Monday, April 03, 2023

An Scannán: Róise agus Frank


Comhad Fuaime Thuas

Nach bhfuil ríméad orainn leis an éacht a dhein an scannán breá An Cailín Ciúin? Faoi dheireadh a cheapas, an Ghaeilge le cloisteáil san aicme seo: Scannán Lánfhada. Tá áthas orm a rá go bhfuil scannán eile trí mheán na Gaeilge le feiscint anseo í Meiriceá! Agus ar Netflix agus eile amach anseo tá súil agam!
Bíonn na gearrscannáin iontach agus tábhachtach ar ndóigh  -  ach bhíos féin ag súil le fada go ndéanfaí níos mó scannáin lánfhada trí mheán na Gaeilge agus anois buíochas le Fís Éireann, TG4, Macalla agus eile tá sé tosnaithe! 

Chonaic mé Róise agus Frank inné san Amharclann The Quad ar shráid 13, Manhattan. Bhí sé go hiontach ar fad - cad iad na focail chearta a thabhairt ar an bpíosa ealaíne seo? - milis, tochtmhar, brónach, sona, áthasach? Oibríonn na haidiachtaí seo go léir. 
Is scéal simplí é a bhaineann le briseadh croí agus uaigneas dá barr, agus nach é sin scéal a bhaineann le beatha an duine pé áit ar domhan? Scéal a labhraíonn le gach éinne againn, scéal a labhraíonn linn gan focail ar bith fiú. Tá cumarsáid éifeachtach idir madra darb ainm Frank agus an bhaintreach Róise gan focail eatarthu agus thuigeamar é sin cé nár thuig a mac Alan agus a comharsana é sin ar dtús. Tá Alan croíbhriste tar éis báis a athair chomh maith ach ag iarraidh an phian sin a choimeád faoi cheilt, ag leanúint ar aghaidh lena chuid cúraímí, gach duine ag cur thuairisc a Mham, fad is atá a chroí faoi trom lena bhuairt féin.

In ainneoin gach rud atá scríofa thuas agam tá an-siamsa sa scannán agus ba mhinic a bhíomar ag gáire nó ar a laghad bhí miongáirí le feiscint ar na haghaidheanna go léir san amharclann, (le linn na nóiméid nuair nach raibh tocht orainn!! ) 

Tá cuma álainn ar thírdhreach na Déise ní nach ionadh, agus is deas chomh maith na páistí go léir a chloisteáil i suímh nádúrtha, ar scoil agus ag imirt iománaíochta... (cén fáth go mbíonn páistí chomh cruálach?)

Sílim go bhfuil scannáin ar chaighdéain ard mar atá an ceann seo ana thábhachtach i saol na teanga, léiríonn siad an teanga i mbéal daoine difriúla idir óg is aosta thuas thíos na tíre agus as sin cumas cainte leathan a ghlacadh mar a bhíonn le cloisteáil i ngach teanga shláintiúil timpeall an domhain.

Téigí chuig an scannán seo a léitheoirí uaisle - is fiú.



Tuilleadh eolais anseo faoi Nua Eabhrac: https://quadcinema.com/film/roise-frank/
agus seans go mbeidh an scannán le feiscint gar duit - féach anseo : https://roiseandfrankmovie.com/
Réamhbhlaiseadh: 
https://www.youtube.com/watch?v=wDzDisrk4A8

No comments: