Tuesday, October 18, 2005

Stir Crazy / Bhíos imithe bán!

Fuair mé na nathanna cainte seo ó Aoife Ní Chonchúir, grma a Aoife.

"Táim imithe le gealaigh / tá sé i mo chur le gealaigh
Táim imithe bán / tá sé i mo thiomáint bán
Táim ag braistint corrathónach (má bhíonn tú just restless)"

Dáiríre, bhíos imithe bán leis an bhfearthainne an tseachtain seo chaite, ach bhí deireadh seachtaine bhreá againn sa Adirondacks, Old Forge.
Bhí an Moose River fiáin de bharr an méid sin báistí agus uisce breise ó na lochanna (os rud é go raibh na dambaí ar oscailt acu leibhéal uisce sna lochanna a ísliú roimh teacht an sneachta) mar sin bhí na kayakers ar neamh.
Is olc an ghaoth nach séidfidh go maith do dhuine éigin. Bhí sé tirim buíochas le Dia…..

3 comments:

mark bodah said...

a Hilary, tá áthas orm go raibh an aimsir go maith sna sleibhte Adirondacks nuair a bhí tú ansiúd. Rugadh agus tógadh mé sa Adirondacks, (cheantar Saranac Lake/Lake Placid)agus airím uaim go mór iad uaireanta.

Baineann mé an-sult as do bhlag a léamh. Feicfidh mé ar lá Gaeilge éigean is dócha.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Mhairc,
Conas ataoi? Is New Yorker thú! Is aoibhinn liom an timpeallacht sin i dtuaisceart an stáit. Nach bhfuil Lake Placid ana ghalánta le déanaí? Is i North Creek a fhanaimid de gnáth, oireann sé go mór linn cé go bhfuil sé an chiúin ar fad, (b’fhéidir os rud é go bhfuil sé chomh ciúin sin?) Téimid ansin go minic tri na bliana.
Ádh mór.
Hilary

mark bodah said...

Tá, a hilary, tá mé cinnte go bhfuil Lake Placid an-ghalánta faoi láithair, ach ní raibh mé ansin le fada..tá mé i Holyoke, MA anois. ba mian liom dul go dtí na Adirondacks níos minice, go deimhin, tá m'athair agus mo (step) mháthair in a gcónaí ansin, agus mo fhíormhathair chomh maith, ach ní bhíonn seans agam dul ann. Is breá liom na sleibhte, an choill, agus na hamhainn, ach tá siad agam anseo i Massachusetts!