Tuesday, February 08, 2005

Imíonn an t - am...

Níl sé chomh éasca dom scríobhnóireacht a chur isteach anseo ró-mhinic. Ní hé go bhfuilim leisciúil ach le bheith macánta imíonn an t am uaim agus muna gcuirim cúpla focal suas ar maidin ní bhíonn seans agam teacht ar ais i rith an lae. Bhí mo chara ceart go leor tar éis seachtain ar an tolg ag ithe agus ag féachaint ar an dteilifís. Bhí an t-adh léi is docha. Chaitheas an dá deireadh seachtainí ó shin ag sciáil san Adirondacks. Bhí an aimsir go breá agus is trua aon duine a d'imigh go dtí an iarthar ag lorg sneachta mar bhí sé ar fheabhas anseo i Nua Eabhrac. I rith na seachtainí ní raibh nóiméad breise agam agus anois táim ar tí imeacht go dtí an t Aerfort, ag feitheamh ar mo shiob atáim, beidh mé in Eirinn ar maidin agus caithfidh mé seachtain ansin. Beidh bainis Máire agus Tomás Dé Satharn i Gougane Barra Co Corcai agus beidh craic againn gan amhras. Scéal na bainise an tseachtain seo chugainn. Inniu Shrove Tuesday agus bhíos ag smaoineamh go raibh pancóga againn i gcomhair an tae nuair a bhíomar óg. Bhíodar cosúil le crepes, le im agus sú lemon. An-bhlasta.

No comments: