Wednesday, October 13, 2021

Dianmhachnamh nó Casadh mheabhraíochta? Tóg nóiméad duit féin.

 


Thosnaigh mé le dianmhacnamh le linn na paindéime, timpeall bliain ó shin anois déarfainn. Gach tráthnóna timpeall 4:30 nó 5:00 agus mé críochnaithe le hobair an lae, liosta mo chuid oibre nó pé rud a bhíodh idir lámha agam, tráthnóna sciála fiú dá raibh an t-ádh orm!

Bhínn tuirse go minic i rith an lae de dheasca easpa chodladh na hoíche agus cheapas go mbeadh dianmhacnamh cabhrach, b'fhéidir, nó ar a laghad cheapas nach ndéanfadh sé aon dochar.  Bhíos amhrasach go leor ach fós féin lean mé ar aghaidh leis an bplean, ar dtús ar feadh deich nóiméad. Shuigh mé ar mo tholg compordach nach bhfuil ró bhog, cosnochta ar an urlár, mo lámha ar mo cheathrúna, mo dhroim díreach le tacaíocht ón suíochán. Rinne mé iarracht stop a chur le smaointe, le liostaí, le ceisteanna, le himní, le cuimhneamh agus araile. Cas mé m'intinn chuig mo cholainn ó logaill mo shúile go barr mo chinn agus ansin síos, síos go mall, trí gach ball dí go boinn mo choise ar an talamh. Chaitheas am ag éisteacht le gnáth fuaimeanna an tsaoil, Púca ag crónán, éanlaith na spéire lasmuigh, tictoc an chloig, agus bhí an ceart agam, ní dhéanann sé aon dochar. Taobh istigh seachtain amháin bhí mé sásta cúig nóiméad déag a chaitheamh ar an gcaitheamh aimsire seo agus anois oireann idir fiche cúig nóiméad nó leathuair a chloig dom. Plean agam na treoracha a thabhairt, as Gaeilge ar ndóigh, nuair a thagann dream againn le cheile amach anseo. Pé uair....

Ach rith sé liom nach bhfuil "dianmhachnamh" oiriúnach mar theideal mar is tréimhse gan mhachnamh atá ar thóir agamsa. Nó an bhfuil foca(i)l eile oiriúnach?



Comments? Please DM me on Twitter or FB.
I'm no longer processing comments here due to trolls.

No comments: