Monday, February 28, 2005

Hiopnóis

Bhí deireadh seachtaine bhreá ag timpeall céad duine thuas in Esopus Nua Eabhrac agus do bhí an t-adh ag cuid againn a d'fhan trathnóna Dhomhnaigh i gcomhair crinniú theagasceoirí na teanga. Os rud é go raibh tuirse an domhan orm thiteas i mo chodladh ag leathuair tar éis a h aon an lá úd agus níor fhagas slán le cuid mhór daoine a bhí ag imeacht díreach tar éis lóin. Chuir mo chara Bernie Broderick scairt orm ag beagnach a trí a cloig a rá go raibh gach duine le cheile aríst agus an cruinniú ar tí tosnú. Bhíos i gcóma. Bím i gcónaí tuirse in Esopus de dheasca easpa fíor codladh i rith na hoiche. Tá orm teacht ar hiopnóisí éigin an smaoineamh a chur ionam go féidir liom codladh sámh a fháil ann. Bhíos i suanlios bhreá chiuin an uair seo ach fós féin i rith na h oiche ní or tháinig codladh orm, bheinn lán sásta le suathaireacht, agus deoch agus ceol shuanlaíoch leis...go deas. Ar aon nos bhí oiche Dhomhnaigh agus Dé Luan go breá agus ansin ar aghaidh liom go North Creek agus chaitheas seachtain ansin le Páraic, Cian, Eoghan, Cara, Pooka agus Banba. Léigh mé mo chéad úrscéal le Tom Clancy; The Cardinal in the Kremlim. Níor léigh mé ceann dá chuid riamh cé go mbíonn siad i gcónaí sa teach anseo mar is aoibheann le mo mhic eachtraí na leabhair sin...ach, an uair seo ní raibh leabhar agam féin agus ghoid mé an ceann a bhí ag Cian nuair a bhí sé amuigh áit éigin,. Ansin bhí troid eadrainn faoin diabhal leabhar go dtí go raibh orm dul isteach go dtí an leabharlann i North Creek agus cóip eile a fháil.
Thánamar abhaile Dé Sathairn agus chuamar go cóisir "Mardi Gras" an oiche sin. Fuaireamar an cuireadh coicís ó shin agus bhí ionadh orm go raibh cóisir mar seo i lár an chargais? ar aon cuma sílim nach raibh a fhios ag an dream ann go raibh baint ar bith idir Mardi Gras agus Cargas, agus ar ndóigh go gcuireann an fíor Mardi Gras deireadh ar aimsir na coisire............... níor luaidh éinne cargas (B'fheidir nach bhfuil sé sin PC faoi láthair) agus bhíomar go leir lán sásta sult a bhaint as an oiche le cheile agus sinn in aghaidhfhidil álainn, hataí agus beads le sáith bia cajun.

No comments: