Tuesday, April 19, 2005

An tEarrach?

Ní fheadar gur féidir a rá go raibh Earrach ar bith againn in Oirthear na Stáit Aontaithe i mbliana. Braithim go rabhas ag sciáil seachtain nó dhó o shin, ach bhí sé breis agus mí ó shin chun an fhírinne a rá, ach anois tá fíor cuma samhraidh ar an aimsir agus is aoibheann liom í. Samhradh Éireannaigh ar a laghad. Tá sé te go leor domsa agus é 75- 80 céim lasmuigh, timpeall 24- 27 celsius! Go h-álainn Bhí deireadh seachtaine an-chiúin agam agus chaitheas í ag glanadh mo ghairdín. Níor imigh mé áit ar bith agus ba dheas é sin.... Anois tá na héin le feiscint gach áit agus iad an-ghnóthach, na hioraí ag iarraidh bia na h-éan a ghoid agus a leithéid . Thugas cead des na cait dul amach agus cé go raibh eagla orthu ar dtús, go mór mhór ar an ceann is mó, an buachaill Púca, tá siad lán sásta anois uair nó dhó a chaitheamh ag féachaint timpeall agus ag imirt le cuileoga agus an cor duilleog atá fós ann.
Inné thug mé lá eile saor ach anois níl an tarna rogha agam ach dul ar ais ag obair, bhíos ag sheachaint an ríomhaire le tamall. Níl scéal maith ón Laboratory agus tá orm tús a chur ar damage control agus mo chomhaid a athchruthú más féidir, is fuath liom an jab sin. Cuirfidh mé tús chomh maith inniu ar cáipéisí a bhailiú i gcóir an turas go Kingston an deireadh seachtaine seo.

No comments: