse!

Dé Luain arís, traochta. Imíonn na deireadh seachtainí ró thapaidh le déanaí. Chaitheas tráthnóna Aoine sa MOMA i Manhattan. Tá sé díreach tar éis athoscailt sa foirgneamh nua ar 53rd street. An suimiúl ar fad, an taispeántais fein agus fiú an foirgneamh nua, beidh mé ag dul ar ais sul i bhfad gan amhras. Bhí sé ag chur báistí an tráthnóna uilig, Dinnéar i mbialann (39th and Lex) le cháirde, gach uile duine tais ón droch aimsear, bialann; ní raibh sí rómhaith, cáirde; Una, Pól, Daithi agus Brian, gach duine go breá, bhí Tomás as láthair, is cosúil nar léigh sé a ephoist i gceart!!!! Gloine fíon ansin i GCS le Una ag feitheamh ar an traen. Satharn, gan bhrí, bhí slaghdán ag teacht orm. Siopadóireacht na Nollag, cosa lag. Inné? D’imigh an lá uaim, scannán Pollack le Ed Harris, (ana mhaith, is maith liom Netflix) Inniu, tá fíor slaghdán orm anois, tinneas cinn agus scórnach tinn!! Ugh. Bhíos i mo dhuiseacht i rith na h-oiche agus na Coyotes ag screadaíl lasmuigh, bhíodar an-ghlórach agus nílim ró sásta leo anois. Coisir na Nollag anocht i Yonkers. Tuirse Tuirse.

Friday, December 10, 2004

Ho Ho Ho !

Bheul, níl aon dabht ann ach go bhfuil Nollaig ag teacht. Gheall mé dom féin go mbéinn réidh go luath i mbliana agus beidh. Amach liom inné Crann Nollag a fháil. Baineadh geit asam ag tús an tseilg mar do bhí an gnáth foinse dúnta de dheasca tine ach chonaic mé go raibh saghas margaidh ar siúl i bpáirc thuas an bóthar ón bhfothrach. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil orthu na crainn a gearradh go dtí go bhfuil siad “foirfe,” cuma fior triantán a bhíonn ar na crainn nollag i gcónaí faoi láthair. Sa deireadh tháinig mé ar ceann nach raibh gan cháim ar bith, bhí sé ar leaththaobh de dheasca, is docha, dha géag ar an mbarr in ionadh ceann amhain. Ochón ! Níl raibh sé ró mhór ach oiread agus mar sin ba sholéir go raibh sé déanta domsa. Bhí mo phuiscíní, Púca agus Banba, an sásta crann a bheith acu agus bhiodar ag dul suas agus ag teacht anuas an bréagan nua seo gan stad agus mise ag iarraidh é a mhaisiú. Ní bhíonn taithi acu le crainn fós; tá siad ró óg dul amach de dheasca na coyotes taobh amuigh. B’fhior snackfood iad dóibh. Anois tá cuma compórdach, glioscarnach ar mo chrann nollag sa seomra suite againn agus é le feiscint ó bun an cnoc agus sinn ag teacht abhaile sa dorchadas.

Tuesday, December 07, 2004

Drochbhéas

Is fuath liom daoine atá drochbhéasach. Bhí an mí adh orm aréir agus ar mo cháirde (as mo rang ghaeilge i Yonkers) mar bhuaileamar le fear a bhí mífhoighneach, garbh agus drochbhéasach. Chuir sé isteach go mór orainn agus tá a fhios againn nach mbíonn sé i gcónaí mar seo, 'sea is féidir le mo dhuine a bheith béasach go leor nuair is mian leis, agus sílim gurb é sin níos measa!!! Ní aineolaí nó dalldramán é seo, oh no, ní h-é sin an cás ar chor ar bith. Ach cén cineál duine a bhíonn béasach le dream amhain agus drochbhéasach le dream eile díreach ina dhiaidh sin? UGH. Braitheann sé is docha ar an dream atá os a chomhair amach. Tháinig píosa shaothair Hillaire Belloc chugam agus mise ag smaoineamh ar an mbodach mór seo:
Of Courtesy it is much less,
Than Courage of Heart and Holiness,
But in my walks it seems to me,
That the Grace of God is in Courtesy.


(Is cuimhin liom nuair a bhíos sa 6ú rang ag foghlaim an píosa sin, níor cheap mé ríamh go mbeadh sé oiriúnach lá éigin agus mise ag gearán faoi easpa cúirtéise! )

Phew, now that THAT is out of the way I will continue with the weather which is horrible, wet, cold and NOT snowy, not conducive to outdoor life at all. Yesterday I thought that snow was on it's puffy way but no way José; Pure book and log fire weather.

Monday, December 06, 2004

Cothrom na Féinne i 2004 !

Nach bhfuil cúrsaí spoirt ar fheabhas? Cuireann sé ionadh orm go bhfuilimid, ag cuid is mó againn, mise ar aon chuma, chomh tóghta lenár bhfoireann féin, nó le h-iomaitheoirí eagsúla, nó leis an gcomórtas idir foirne srl.. Rud bunúsach atá ann. Osclaítear paisean i gcroithe agus gluaiseann ár gcuid fola níos tapula agus sinn ag feachaint ar ár laochra, fiú ar an teilfís, gan trácht ar imeachtaí atá beo! Inné bhí fíor tuirse orm tar éis uair a chur isteach ag féachaint ar downhill racing ó Beaver Creek, Col. agus mise i mo chathaoir ag féachaint ar an teilifís. Fuair Bode Miller and Daron Rahlves bua mór le críoch 1-2 sa downhill race, agus chonaic mé an sean laoch Hermann Maier (Austria), ag déanamh go maith, fuair sé an 10ú áit, is docha gur cheap sé gur theip air, ach níl a lá curtha isteach fós ; níl sé ach 32 bliana dáois!! Fuair sé an tarna áit sa Giant Slalom. Gur ceart is neart do bheart, a Hermann.
Féach ar na sean scéalta, Fionn agus na Fianna agus a leithéid, agus na eachtrái a bhí acu, cursái spoirt a bhí ann i slí, (cé go bhfuair na milliúin laoch bás sna scéalta céanna) Bhíodh troid nó cath ufásach agus tar éis sin ba mhinic a d'éirigh cairdeas agus meas idir na iomraitheoirí agus tá buanchlúiteas ar na scéalta.................ach an féidir linn a rá "Cothrom na Féinne" na laethanta seo i gcúrsaí spoirt áirithe?
Le déanaí bím amhrasach faoi iomraitheoirí áirithe a fhaigheann gradam sa domhan mhór, is minic a thagann cor ar an ngradam; chualamar scéal Jason Giambi ag an deireadh seachtaine. Eisean ina bhoc mór i gcluiche cor agus páirteach san bhfoireann Yankees i gcathair Nua Eabhrac. Is cosúil nach raibh a fhios ag cách, más féidir an nuacht ar an raidio agus ar an teilifís a chreid. Bhíos féin ag smaoineamh, in the vernacular, "Like Daw!!!" Ná habair liom go raibh ionadh ar lucht baseball an scéala sin a chloisint.

B'fheidir go raibh togha an Juice le fáil ag lucht na fianna fadó nó b'fheidir ag na scéalaí ach an é an cuspóir atá ag cuid des na iomraitheoirí sa lá atá inniu ann; Immortality?



Saturday, December 04, 2004

Sneachta abú

Lá álainn atá againn inniu, fuar agus geal, tirim agus suaimhneach, de réir cineáil an geimhreadh sa taobh thiar thuadh na tíre seo. Tá clúdach sneachta ar shléibhte na Adirondacks cheana féin agus is féidir dul ag sciáil arís ar Gore. Yippeee..... Is aoibheann liom an ráithe seo den bhlian. Sneachta abu!
Ach, cad faoin gcoisir sin aréir? Bhí craic againn ann. Braitheas go raibh beagnach gach duine fós ag caoineadh ar son a mbris ar an 2ú Mí na Samhna, (toghchán an uachtaráin) ach níor chuir an bris sin isteach ar an joie de vivre. Ionadh orm nach raibh G & T le fáil? Bummmer....... Fion; oh well, in a pinch.

Friday, December 03, 2004

i dtús báire

Maidin aisteach, caithfaidh mé a rá, ar dtus, chonaic mé
coyote agus é ag féachaint, leis an iomarca spéise, dar liom, ar mhadra mo chomharsa, ceann beag bídeach, Westhighland Terrier. Ní bhíonn na Coyotes le feiscint ró mhinic sa cheantar seo, b'fheidir uair amhain gach ré bliain nó mar sin de. Tá meas agam orthu, cé go mbíonn droch cáil orthu go minic i mbealoideas na Native Americans. "Mischievous, cunning and endlessly resourceful, the trickster Coyote (sometimes called Hare) is both a comic and shocking figure in Native American mythology. Whether behaving well or badly, he seems to represent a kind of essential appetite for life." Hmm...is maith liom an cur síos sin, nach mbeadh sé iontach mar fheartlaoi? Fuaireas é sin i The Illustrated Book of Myths (Great book for introduction to myths of indigenous peoples all over the world, for adults or children or actually, adults reading to children, ar fheabhas ) Is féidir leis an Coyote colainn dhaonna a ghabháil, nó de réir dealreamh colainn aon rud a ghabháil chun é féin a shabháil. Is buachaill cliste é gan amhras agus ar ndóigh is cosúil go bhfuil féith grinn ann chomh maith. Dar le na Lakota Sioux b' é an Coyote a chruthaigh an chapall agus bíonn ana mheas acu air, agus tá alán scéalta faoin madra seo i mbéaloideas na tíre seo.Ar aon chuma, ar ais go dtí mo choyote féin maidin inniu. Bhí Cara, mo mhadra, ag tafann gan stad agus is docha gur eirigh an coyote tuirse ón raic. D'imigh an cuilceach uaim mar cheo trí na coille agus ní raibh an t am agam pictiúr a glacadh. Bhíos ag smaoineamh go mba cheart dom scairt a chur ar mo chomharsan faoi ár gcuairteoir, ach ní bhím i dteagmháil leo ró mhinic. Bhí cómhra gearr eadrainn, fan go bhfeicfidh mé, breis agus blian o shin, agus, rud eile ná, bíonn baint acu le sealadóireacht sionnaigh, agus ní maith liom an caitheamh aimsire sin. Hmm .....ag an am céanna is maith liom an madra beag sin agus bíonn sise ana chairdiul, níor mhaith liom í a bheith ina dinnéar don chuairteoir seo. Ach, agus nílim ag insint bréige, tar éis imeacht uair nó mar sin, agus mise ag smaoineamh ar an lucht béal dorais, bhí cnag ar an doras. Mon Dieu! Mo chomharsa!!!! ag tabhairt cuireadh dom teacht chuchu i gcomhair deoch nó dhó anocht. "Cocktail Party, last minute, bheadh athas orainn más féidir libh teacht, a duirt sí, mar ní fheicimid sibhse ró mhinic......................"

Yikes, an bhfuilimidne inár gcoyote ?