Wednesday, June 01, 2005

Ender's Game

Bíonn mórshiúil beag sa bhaile seo gach Memorial Day. Sean traidisiún atá ann agus is maith liom é, sílim go bhfuil sé ana thábhachtach meas a cothú ar son saighdiúirí, ní thuigimid saol an tsaighdiúra agus é ag troid, is pawns amach is amach iad agus níl orthu a bhíonn an locht de gnáth, má théann cúrsaí in olcas. Is fuath liom cogadh áfach, nach féidir linn cathanna a sheachaint le níos mo cumarsáide? Tuairim saonta soineanta é sin is dócha…….Tá a fhios agam, ach níl náire orm faoi. An tuairim céanna ag Ender, an laoch óg a shábháil an domhan sa leabhar Science Fiction, Ender’s Game ach le costas ró ard dar leis…....... An cluichí móra iad na cogaí uafásacha ar fud an domhan le drochchostas, costas ró ard? is dócha go bhfuil, ach an ceart é ár gcinn a bheith sa ghaineamh? B’fhéidir go mbeadh sé níos fearr dúinn a bheith aineolach agus compordach inár saolta slána, bheadh sé níos éasca ar aon nós gan a bheith ag machnamh…………

Tagann an dream céanna chuig an mórshiúil gach bhliain. Tuismitheoirí le paistí óga agus brait acu uile ag baint taitneamh as an radharc, agus seandaoine… (dream beag mar a dúirt mé cónaíonn an chuid is mó acu ón dtimpeallacht seo i Florida.)… b’fhéidir a gcailleadh duine dár gclann acu uair éigin i gcogadh éigin. Chonaic mise mo chéad mórshiúil ar Memorial Day timpeall deich mbliana nó mar sin ó shin. Bhíodh, b’fhéidir fiche seansaighdiúirí ón dara cogadh domhanda páirteach ansin ach Dé Luain ní raibh ach cúigear le feiscint ann, bhí ar duine acu dul faoi scáth crainn mar chuir solas na gréine meadhrán ann. Bhí a mboinn orthu agus sheasadar le cheile agus bhí sé soiléir go raibh bród orthu. Ní fheadar an raibh aon seansaighdiúir ó KoreaVietnam ann ach is dócha go raibh. Níor chaill ach duine amháin ón mbaile seo i Vietnam. Ní raibh sé ach 19 agus d’éirigh sé as an ard scoil chun dul ann i 1968. D’éag sé taobh istigh bliain amháin. Tá crann i ndilchuimhne air ag an ardscoil atá ard go leor anois tar éis beagnach daichead bliain. Tá aithne ag gach páiste air a ainm agus ar a íobairt. Anois feicim ainmneacha na mairbh ar an NY Times gach seachtain agus na uimhreacha ag méadú ach ní fheicimid grianghraif nó rud ar bith ar an teilifís fúthu. Níl deireadh leis.

Léas dóchais ó Beaumont tar éis drochlá Dé Luain.

2 comments:

Anonymous said...

Léas dóchais ó Beaumont tar éis drochlá Dé Luain

Is maith liom sin a chlos. Fós ag cuimhneamh uirthi

Aonghus

Anonymous said...

Blog breá is ea é seo, agus mé díreach tagtha trasna air. Narbh dheas an rud é pictiúirí a chur leis dá bhféadfaí, don mórshiúl (an mionshiúl is ea mórshiúl beag...?) mar shampla?