Monday, July 20, 2009

Thar n-ais i dTír na Gréine.

Bhí saoire bhreá agam in Éirinn. Bíonn sé i gcónaí go deas tamall a chaitheamh sa bhaile, cé go bhfuilim lonnaithe anseo le fada anuas, agus, chun an fhirinne a rá, tugaim sa bhaile ar Nua Eabhrac chomh maith anois. (Déanaim athrú go huathoibritheach ar mo chuid cainte nuair a thuirlingíonn an t-eitleán, ní bhím ar vacation níos mó, bím ar holiday srl.)

Chaitheas an chuid is mó de in iarthar an Chláir, an Dún Beag, bhíos ansin ar feadh ocht lá agus ansin bhailigh mé liom go baile Átha Cliath ar feadh dhá lá.
Tháinig sean cara liom agus a hiníon ar turas chugam ar an gcéad Domhnach, thar abhainn na Sionainne leo sa seana bhád farantóireachta go Cill Rúis. Chaitheamar an tráthnóna sin ag caint agus ag féachaint ar an gcath mór idir Roger Federer agus Andy Roddick. Chaitheamar laethanta ár n-óige ag imirt leadóige i Limerick Lawn Tennis Club fadó fadó!! Bhí an bheirt againn ar thaobh an Mheiriceánaigh ach bhí mo mháthair ar thaobh an Swiss! Bhí an aimsir go deas ag tús na seachtaine, chuaigh mé ar turais lae go Leacht, Sráid na Cathrach, Cill Rúis agus Cill Chaoi.

D’fhreastal mé ar bhainis mo neacha Aoife agus a grá geal Eoin i nDún Beag,Contae an Chláir, chomh maith. Cóisir a lean trí lá, ar a laghad, b’fhéidir níos mó do dhaoine áirithe! Bhí gach rud go hiontach ar fad agus soiléir gur bhain cách sult ana mhór as an tréimhse. Bhí cuma aingil ar Aoife, ní nach ionadh mar is meabhróg álainn go smior í agus tá an t-ádh dearg le hEoin, dar liom! Bhí a gcairde go léir i láthair don deireadh seachtaine iomlán agus an chraic i bhfad níos mó ná nócha de réir dealraimh! Tharla go raibh an aimsir go hainnis amach is amach laethanta na bainise. Bhí sí chomh h-olc gur ábhar grinn a bhí inti! Fiáin! Níor chuir sí amach ná isteach ar an mbrídeog. Bhíomar suite i bhfoirgneamh galánta, sáil, sómasach ar rinn an club ghailf in aice na Tráigh Bháin agus gach uile dhuine ar a sáimhín só.

No comments: