Thursday, May 04, 2023

Dianmhachnamh nó Ganmhachnamh? Do rogha.




Nuair a bhí Covid i mbarr a réime thosnaigh mé roinnt caithimh aimsire nua - ceann amháin ná conas dianmhachnamh a dhéanamh.

Rinne mé iarracht stop a chur le smaointe, le liostaí, le ceisteanna, le himní, le cuimhneamh agus araile. Cas mé m'intinn chuig mo cholainn ó phoill mo shúile go barr mo chinn agus ansin síos, síos go mall, trí gach ball dí go boinn mo choise ar an talamh. Chaitheas am ag éisteacht le gnáth fuaimeanna an tsaoil, Púca ag crónán, éanlaith na spéire lasmuigh, tictoc an chloig, agus, bhí an ceart agam, ní dhéanann sé aon dochar. Taobh istigh seachtain amháin bhí mé sásta cúig nóiméad déag a chaitheamh ar an dianmhachnamh agus anois oireann idir fiche cúig nóiméad nó leathuair a chloig dom.

Ach rith sé liom nach bhfuil "dianmhachnamh" oiriúnach mar theideal mar is tréimhse "Ganmhachnamh" atá i gceist agamsa. Nó an bhfuil focal eile oiriúnach?

Bhí mé ag múineadh ranga le Daltaí na Gaeilge in Esopus N.E. lá.....Meascán do dhaoine fásta sa rang le suim nach beag acu sa teanga a bhí iontu. Bhí an rang sách mór áfach dar liom, timpeall 25 duine a bhí ar an liosta. Is fearr liomsa grúpaí níos lú i ndáiríre, bíonn sé níos fusa gach duine a bheith lárnach in imeachtaí agus cómhráite srl. Ar aon nós ní raibh an tarna suíochán sa bhuaile agam ach leanúint ar aghaidh, cuid acu i bhfad níos laige sa Ghaeilge ná cuid acu eile. Bíonn sé deacair a bheith cinnte cén leibhéal Gaeilge a bhíonn ag dream mar é gan ach imeachtaí fíor simplí ar chur ar bun ar dtús - is minic a bhíonn daltaí áirithe neirbhíseach focal a rá ag tús báire!  

Ar aon nós d'éirigh go maith sa deireadh sílim agus rud amháin úr a chuireas os a gcomhair ná tamall gearr a chaitheamh ar dhianmhachnamh. Cheapas go mbeadh sé go breá mar ábhar ranga mar bíonn níos mó na leibhéal amháin i gceist.  Foclóir nua, cleachtadh éisteachta agus gach duine compórdach.

No comments: