Monday, June 06, 2005

Layer Cake, ansin fíor foréigean uafásach a bhaineadh geit asainn

Chuaigh Páraic agus mise chuig an scannán seo sa Jacob Burns Film Centre oíche Aoine. Is maith liom an t-ionad seo mar is minic a thagaimid ar scannán ann nach bhfuil le fáil sna hionaid scannáin móra, ní bhíonn le fáil ann ach na block busters de gnáth. Cheap mé go raibh Layer Cake ceart go leor sa genre, Drug Lord Wars agus saoithiúil leis, cé go bhfuil drogall orm a admháil go bhfuil an t-ábhar seo cúis saoithiúlachta nó pléisiúrtha. Bhí an scéal casta agus bhí ana chuid foréigean agus gnéas garbh ann ach caithfidh mé a rá ó mo shuíochán compordach, (ní amháin san amharclann sin ach sa saol chomh maith,) gur bhaineas taitneamh as……Bhíomar tar éis teacht ó bhialann dheas roimh an scannán agus chuamar abhaile lán sásta agus oíche bhreá againn le cheile…......Ansin, baineadh fior foréigean geit nach beag asainn …….. go luath maidin Dhómhnaigh agus mise i gceann des na siopaí áitiúla chuala go raibh trioblóid ar siúil agus go raibh, de réir dealraimh, páiste marbh i gcarr sa chlós páirceála in aice an Deli thíos an bhóthar. Ní tharlaíonn rudaí mar seo inár mbaile, riamh. An duine ó bhaile eile é, í ? Níos déanaí sa mhaidin inné fuaras an t-eolas gur cailín áitiúla, 17 mbliana déag d’aois a bhí i gceist agus fuair sí bás idir 7 agus 8 AM agus í tar éis dul go dtí an Deli, (siopa in a raibh post part aimsire aici,) ag 6:30. Bhí uirthi a bheith ar obair go luath inné. Is cosúil go raibh a iar buachaill (cara) ag feitheamh uirthi ann, rinne eisean an dúnmharú réamhbheartaithe le scian, sháigh sé í ocht n-uaire de dheasca an t- éad a bhí air; chuaigh sise chuig an “Prom” le buachaill eile…………éad……...….…Bhí an cailín bocht seo ar tí críochnú ar an Ard scoil i gceann trí seachtaine agus bhí aithne ag mo bheirt, Eimhin agus Cian uirthi ón scoil. Ní raibh aithne agam uirthi nó air siúd, tagann sé ó bhaile eile. Fuair na póilini i bhfolach le gaol i gConnecticut é aréir agus beidh extradition ar ais go NY chomh luath agus is féidir.

Tá an baile iomlán an bhrónach ar a son agus ar son a tuismitheoirí bochta.
Ar dheis Dé go raibh sí.
Leis sin, tá droch scéal arís ó Beaumont agus cé go raibh Mary bocht ag troid go cróga ar feadh coicíse in aghaidh a cuid ghortaithe, tá sí ag éirí níos laige anois.
Scéal níos dearfaí amárach, tá súil agam.



No comments: