Wednesday, January 05, 2011

Sáile an tSaoil

Ag siúl in aice an tí le Eoghan agus Cara atá ar fónamh arís agus í 16

Fáilte 2011.
Beidh an 6ú lá de mhí Eanáir buailte linn amárach, Little Christmas Nollaig na mBan a thugadh ar an lá i ndeisceart na hÉireann, uair amháin coimeádadh mar shaoire do na mná ag deireadh na Nollag, an 12ú lá. Bhuel, ní dóigh liom go leanann an traidisiún sin níos mó? Tosnóigh mé ag cur maisiúcháin na Nollag i bhfolach arís ar ball inniu, tá cuma thirim ag teacht ar an gcuileann anois ar aon nós, ach tá an sceach féin ag féachaint go breá os comhair fuinneog m'oifige, an cor caor dhearg uirthi.
An cheist is mó a thagann chugam le déanaí ó chairde ná "An raibh Nollaig mhaith agat?" Bhí, cad é atá i gceist ag an am is dorcha sa bhliain ná tréimhse gan stró, i gceartlár sáile an tsaoil, agus iad sin a aithint.
Cad é atá i gceist le sáile an tsaoil áfach? Braitheann sé, bheadh freagraí difriúla ag cách, an bhfuil a fhios agat féin?

2 comments:

Séamas Poncán said...

Matha 5:13 "Is sibhse salann na talún. Ach má éiríonn an salann leamh, cad a dhéanfaidh goirt
arís é? Níl tairbhe ann feasta chun rud ar bith, ach é a chaitheamh amach mar a ngabhfar
de chosa ann."

Níl tú leamh, a dhuine!

Mise Áine said...

Bain sult as an saol, a Hilary, sin an teachtaireacht uaimse!

Tabhair faoi deara, a chara, go bhfuil mo bhlag, Mise Áine, faoi ghlas/míchumas ag Google, agus chruthaigh mé blag nua - bheinn buíoch díot ach an seoladh nua a chur faoi m'ainm ar Blog List, mura miste leat:

http://ramhaille.blogspot.com

Beidh fáil agat ar mo rámhaillí ansin, más mian leat!