Wednesday, March 07, 2007

Plean ar Strae!

Bhí plean agam píosa a scríobh faoi clár raidió a chuala mé dé Luain, clár a bhaineann le leabhar atá léite agam le déanaí………ach ochón do bhuail virus éigin orm maidin inné, ceann a mhaireann timpeall lá amháin nó lá go leith. Is aisteach chomh dona agus a bhíonn galar mar seo nuair a bhuaileann sé ort! Is duine láidir go leor mé, ní bhím tinn ró mhinic, agus má bhím, anois is arís, bím ar ais ar mo sheanléim tapaigh go leor. Inné, cheapas go rabhas ag fáil bháis! An seana scéal a ghearrann na cosa uait ó am go ham………Dhúisigh mé le preab timpeall a ceathair a chlog le drochphianta i mo bholg, bhíos ag cur allais agus fuar dá mbarr. Chaitheas cúpla uair ag tabhairt cuairteanna ar an seomra folctha go rialta (Tuigim, tuigim…an iomarca eolais!) agus timpeall a seacht a chlog cheap mé go raibh saghas bhisigh ag teacht orm, ar a laghad bhí mo chorp glanta amach! Ghlacas cith agus ar aghaidh chun oibre mé (óinseach nach beag a bhí ionam agus aistear uair a chloig ar an traein..) Bhíos chomh lag sin go raibh míobhán ag teacht orm an mhaidin iomlán agus tháinig mé abhaile, isteach sa leaba liom ag 3:00 pm agus níor bhogas go dtí a ceathair a chlog maidin inniu nuair a chuir Cara (mo sheana mhadra) i mo dhúiseacht mé agus í ag iarraidh dul amach sa chúl gairdín. Chuaigh sise ina leaba-sa in aice mise ag 3 00pm agus faraor níor bhog an créatúr ach oiread ó shin. Bíonn sí sách dílis! Ní raibh mé ag smaoineamh uirthi fad is a bhíos ag fualaingt!
Ní raibh mé in ann dul ar ais a codladh tar éis í a ligint amach, chuireas an tine ar lasadh sa chistin agus rinne mé leite. Bia an othair!

Táim beagnach ceart go leor anois.

6 comments:

Anonymous said...

cúpla seachtainí ó shoin lámh ghorta agus víoras anois. Tabhair aire ort agus nárbh i bhfad a mbeidh aghaidh an bhisigh ort.

Cogar, an mbíonn tú ag coinneáil bia folláin leat?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Oh No! An bhfuil ré na ngearán tosnaithe agam.....tá brón orm a Fhirn!
Ta an lámh ceart go leor ach bím cúramach lei i gcónaí. Nil a fhios agam cad a chuir tús leis an bhfadhb sin .....(tá cúpla smaoineamh agam).. ach bhí se go dona pianmhar le h aghaidh beagnach tri mhí.
Cuirfidh mé deireadh leis na gearáin.

Anonymous said...

Ó! Ná bac liom.
An duine nach ndéanann gearán, is duine gan mhothú é.
Is maith go bhfuil luail do láimhe agat arís

mark bodah said...

nach mór an dráma é seo!

;)

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Nach í sin an fhírinne ghlan! …. a Mhairc!
….Bhí an lá sin lán de dhráma agus spraoi!
:)

Séamas Poncán said...

Tá an víreas sin ag dul thart. Bhí sé ormsa cúpla mí ó shin, agus ar mo bhean ina dhiaidh sin. B'olc sin duit, cinnte. Tuigim do chás!