Wednesday, January 26, 2011

Féinics?

Ba dheacair a bheith ar nós cuma liom maidir le cúrsaí pholaitíochta in Éirinn le déanaí. Ba thrua féachaint ar deireadh, nó féinscriosta Fhianna Fáil, An Páirtí Poblachtánach, mar a bhí feicthe againn le tamall anuas. Tá meas na ndaoine caillte acu.

In aon ghaol bíonn sé deacair meas a athchothú....…bíonn seans ann, fiú nuair a bhíonn sé ag laghdú, ach nuair a imíonn sé bíonn sé imithe go hiomlán. An bhfuil a lucht leanúna féin acu fós?
An bhfuil Féinics le feiscint? Chífimid.

3 comments:

Mise Áine said...

Chuala mé, ar chlár éigin ar an raidío anseo le déanaí, go bhfuil daoine ann, lucht leanúna rialta Fhianna Fáil, a cheapann anois nach dtabharfaidh siad vóta don pháirtí sin a thuilleadh, ACH, dar leis an té a bhí ag labhairt, agus creidim go bhfuil cuid den cheart aige, nuair a thiocfaidh lá na vótála, nach mbeidh formhór acu in ann a vóta a thabhairt d'aon pháirtí eile, ó tharla é go smior iontu vóta a chaitheamh d'Fhianna Fáil riamh.

ormondo said...

Bhí le cloisint ar Adhmhaidin ar maidin go mbeidh Micheál Martin ag díriú ar sheanlucht dílis Fhianna Fáil as seo go dtí lá an toghcháin, féachaint an mbeadh sé in acmhainn iad a mhealladh ar ais i dtreo is nach mbeidh an toradh chomh tubaisteach agus a bhfuil an chuma air faoi láthair.

Má cheapann na daoine go mbeadh an t-uasal Martin in ann an páirtí a athnuachan ó bhonn, b'fhéidir go n-éireoidh leis fiú, ach níl mise "ar an talamh", mar a déarfá.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Bheadh sé go dona má fhanann cuid den thoghthóireachta taobh amuigh den phróiseas de dheasca fuarchúise nuair atá seans acu a dtuairimí a chur in iúl. Ach ní mé an bhfuil an sean lucht leanúna Fhianna Fail chomh mór sin fós? b'fhéidir nós atá i gceist anois, nós gan fréamh ró-dhomhain? Tá cuma dhifriúil ar thoghthóireacht an lae inniu ná mar a bhí sí fiú 20 bliain ó shin, tá sé i bhfad níos óige ní fheadar an bhfuileadar chomh tógtha leis na difríochtaí bunúsacha idir Fianna Fáil agus Fianna Gael ó stair na 1920s.....ó thaobh idé -eolaíocht an bhfuil siad chomh fada sin óna cheile? An bhfeadfaidís in ann obair le chéile riamh??? Smaoineamh soineanta saonta....
Cloistear ana chuid go ginearálta faoi athruithe an chórais ach ní chloistear mórán sonraí fúthu!