Tuesday, July 21, 2009

Bhuel...

Bhuel, bhí sé i ndán dom…chomh luath agus a scríobh mé an teideal sin inné bhí a fhios agam go mbeadh aiféala orm gan mhoill….Seo liom anois agus fearthainn te an tsamhraidh ar chuairt, scamaill ag sá isteach ó gach treo. Spéir throm lagbhríoch glas ag crochadh os cionn na crainn báite. Seans teacht suas le mo chuid oibre is dócha, hmm…. cé go bhfuilim sásta go leor le beagán luais anois is arís.

4 comments:

Séamas Poncán said...

Fáilte romhat abhaile.

John M O Donoghue said...

A Hilliary leanann an báisteach tusa, b'fheidir gur teachtaireacht é sin teacht ar ais go dtí "an sean - fhód".

John M O Donoghue said...

A Hilliary bhí bhrón mór orainn faoi bhás Frank McCourt, scriobhnóir agus scéalaí iontach.Tugadh moladh na spéire dó, agus é tuilte aige, ar dhá thaobh an Atlantach.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Ná habair go leanann sí mé! Rachainn as mo mheabhair ar an bpointe….
Chuala mé Frank McCourt ag caint ar an clár raidió an tseachtain seo chaite, athchraoladh a bhí i gceist. Bhí sé ana mhaith ach an saol crua a bhí acu i Luimneach… ní gá níos mó a rá mar tá an scéal le fáil, ach amháin go bhfuil sé níos measa agus é ag caint díreach duit, fiú ón raidio, faoi laethanta a óige.