Monday, October 10, 2005

All Nighter

Tháinig an saol idir mé féin agus mo bhlog. Tá sé beagnach seachtain ó scríobhas focal anseo. Bhí brú oibre orm an tseachtain seo chaite go dtí go raibh fíor pian sa tóin agam ó bheith os chomhair mo ríomhaire. Ansin, mar luach saothair, bhí an deireadh seachtaine thar barr. Do thuirling cairde ó áiteanna éagsúla orm anseo Dé hAoine. Ar dtús, na ceoltóirí Randal agus Roger atá ar chamchuairt cheoil faoi láthair. Tá Randal ina chónaí i Seattle agus Roger i Taos New Mexico, bhíodar in Albany ag seinm agus bhí gig acu siúd i NYU oíche Aoine. Bhí orthu dul thar mo gheata ar a dturas......Tar éis cupán tae anseo agus sos, d’fhágadar a gcuid stuif le plean teacht ar ais agus fanacht linn thar an oiche. Ansin d’imigh siadsan ó dheas go Manhattan agus a gceann scríbe.
Chuaigh mise, Paraic agus triúr eile dár gcairde tamall gearr eile ina ndiaidh, beirt a tháinig ó Massachusetts, na Siobháin a thugaimid orthu, agus ár gcara Úna. Bhuaileamar le dream eile thíos bhaile, lucht na teanga ar ndóigh, ár mbaicle! Bhí an ceolchoirm ana mhaith. Ach, mar a tharlaíonn go minic le dream Éireannaigh, bhí cúrsaí tar éis na ceolchoirme oifigiúla níos fearr!! Ar ais linn go dtí an pub, The Cedar Tavern, ag 11 30 nó mar sin agus tar éis roinnt dí agus cainte, thosnaigh an ceol arís. Tháinig ceoltóirí eile isteach timpeall a h-aon. Bhí fíor seisiún ann a lean go dtí 4 15. (Ach ní raibh a fhios ag éinne go raibh sé chomh déanach san oíche, d’imigh an t-am uainn gan cead.) Ar ais ansin go dtí mo theach agus chonacthas sinn uile ag ithe tosta sa chistin agus é a sé a chloig maidin Sathairn. Bhí na ceoltóirí bochta leath marbh.

De gnáth ní tharlaíonn all nighter mar sin ach ar Deireadh Seachtainí na Gaeilge!

D’imigh na fir cheoil tráthnóna Sathairn ar aghaidh chuig a gcéad gig eile i bPennsylvania an oíche céanna agus bhí lá ciúin ag an dream eile againn anseo ag léamh na bpáipéir agus ag bailiú fuinnimh. ……….ansin ceolchoirm cheoil traidisiúnta eile tráthnóna Dhomhnaigh le Joanie Madden agus Jerry O’Sullivan. Ceoltóirí eile den scoth!

Anois, ar ais ar an gnáth saol atáim: cad faoin ngalar éin seo?


No comments: