Saturday, August 25, 2007

Cat ar strae? (Dílleachta bocht.)


Tháinig mé ar chat óg, abair sé mhí nó mar sin, luath maidin inné sa gharáiste. Bhí eagla air ar dtús ach tháinig sé chugam tar éis aga agus bhí sé cairdiúil, grámhar agus cainteach, rud a chur ar eolas agam díreach go raibh ocras air agus thugas roinnt bia dó. Ní raibh anseo liom inné ach Eoghan, an mac is óige, mar sin bhí cruinniú agam faoin gcat leis, cad ba cheart dúinn a dhéanamh ? Ach thit Eoghan i ngrá leis ar an bpointe. (Tán cat seo an-ghleoite) Chuireamar Instant Message ar fear a tí (atá as baile) faoin gcat ach fuaireamar freagra dhá fhocal díreach ar ais: “Animal Shelter” gan focal eile! Freagra crua a cheapas, an dílleachta bocht seo. (Tuigim go n-éiríonn an t-uasal Mac Suibhne píosa beag mí shásta nuair a bhíonn Púca agus Banba ar an leaba linn istoíche ach fanann siad i gcónaí ar mo thaobhse…)

Chuireas glaoch ansin ar chara agus tháinig sise chun féachaint ar an gcat. Thit sise i ngrá leis chomh maith ach tá trí cinn aici cheana. Rinne mé iarracht a fháil amach ó na comharsana an raibh cat ar iarraidh ó éinne acu ach níl. Chuaigh mé go dtí an oifig an phoist ar maidin, tá bord eolais ann ach níl nóta faoi cat ar iarraidh ann.

Tá an cat fos anseo, bhí eagla air dul amach as an ngaráiste mar sin tá sé ann, compordach go leor ón gcuma atá air. Bhí sé sásta lena bhricfeasta agus a lón! Bíonn sé ag crónán aon uair a thugamid cuairt air.

Tá Cara, mo sheanamhadra ceart go leor leis, ach nuair a dheineas iarracht Banba a chur in aithne leis theip orm. Ní raibh sise sásta leis ar chor ar bith agus d’éirigh sí ina meamhlachán glórach nuair a chonaic sí é. Bhí eagla orm go mbeadh troid eatarthu, chuireas ar ais laistigh í go tapaigh ……..(ach níl aithne aici ar aon cat eile ach amháin a deartháir dána Púca, b’fhéidir gurb í sin an fhadhb?)……….. anois tá drogall orm Púca a chur in aithne leis, dhá cheann fireann le cheile, ní dóigh liom go bhfuilim chomh cróga sin.



Wednesday, August 22, 2007

Marine Wedding. Griangraf le Nina Berman

Titeadh na deora uaim nuair a chonaic mé é sa NY Times ar maidin. Ní fheicimid aghaidh an chogaidh chomh soiléir agus atá sí sa ghrianghraf seo, in aghaidheanna an lánúin seo, ní hamháin aghaidh an fhir bhocht ach aghaidheanna an bheirt acu ar a lá mór ……….
An t-alt iomlán anseo agus grianghraif eile.

Monday, August 13, 2007

Coireanna sa Chiúnas!

Is baile ciúin é seo agus ní ró mhinic a tharlaíonn aon rud cearr. Bhí ionadh ar mo mhac aréir nuair a goideadh a thiachóg agus a iPod as a charr fad is a bhí sé agus a chairde sínte amach i ngort ag féachaint ar na meteorites i lár na hoíche. D’fhágadar deich charr ar thaobh an bhóthair iargúlta sin agus goideadh rudaí éagsúla ó chuid acu. (Ní rabhadar faoi ghlas!) Bhí ar Chian dul chuig oifig na ngardaí inniu tuairisc oifigiúil a thabhairt isteach dóibh agus ansin ceadúnas tiomaint nua a fháil.

Tháinig sé abhaile agus miongháire air, cé go raibh sé tromchroíoch am bhricfeasta. Ar dtús, a dúirt sé, ní raibh ach póilín amháin ag obair inniu agus ní raibh mo dhuine in ann teacht ar an gcáipéis cheart an tuairisc a ghlacadh uaidh. Bhí air glaoch a chur ar phóilín eile a bhí sa bhaile. Ansin, thug Cian faoi dheara liosta a bhí ar an mbord eolais san oifig …

1) Car 286 is missing it’s spare tire
2) A beagle is lost in town.
3) This week's password is per903


Soiléir nach i an chathair mhór atá i gceist anseo.
Beidh cur síos faoin gcoir sa nuachtán áitiúil an tseachtain seo chugainn agus faoin madra bocht atá ar iarraidh chomh maith, beidh na scéalta faoin teideal “Police Blotter”

Friday, August 10, 2007

Tommy Makem agus ceoltoirí eile.

Léigh mé go bhfuair Tommy Makem bás le déanaí, anseo sna SAM. Bhí sé lonnaithe anseo le fada anuas ach i gcónaí ina Éireannach. Trócaire Dé air. Bhí ionadh orm a fhail amach nach raibh aige ach trí scór is ceithre bhliain déag. Cheapas ar shlí go raibh sé i bhfad níos sine. Bhíodh LPs dá The Clancy Brothers and Tommy Makem ag m’athair sa bhaile agus bhíodh an-suim ag an nglúin níos sine ná mise anseo ina gceol chomh maith ó tús na 60s nó mar sin. Is cuimhin liom iad ar an teilifís anois is arís, ar an Late Late Show is dócha.

Is cuimhin liom nuair a thánas anseo go NE don chead uair i 1979/80 thugas faoi dheara go raibh suim nach beag ag m’uncail, (bhíos ag tabhairt cuairte air) agus a chairde uile (Gael-Mheiriceánaigh) sa cheol seo agus bhí díomá orthu nuair nach raibh ceol na Clancys agus Tommy Makem uile agamsa. Bhuel, bhí cuid de agam go smior, ach ní raibh a gceol chomh tábhachtach ag an am san ná : disco (!) nó, amanna machnamhacha, na bannaí ceolta mór la rá na tíre seo agus na Bhreataine, nó ceol traidisiúnta/nua aimseartha, más féidir é sin a rá. Ar thaobh an cheoil traidisiúnta na hÉireann bhíodh Planxty, Clannad againn agus Horslips fiú agus bhíodar uile úr agus iontach. Ní raibh mórán eolais acu anseo sna SAM ar Chlannad nó mórán faoi na ceoltóirí eile a bhí againn in Éireann ag an am san. Is cuimhin liom am a chaitheamh i Lios Dún don féile mór ag deireadh na 70’s. Bhí an saol níos simplí agus gan trioblóid síob a fháil le d’ordóg ó Luimneach go Lios Dún, go Cill Chaoibhe go Sráid na Cathrach nó pé áit cé nach raibh agam agus ag mo chairde ach cúig nó sé bhliana déag d’aois! Bhíodh daoine i gcónaí toilteanach síob a thabhairt agus bhíomar slán i gcónaí….ní raibh sé deacair dul ar Bhóthar na hInse sa mhaidin i lár an tsamhraidh agus teacht ar ais luath go leor san oíche, go h-airithe le solas an lae go dtí ar a laghad leath uair tar éis a deich!
Chonaic mé Clannad don chéad uair (i lár na 70’s silim,) in NIHE, anois tugtar Ollscoil Luimnigh air. Bhí ceann dá LPs agam cheana agus cheapas go rabhadar an-cool ar fad. Ach ar ais go dtí an bpríomh pointe an píosa seo, D’oscail na Clancys agus Tommy Makem na doirse anseo is dócha agus d’éirigh go h-ana mhaith leo sa 60s agus 70s ach níl a fhios agam cén fáth nár éirigh na ceoltóirí eile? B’fhéidir trioblóidí le riaracháin agus bainisteoireacht? Ba mhinic a bhí droch scéalta ag ceoltóirí faoi bainisteoireacht. Cá bhfios? B’fhéidir nach raibh an lucht éisteachta anseo i SAM réidh don gluaiseacht seo i gceol traidisiúnta na h Éireann na tréimhse sin. Nó b’fhéidir nach bhfuil an scéal iomlán agamsa ar chor ar bith……. taighde atá uaim in ionad ceisteanna a chaitheamh amach i gcónaí.

Tuesday, August 07, 2007

Radairc eile


An Canyon ón Heileacaptor!

Ar ais sa diallait inniu!

Radharc ón éadramán roimh eiri na gréine.

An Grand Canyon

Ar ais sa diallait inniu! Beagnach ceithre lá breá i Sedona, Arizona. Is baile beag é Sedona, bunaithe ar turasóireacht, agus cén fáth go bhfuil na turasóirí ag dul ann? na sléibhte aisteacha, na Mesa, na radhairc, an solas suimiúil agus dathanna an nádúir.

Chonaic mé fíor buachaill bó! ‘Sea, ar an turas ó Phoenix ó thuaidh go Sedona a chonaic, bhí sé sa diallait féin ar a chapall ar ndóigh, ag marcaíocht le sé nó seacht bó trí an gaineamhlach. Bhíos lán sásta é a fheiscint.

Ansin, mar a luaigh mé, bhíos thuas in éadromán roimh éirí na gréine maidin dé Chéadaoin, chomh ciúin scéimh a bhí sé thuas san aer an lá sin, ach corraithe go leor agus sinn ag teach anuas! Ní bhíonn smacht ar bith ag píolótaí ar a héadromáin, ach amháin nuair a bhíonn siad ag dul suas nó ag teacht anuas, níl roth stiúrtha ar bith acu rud a bhí soiléir dúinn nuair a thángamar chun talaimh díreach in aice an highway, abair sé throigh, agus na carranna agus na trucailí ag gluais tharainn. Bhuaileamar isteach i gcrann beag ar dtús stop a chur ar an gciseán agus sinn ag dul i dtreo claí sreang dealgach, rud nach bhfuil ró mhaith d’éadromán…….. agus ansin ar an talamh linn le preab.
Thugamar cuairt ar an
Grand Canyon chomh maith, turas ó thuaidh ó Sedona. Ní féidir cur sios ceart a dhéanamh ar an radharc sin, ní dhéanann na grianghraif an beart ach oiread, i ndáiríre glacadh sé d’anáil uait go mór mhór má théann tú in héileacaptar síos sa Canyon féin!


Monday, July 30, 2007

An Samhradh

An ritheann an t-am níos tapúla uainn sa samhradh nó cad é?
Ní raibh leath nóiméad agam cuairt a thabhairt ar mo bhlogín bocht le beagnach coicís anois. Tá cuairteoirí anso linn le deich lá anuas agus sinn uile inár suí taobh amuigh go lár na h oíche de gnáth, comhluadar breá, an fíon go flúirseach, (agus sinn ag iarraidh na feithidí a sheachaint.) Oícheanta leisciúla a tsamhraidh, agus maidineacha leisciúla an tsamhraidh leis!
Beidh gach duine acu ag imeacht inniu i dtreonna éagsúla agus sinn féin ag imeacht luath maidin amárach go Sedona, Arizona. Beidh mé ag Ballooning den chéad uair, agus b’fhéidir ag eitilt sa Grand Canyon chomh maith.

Wednesday, July 18, 2007

Thar n-Ais

i Mín a Chladaigh

An tEargail Maorga

An Trá Bhán




Thar n-ais abhaile atáim tar eis coicíse in Éireann, bhuel, le bheith macánta dhá lá déag. Cúpla lá i mBAC ar dtús, ansin seachtain i dTír Chonaill agus ansin cúpla lá i dTiobraid Árann deireadh a chur ar an saoire.

Chuala mé ana chuid gearáin faoin aimsir in Éirinn i mbliana roimh an turas seo… mar sin a chairde bhíos réidh!... éadaí de gach saghas liom, agus bhaineas úsáid as an cuid is mó acu, (ach amháin an chulaith snámh, ochón….)

Ar dtús i mBAC ní raibh a fhios agam ó nóiméad go nóiméad cad a bheadh ag teacht; teas mór na gréine, ansin tréimhsí gaofara, le fearthainn throm ina ndiaidh san agus ansin an ghrian arís ag spalpadh anuas aga eile. Aisteach go leor.

Fuaireas roinnt rabhaidh faoin aimsir i dTír Chonaill chomh maith ach caithfidh mé a rá nach raibh sí go dona thuas ansin. Bhí sé ag cur go rialta ceart go leor ach bhí tréimhsí breátha grianmhara ann chomh maith agus tharla go raibh seans agam dul ar siúlóidithe iontacha gach lá, mar atá soiléir ó na pictiúr thuas. Chuaigh mé ag siúl ar Shliabh Leigh lá amháin agus suas go dtí an túr mór oíche eile. Chuas ar turas ó thuaidh go Mín a’Chladaigh oíche amháin cuairt a thabhairt ar mo chairde Soisear agus Mollaí Mac Cionnaith........Chuig an trá bhán tráthnóna eile, trí mám na háilleachta i dtreo Ard an Ratha...

Bhí dream dáréig againn le cheile ag freastal ar chúrsa in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. Cúrsa oiliúna a bhí i gceist i gcomhair lucht múinte na Gaeilge do dhaoine fásta. Bhí an cúrsa iontach suimiúil agus le sin iontach amach is amach domsa teacht le cheile leo siúd, mo chomhbhádóirí sa rang, agus fíor suim acu uile i saol na teanga; i a mhúineadh agus i a labhairt an t-am ar fad! Níor gá focal béarla a rá taobh amuigh den seomra ranga ach oiread, rud atá ana thábhachtach domsa (...ach amháin aon uair a bhíos ag déileáil le cuid des na daoine áitiúla nó le turasóirí gan Ghaeilge)

Bhí roinnt mhaith daoine ag freastal ar chúrsaí difriúla in Oideas Gael an tseachtain seo chaite, daoine fásta ag foghlaim na teanga in áiteanna éagsúla timpeall an domhain agus múinteoirí ó bun scoileanna in Éireann ag iarraidh fhaid trí lá a chur lena gcuid laethanta saoire dlíthiúla as cúrsa cúig lá a dhéanamh.

Bhaineas an taitneamh as an turas, an rang féin, na siúlóidí, na radhairc bhreátha, an ciúnas, an saol sna phubanna istoíche! Bia blasta i mbialann Kitty Kelly (an bia is fearr sa cheantar dar liom). Ach is é an comhluadar, mo rang luaite thuas cheana féin, agus na daoine eile le fíor suim acu sa teanga, an cuimhne is fearr atá agam. Tá súil agam go mbeidh seans teacht le cheile ag cuid againn arís uair éigin amach anseo.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil chuig Daltaí na Gaeilge, agus go mór mhór Seán agus Helen Tierney, as an scoláireacht i ndil cuimhne ar Firefighter John P. Tierney (1974-2001) a bhronnadh orm i mbliana. Mo bhuíochas chomh maith chuig Liam Ó Cuinneagáin as a bhuantacaíocht dúinn uile a bhíonn ag muineadh na Gaeilge anseo sna SAM.

Friday, June 29, 2007

Mí Iúil

Tosaíonn an fíor samhradh i NY inniu, an Aoine roimh an 4ú lá de Mhí Iúil. Glacann mórán daoine cúpla lá breise óna bpost an tseachtain iomlán a bheith saor acu. Tá an aimsir go hiontach agus beidh na sluaite ag déanamh chun na dtránna i Long Island agus N. Jersey. Beimid ag dul amárach chuig bainis mhór i Long Island agus tá lá breá geallta. Ghlan toirneach agus tintreach an t-aer aréir agus beidh cúpla lá breá úr againn anois, tirim agus te, gan tais. Foirfe!

Beidh mise ag taisteal an tseachtain seo chugainn go Éireann, turas coicíse. Chloisim, faraoir, nach bhfuil an aimsir ró mhaith ansin le déanaí, deirtear liom go raibh an samhradh i mBealtaine!
Tá súil agam go dtiocfaidh athrú ar an scéal seo go luath. Ní rabhas in Éireann i lár an tsamhraidh le fada an lá, b’fhéidir ocht mbliana nó níos mó.

Sunday, June 24, 2007

Droch Feighlí Leanaí

Tháinig na h-uigingigh san oíche!
Is cosúil go raibh racún ar chuairt orainn oíche aréir agus fuair sé nead na tortóige. Tá na uibheacha uile ite agus gan fágtha ach na blaoscanna scaipthe timpeall. Ní bheidh na leanaí ag teacht ar an saol ar chor ar bith.
Fuaireas comhairle ó Shóisear Mac Cionnaith, tá seachtain ó shin “
Faoi an turtar ba ceart duit píosa sreang shicín leis na racún a choinnigh amach as.” ach cé go raibh plean agam an chomhairle a ghlacadh, faraoir, ba mise an fíor moilleadóir an uair seo, agus mar sin tá sé ró dhéanach anois…...

Friday, June 22, 2007

Béarlachas

Chuir cara liom ephoist chugam inné agus í diomúch go mór de píosa Ghaeilge a léigh sí le déanaí i nuachtán….. “Ní chreidfeá an cac atá ann in ainm na Gaeilge” a scríobh sí….”Imrím deacair le fáil” maidir le bean agus i ag iarraidh an chluain mhuimhneach a chur ar fear i slí indíreach………….Hmm.
Tharla go raibh beirt bhan le Gaeilge ón gcliabhán acu ar chuairt orm inné. Chuireas an ceist orthu …….agus an freagra? Níl an meon san ann mar ní raibh bean ón nGaeltacht riamh “deacair le fáil” …..Ha! …bhuel, bhí cúpla gloine fíona faoinár bhfiacaile againn ag an am san.

Chuir sé i gcuimhne sampla eile a thaispeánadh dom le déanaí ó leabhar gramadaí le Donna Wong……….madra “gearr” !!

Iarfhocal:

Ní fhaca mé an focal "gearr” mar aidiacht le ainmfhocal atá beo, ACH is cosúil go bhfuil “madra gearr” saghas brocaire Éireannach! Féach thíos.

Friday, June 15, 2007

Bloomsday arís..........

Amárach an 16ú lá de mhí an Mheithimh, Bloomsday, mar a déarfá. Leabhair nach bhfuil leite agam fós! Chonaic mé ar an NY Times ar maidin go mbeidh eachtra dhá uair déag ó meán lae go meán oíche ar siúl i Symphony Space i Manhattan.
Plean agam a bheith ag siúl sna sléibhte i dtuaisceart an stáit!
Chríochnaigh mé an leabhar The Professor and the Madman, an tseachtain seo. An-suimiúil, scéal faoin Oxford English Dictionary, beathaisnéis ar shlí, más féidir é sin a rá. Taobh istigh an bheathaisnéis seo faightear scéalta na rannpháirtithe, agus an tslí ina cuireadh le céile an bailiúcháin na bhfocal.
Ansin in aon tráthnóna amháin leigheas Castle Rackrent le Maria Edgeworth. Leabhar a bhí ar mo liosta le blianta fada anuas. Tháinig mé air sa leabharlann de thaisme fad is a bhíos ag lorg leabhar eile. Tá an scéal go leir anseo.

Monday, June 04, 2007

Cuairteoir Gan Choinne!


Lá fliuch atá ann inniu, ceart go leor dár dtalamh a bhí tirim go leor tar éis tréimhse an-te le déanaí. Bhí ionadh orm cuairteoir a fheiscint sa ghairdín, tortóg mhór atá ann agus í gnóthach ag breith a cuid uibheacha! Bíonn eireaball géar ag na cinn seo an chré a bhaint agus poll oiriúnach a dhéanamh dá n-uibheacha. Is Snapping Turtle í, Chelydra Serpentina, tá a blaosc breis agus troigh ar fad, agus a h-eireaball beagnach troigh eile., b’fhéidir go bhfuil sí timpeall dhá troigh go leith ar fad ó cheann ceann?
Ghlac mé an phictiúr seo ach bhí drogall orm dul ró ghar dí, d’imigh a ceann isteach píosa beag ina blaosc aici nuair a chonaic sí mise ag teacht chuici. Rud eile nó bíonn eagla orm rompu…níl mórán taithí agam le tortóga agus bím amhrasach fúthu. Is cosúil go mbíonn an aicme seo duáilceach go leor agus fonn ar na cinn móra alp a thabhairt ar dhuine, dá bhrí sin an “ainm ceana” Snapping Turtle!

Friday, June 01, 2007

Gnóthach gan Strus! An gairdín, drámaí, scannáin, siúlóidí le Cara…


Inniu, sílim gurb í Meitheamh an mí is fearr.
Ar dtús tá níos mó am agam saor ó aon sort struis, cé go gcoimeádaim an droch meon sin ó leac mo dhorais de gnáth, caithfidh mé a admháil go rabhas gnóthach go leor an téarma seo chaite, ansin díreach d’imigh mé ar turas seachtaine go Portland, (an deas) ach anois tá an clog ag casadh níos moille agus am agam díriú ar na tascanna beaga a bhí curtha ar cheal agam le tamall. Tascanna suaracha go leor ach tábhachtach ag an am céanna……An NY Times a léamh i gceart le cupán caife ar maidin! Tá an t-am agam seal a chaitheamh sa ghairdín go rialta! Ghlan mé amach an cuisneoir! Chuaigh mé trí na cófraí uile ag caitheamh amach na bailiúcháin a thagann le cheile le linn na bliana. Saghas Glantachán an Earraigh, ach ní raibh an t-am é a dhéanamh san earrach.
Rachaidh mé chuig níos mó imeachtaí i NYC chomh maith an mhí seo, is iontach na tairiscintí a bhíonn ós mo chomhair ach an t-am súp a bhaint astu...tiocfaidh athrú ar an scéal go luath.

Chonaic mé dráma ó pheann Tim McGillicuddy an tseachtain seo chaite. “The Irish Play” réamhthaispeántais a bhí ann an Sathairn seo chaite agus bhí sé go breá, dráma greannmhar rómánsach lonnaithe i mBAC i lár na 70s atá i gceist. Tá sé ar siúil anois san Irish Arts Center go dtí an 9ú de mhí Meitheamh. Rachaidh mé arís an oíche deireanach más féidir.

Plean agam an scannán Away From Her a fheiscint anocht. Sílim go mbeidh sé suimiúil agus machnamhach…. faoi Alzheimer’s atá sé agus dís atá le cheile a saolta iomlán. Ach ar ndóigh, beidh mé cinnte go bhfuil an galar sin orm tar eis an scannáin seo a fheiscint! Tá aintín liom (mo mháthair bhaistí) atá ag fulaingt faoin ngalar seo le breis agus fiche bliain anuas…ach dar le mo mháthair níl an bhean bocht ag fulaingt ar chor ar bith, ach tá a cuimhní uile imithe uaithi…ní aithníonn sí a chlann féin anois……
An bhfuil seans ann go léimeann an galar seo thar glúin?

Thursday, May 31, 2007

Féile an tSamhraidh

Ceannaire an mhórshiúil.

Bíonn "Firetrucks" ana thabhachtach i gcónaí!

Cuirtéis ceithre ghunna a scaoileadh

Luadh ainmneacha na marbh ón bhaile seo

Tosaíonn an Samhradh oifigiúil anseo ar Memorial Day, an Luan seo chaite. Lá breá a bhí ann agus ar ndóigh bhí mórshiúil sa bhaile seo maraon lena bailte beaga agus móra ar fud na tíre. Is baile an bheag é seo agus tagann cuid againn amach ar a deich a chloig ar maidin lá na féile tacaíocht a thabhairt…Buailtear le na daoine céanna ag an ocáid seo gach bliain.
Is maith liom an traidisiún agus ní thuigim i ndáiríre nach dtagann níos mó daoine amach ar an sráideanna beaga ómós a thabhairt do saighdiúirí uile a fuair bás san am thart agus iad siúd atá in Iraq nó Afghanistan nó pé áit an lá atá inniu ann. Bíonn orthu a gcuid oibre a dhéanamh de réir a ndualgais, gan cheist. Níl orthu atá an locht.
Ní raibh ach timpeall trí chéad daoine ag an mórshiúil seo, ar an mhéad.

Wednesday, May 23, 2007

An Tréimhse in Oregon.


Sorcha Ní Chonchuir, iníon Ashlinn Adams agus Tommy Ó Conchúir agus an gaeilgeoir is óige ag an Lá na Gaeilge. Bhíomar i Salem an lá seo agus an ghrian ag spalpadh anuas orainn.



Cailín ó ceann des na treibheanna i Salem.


Multnomah Falls. 620 Throigh


Bob agus Éamonn


Cuireann sé ionadh agus áthas orm i gcónaí an tsuim mhór sa teanga a bhíonn le braith go rialta ag imeachtaí sa tír seo… Bhí an Lá na Gaeilge i bPortland, Oregon, ana mhaith ar fad. Is dócha go raibh breis agus ochtú páirteach sa deireadh, idir daltaí, múinteoirí agus ceoltóirí. Bhí ceithre leibhéal de rang Ghaeilge, agus trí rang ar gach leibhéal i rith an lae agus do bhí na ceardlanna amhránaíochta, cheoil agus rince scaipeadh eatarthu. Bhí léacht faoi shaothar Nuala Ní Dhomhnaill i lár na maidine agus ansin chuir céilí deireadh le cúrsaí an lae. Bhí ceathrar againn ag múineadh, Ger Killeen (as Luimneach, lonnaithe i bPortland), Lucy Ni Breathnach (as Corcaigh, lonnaithe i bPortland) Éamonn Ó Dónaill (as Tír Chonaill, lonnaithe i mBaile Átha Cliath) agus mise, (as Luimneach, lonnaithe i NY). Teanga idirnáisiúnta! (Faire Esperanto….)

Rinne an fhoireann, faoi stiúir Bob de Búrca agus Aislinn Adams, an-jab ….. Anois beimid uile ag súil leis an gcéad Lá mór eile amach ansin i bPortland i 2008! Cá bhfios, b’fhéidir Deireadh Seachtaine na Gaeilge uair éigin?
Sos an deas domsa a bhí ann agus chaitheas cúpla lá roimh agus cúpla lá tar éis an Lá Mór i mo thurasóir.

Bhí an aimsir an-oiriúnach chomh maith!! Bíonn fíor aimsir na hÉireann acu i Oregon agus Washington State. Bhí sé ag cur báistí an t-am ar fad… beagnach …….AGH!!! An bháisteach bhog sin a leanann idir lá is d’oíche… ....tuigeann cách……… Ní raibh sé ró fhuar ach tagann an fhuacht ormsa i gcónaí ó éadaí tase nó fiú ón aer tais nuair a bhíonn an aimsir bog mar seo. Níl éalú as, ach an teas lárnach a chur i bhfeidhm le cuairt a thabhairt ar an bpub go rialta, agus rinnemar amhlaidh...… Chuamar ar turais beaga ag féachaint ar easa anseo is ansiúd sa cheantar agus ar ndóigh thugamar cuairt ar Powells, siopa leabhar mór le rá i lár Portland. Chonaic mé teacht le cheile, nó ceiliúradh, ocht dtreibh os comhair Halla an Rialtais i Salem, sin príomhchathair an Stáit. Bíonn brú ar na hIndiach i gcónaí, is cosúil gur ghoid na feirmeoirí uisce ó na haibhneacha le déanaí i gcomhair a gcuid bairr. Cuireann sé seo brú ar saol na mbradán, eisc atá an tábhachtach i gcultúr na hIndiach Meiriceánaigh, ní hamháin ina sean scéalta ach fiú ina ngnáth saolta an lá atá inniu ann. Ach do bhí an-ceiliúradh le feiscint an lá seo i Salem, agus dea chuma ar chách. Rinne roinnte déagóirí ó na treibheanna damhsa le cheile ina gnáth éadaí, (chuir sé seo rince ar a sean nós ar intinne agam, go mór mhór ag an oireachtas agus na déagóirí uile ag damhsa le cheile)………Bhí cuid acu gléasta ina balcaisí traidisiúnta.

Dúradh linn go raibh ceol breá le fáil i bPortland agus thángamar air oíche Dé Dhomhnaigh i Pick Up (Ní trucail ach ainm an phuib…...pub deas go leor ach boladh aisteach na coinclí a bhí ag teacht aníos an staighre....) agus oíche Dé Luain i Moon and Sixpence. Ni fheadar cad iad ainmneacha na gceoltóirí ach bhíodar uile go hiontach. Oíche Dé Luain bhíos i mo shuí sa phub ag déanamh mionchaint le bean deas chairdiúil, cheapas ar dtús gur bhualeas lei áit éigin cheana, bhí súil aithne agam uirthi??? Bhíos mí-cheart, ach ceart i slí, do bhí súil aithne agam uirthi óna DVD Dance Sean Nós. DVD a fuair mé ag an Oireachtas anuraidh agus a luaigh mé ar an mblog seo cúpla uair. Maldon Meehan a bhí inti, agus bean mór damhsa í siúd. Bhí sí ag damhsa ar an sean nós sa Moon and Sixpence an oíche sin. Is aoibhinn liom an saghas damhsa seo agus anois tar éis bualadh léi tá fonn orm cleachtadh a dhéanamh arís agus na céimeanna bunúsacha a fhoghlaim ar a laghad.

Tá thiar orm anois le mo chuid oibre ach b’fhiú an turas.