Wednesday, October 27, 2021

Cuireann Léamh Mé ag Smaoineamh ( - agus ag Scríobh.)

 



Bhí agallamh breá ag Brian Ó Conchubhair leis an scríbhneoir Pádraic Breathnach inniu faoina scéal "Na Déithe Luachmhara Deiridh." Ciorcal léitheoireachta beo ar líne atá i gceist agus tá fáilte roimh chách a bheith páirteach chun aithne a chur ar scríbhneoir an lae agus a c(h)uid saothar a phlé. Bhí breis agus daichead duine páirteach.

 



Pádraic Breathnach

Is léir ón teideal  "Na Déithe Luachmhara Deiridh." go mbaineann an gearrscéal seo le
hathruithe, sa chás seo athruithe i bpobal tuathúil, de dheasca eisimirce agus bás.

Tá an scéal lonnaithe áit éigin in Éirinn.

 

Osclaíonn an scéal le pictiúr álainn den dromchla clúdaithe le sneachta, maidin lá chinn, Nollaig na mBan, an Eipeafáine. An bhfuair Máire, an príomhcharachtar, leas tuisceana an lá sin? Fuair, dar liom, ach is leis an léitheoir an cinneadh sin a dhéanamh, níl sé soiléir.  Cheapas go raibh íomhá an sneachta go haoibhinn sa scéal, bhain an seanbhean, Máire, sult as, bhí áthas uirthi, bliain tar éis bliana é a fheiscint - Chuir an brat bán gach rud i bhfolach áfach, ní raibh rian duine le fáil ach an cor lorg cos, agus, dála Mháire, ní bheidís ansin rófhada, d'imeodh an sneachta agus bheadh gach lorg cos imithe leis. Ach ag iarraidh teacht ar dóchas rith sé liom gur minic a thagann síolta beaga chun beochta tar éis dóibh a bheith fé sneachta tamaillín - an bhfuil dóchas le fáil ón sneachta mar sin? Go mbeadh seans ann amach anseo? - ní do Mháire, ach don timpeallacht - uair éigin.


Tarlaíonn an rud céanna gach áit timpeall an domhain sílim, ní hamháin in áiteanna iargúlta. Athraíonn ceantair i gcathracha chomh maith, is minic nach mbíonn fágtha ach baintreacha ina gcónaí ina n-aonar thuas thíos bóithre, na bóithre céanna a bhíodh beo le páistí agus fuinneamh tamall gearr, abair glúin nó dhó roimhe sin - Oibrí Sláinte agus Cúram ag bogadh ó theach go teach gach maidin ag tabhairt chabhrach agus cineál cairdis, glactha go drogallach -ar dtús. Seomraí thuas staighre folamh.  


Chuir scéal Phádraig mé ag smaoineamh - Is cuimhin liom tamall fada go leor ó shin, (beagnach tríocha bliana! roimh dom bogadh go Nua Eabhrac,) nuair a thugas cuairt ar ghaolta chleamhnais agam thuas sna Cruacha Gorma i dTír Chonaill. Tá an tigh in ard sléibhe ansin agus tá radharc breá, dar liom, trasna an ghleanna. Ach níor thuig mise rud ar bith. Níor mhaith le héinne an radharc, chuir sé brón orthu. Míníodh domsa mar do bhíos chomh dúr - Bhí na crainn síorghlas ag dreapadóireacht go mall tríd an gleann de dheasca The Forrestry.  (Béarla ina gcuid Gaeilge bhreá).  Bhíodh The Forrestry ag ceannach píosaí beaga talún de réir a chéile agus do bhí athruithe ag teacht ar dromchla a ndomhain dá bharr. Bhí an comhluadar áitiúil brónach agus buartha ag féachaint trasna ansin thar na blianta beaga. Ní fhacadar na seantithe a bhíodh ansin tráth. Leanadar ag caint faoin gceantar mar a bhíodh sé, agus na daoine go léir a bhíodh ina gcónaí ansan. Bhí sé an-deacair domsa a bheith cinnte cé áit a mbíodh na seantithe a luadar mar chuir na crainn clúdach glas ar gach uile ní.


Agus tá dhá dán nua ag péacadh ionam....

Is é Gearrscéalta Ár Linne atá idir lámha ag an gciorcal comhrá idirnáisiúnta seo. (25 Scéal.)

Le fáil láithreach mar é-chóip @ $10:50.
Naisc: Chun an é-leabhar a fháil: https://amzn.to/3pXFZxV

Agus an cruinniú: https://notredame.zoom.us/j/91413956954

Agus an t-am: 1900, am Éireann.

2 Samhain: Micheál Ó Conghaile, “Reilig na bhFocla,” 241-254.


9 Samhain: Biddy Jenkinson, “Consortium Mulierum,” 53-61.


16 Samhain: Pádraig Ó Cíobháin, “An tAthair, an Mac agus an Seanbhuachaill,” 141-155.


23 Samhain: Pádraig Ó Siadhail, “Meisce Breallántachta,” 299-309.


Foilsithe ag Cló Iar Chonnacht - is féidir an leabhar a fháil sa phost seilide.
https://cic.ie/shop/leabhair/ficsean/gearrscealta-ar-linne/






No comments: