Saturday, May 27, 2006

Tháinig áthas orm.....

Is trua liom a admháil gur tháinig áthas orm le déanaí le mífhortún daoine áirithe, …..braitheann sé ar an gcás. Nuair a chuala mé go bhfuarthas Ken Lay agus Jeffrey Skilling (Enron) ciontach i mbeagnach gach ceist sa chuairt an tseachtain seo chaite tháinig áthas orm. An méid sainte a bhíonn le feiscint i gcúrsaí gnó ní hamháin sa tír seo, ach gach áit! Cuireann sí déistin orm. Ach, mar mhode eacnamaíochta is é caipitleachas an mode is fearr, faraor bíonn an mode seo oscailte roimh saint agus is cosúil nach féidir smacht a chur uirthi.
Is féidir a rá go bhfuil an chontúirt céanna i gcónaí ann, na créatúir bochta, …bíonn an cathú i gcónaí ina bhealach! “Tá níos mó uaim!!!” (Níl sé ach nádúr daonna! Nó an bhfuil sé sin fíor ar chor ar bith?) Inniu sa pháipéar bhí cur síos ar an CEO in Home Depot agus an t eolas go bhfuair seisean $245 mhilliún ón gcomhlacht taobh istigh cúig bhliain……………An leor aon suim? $245 mhilliún!
Feicfimid arís is arís eile é, éinne atá leis nó léi an chumhacht, tagann saint san áireamh.

2 comments:

Anonymous said...

Súilmiúl. Léigh mé an rud céanna agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé ar aon scéal leat. Tá cuid is mo de Home Depot stock agam agus b'fhéidir go mba chóir domhsa stock eile a cheannach in áit.

Seán

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Nach bhfuil sé go dona….’Sé sin $23,557 an uair!
H