Monday, May 01, 2006

Molann an Obair an Fear

Chaitheas uair maidin Sathairn ar chlár radio sa stáisiún WFUV, (lonnaithe in Ollscoil Fordham, sa Bhronx, NY.) Is stáisiún poiblí é WFUV, mar sin ní bhíonn airgead ag teacht isteach chucu ó bhfógraíocht. Bíonn ar na craoltóirí féine uair nó dhó sa bhliain, a impí ar a lucht éisteachta, deontas, nó costas bhaill, a chur chucu a gcláir difriúla a choimeád i mbeatha. Sin an fáth go rabhas ann, beo ar an aer, cabhair a thabhairt leis an jab sin, bailiúchán airgid ar son clár áirithe.
Míle Fáilte an t-ainm atá ar an gclár agus is é Séamas de Bláca an craoltóir le breis agus 25 bliana anuas. Tá fan club mór aige cheana féin agus ní raibh orm a dhéanamh ach chomh tábhachtach agus atá a dtacaíocht, (i bhfoirm airgid) a chuimhneamh dóibh, agus bhíos lán sásta é sin a dhéanamh.
Is é cuspóir an chláir ná an teanga a chur in iúl i slí taitneamhach timpeall an trí state area. Ní bhíonn an clár trí mheán na Gaeilge go hiomlán mar, dar le Séamas, tá roinnt dá lucht éisteachta gan focal Gaeilge ar bith acu ach fos féin baineann siadsan an-taitneamh as an gclár agus as an gcumaisc a bhíonn le fáil ann. Bíonn míle fáilte roimh cách le suim acu i gcultúr na ngael. Cloistear ceol, scéalta stairiúla agus samplaí den teanga trí comhrá beo nó ó CD’s agus téipeanna atá ar an margadh faoi láthair ar an gclár seo. Meascán idir sean-nós agus amhránaíocht chomhaimseartha, nuacht faoi chúrsaí na teanga in Éirinn agus anseo sna SAM agus gach ní eile maidir leis an teanga…leabhair, údair ar leith agus a gcuid saothair, filíocht. Is clár faoi leith é agus moladh mór tuillte ag Séamas dá bharr. Blaiseadh na hEireann. Ní chreidfeá an méad ama a chaitheann sé agus an méad eolais a scaipeann sé ó seachtain go seachtain. Bíonn sé i gcónaí toilteanach tacaíocht a thabhairt chuig lucht na teanga agus a n-eachtraí timpeall na haite, bolscaireacht a dhéanamh dúinn srl agus táim ana bhuíoch de as sin.
Is rud iontach é go bhfuil an Ghaeilge le cloisint ar chlár raidió poiblí i NYC.
Tuilleadh eolais nó is féidir éisteacht ar an gclár féin sa chartlann: Wfuv.org. Féach ar chlé: Celtic Sounds/Míle Fáilte 90.7 fm

2 comments:

Anonymous said...

Seamus d Blaca
Cur sios fuinniuil agus tarrangtach, a Hilary.
Go raibh maith agat.
Seamus

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Tá fáilte romhat!