Sunday, March 25, 2007

Lá na Gaeilge 2007

(Pic ó 2005, Muiris, mise agus Br.O Cuinn)
D’imigh an tseachtain seo chaite mar ghaineamh trí mo mhéara! Bhí an Lá na Gaeilge 2007 ar siúil dé Sathairn i gColáiste I, New Rochelle NY. Bhí an-lá againn. Chuireamar tús ar imeachtaí an lae ag a naoi a chlog agus leanamar go dtí, bhuel timpeall a sé nó mar sin. Bhí 82 í láthair agus sinn uile dírithe ar an teanga an lá iomlán. Bhí ranganna ar ceithre leibhéal, (le múinteoirí den chéad scoth, Eibhlin Zurell, Una McGillicuddy, Seán Tierney, Caoimhe Ní Bhaoill,) Bhí grúpa chomhrá ann chomh maith, fiche daoine le gaeilge líofa le cheile agus iad dírithe ar fhadhbanna an domhain a réitigh! Bhí dhá léachta againn; ceann amháin faoi “Ráiteas i leith na Gaeilge” le Máire Haslam (tuairim suimiuil anseo!)agus ceann eile An Appalachian Trail le Noel Cotter. Bhí scannán an deas againn chomh maith; an bráthair Cathal Ó Cuinn, nach maireann, ag caint le Pádraig Ó Cearuill i 2006. Ba é seo an seachtú lá na Gaeilge i Westchester NY agus go dtí seo bhíodh Br. Ó Cuinn i gcónaí linn ar an lá mór. Tháinig cuid dá chairde ó phobal Choláiste I, bráithre eile, agus cé nach raibh focal Gaeilge acu bhíodar sásta féachaint ar an scannáin agus éisteacht ar ghuth a sean chara. Bhí cúpla focal le rá ag buan cáirde an bráthair, Br. Robert Durning agus Muiris Bric. (Griangraf thuas ag Lá na Gaeilge 2005)

Sílim gur bhain gach duine sult as an lá ach faraoir rinne mé dearmad mo ceamara a thabhairt liom…bhí go leor rudaí eile ar m’intinn an mhaidin sin! B’fhéidir go bhfaighidh mé griangraf nó dhó in ephoist ?.... Tháinig lucht na teanga ó Baile Atha Cliath, Washington State, Mass, Ct, Long Island, NJ agus Pennsyvania, gan trácht ar ár ndream féin ó NY!

Go raibh míle maith agaibh go léir, ar dtús an fhoireann; Siobhán Shea, Máire Aine Swords, Naomi Mc Cooe, Sean O Fiannaí, Bernadette Broderick, Donncha O Cuinn, Maura agus Colie O'Leary, Joan O'Connell agus Cian Mac Suibhne. Bhíodar uile ag obair ó luath na maidine gach rud a bheith in ord agus in eagar, agus ar ndóigh mo bhuíochas a ghabháil chuig ár gcuairteoirí uile.

4 comments:

Séamas Poncán said...

An-lá ar fad, cinnte. Cé a bhí ann ó Washington?
Beidh tuairiscí/agallaimh agam ar ár bpodchraoladh ar ball, ón lá seo (lcD).

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Sheamais,
Ba é Robeárd de Búrca. Tá sé in a chónaí gar don teorann idir Wash agus Oregan. Bíonn sé ag muineadh na Gaeilge thar ansin i Marylhurst College, Portland Oregan. Beidh a gcéad Lá na Gaeigle acu siúd ar an 19ú de Mhí na Bealtaine.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Lá na Gaeilge!!

Anonymous said...

A, Hillary,

Go raibh míle maith agat! Bhí an aimsir an-té. Bhí na múinteorí ar fheabhas. GRMA Seán Tierney! Tá dó ranganna go hiontach I gcónaí.

Bhí mé ag feachaint ar Irish for Everyone areir. Beidh bráthair Cathal Ó Cuinn linn go deo. Tá sé cuid den theanga.

Bhí na léachtóirí faisnéiseach agus siamsúil.

Táim buíoch díot.

Johannah Mackey