Tuesday, April 26, 2005

Kingston, Ontario agus nuacht ó Buffalo NY

Chaith mé an deireadh seachtaine i Kingston Ontario, áit a bhí an deireadh seachtaine na Gaeilge ar siúil a luaidh mé anseo lá nó dhó o shin. Bhí dream mhaith bailithe ann oíche Aoine idir tosaitheoirí agus daoine líofa agus iad uilig sásta a bheith le chéile an teanga a cheiliúradh i suíomh cairdiúil. Tháinig sílim ochtar ó ceantar Nua Eabhrac/ New Jersey agus b'fhiú an turas dúinn. Bhí dream ann ó Montréal agus Ottawa chomh maith agus bhaineamar go léir an taitneamh as an tréimhse. Bíonn sé i gcónaí go deas seans labhairt le seanchairde arís........ Ar ndóigh bhí mé ró tuirseach aon rud a scríobh anseo inné. Bím i gcónaí traochta tar éis na deirí seachtainí seo ó easpa chodlata.
Rud eile, fuair mé an drocheolas inné nach mbeadh an Lab i mBuffalo in ann mo chuid chomhaid a shábháil ar chor ar bith. Ní raibh fonn oibre orm tar éis sin a chloisint. Anois os rud é nach bhfuil rud ar bith le déanamh agam faoi sin nílim chun smaoineamh air arís ach plean a chur le chéile an matalang seo a sheachaint amach anseo.

No comments: