Friday, June 03, 2005

Escaping Flatland

Téimid go rialta go dtí The Adirondacks i dtuaisceart NY. Tá a fhios againn go dtugtar cuid acu thuas ansin “Flatlanders” ar dhaoine mar sinn. Ní féidir leat an ceantar nó muintir na háite a thuiscint múna bhfuil tú i do chónaí ann tamall fada, glúin nó dhó ar a laghad. Is cuma cén cineál na áite ina cónaíonn tú, (agus táimse anseo i gceantar cnocach, creagach, aimhréiseach fiú!) ceapann iad siúd gur “Flatlander” tú, le saol éasca is dócha agus radharc cúng, nó b’fhéidir go bhfuil an radharc cúng acu siúd? Ar aon cuma is meon na hintinne é.

Ansin inné agus mise ag ligint dom féin go raibh mé ag obair tháinig mé ar suíomh Edward Tufte, chaitheas tamall ag féachaint ar an taispeántais Escaping Flatland, Larkin's Twig srl. Osclaíonn dealbha móra mar seo rud éigin inár gcroithe ma bhíonn an meon ceart ann ar dtús, go nádúrtha nó de bharr oideachas? Ansin thugas faoi ndeara ceann des na leabhar atá le fáil ar an suíomh, Visual Explanations. Chonaic mé an clúdach sin cheanna? Fuair Páraic mar bhronntanas é agus bhí sé ar seilf anseo ó shin! Chaitheas tráthnóna suimiúil ag leamh faoi cumarsáid le léiriú grafach, communicating data by graphic representation, nó leoga, easpa cumarsáide le drochléiriú grafach. Ní ábhar nua dom é seo ach bhí an sampla ann go raibh an t eolas iomlán ag Nasa ar an 27ú Eanair 1986 oíche roimh eitilt Challenger, faoi trioblóidí a bheadh ann ar an maidin dar gcionn de dheasca na aimsire. Bhí 13 charts acu de réir dealraimh, ach ní rabhadar in ann iad a thuiscint i gceart, ní raibh an t-eolas soiléir, bhí an iomarca líníochta ann agus leis sin agus b'fhéidir níos tábhachtaí, bhí brú orthu an eitilt a chur ar siúil, ní raibh siad oscailte chuig an faisnéis ……tá a fhios againn toradh chinnidh an choiste sin.

No comments: