Saturday, March 18, 2006

La le Padraig

D'imigh an tseachtain go tapaidh uaim de dheasca bru oibre agus ansin bhi La le Padraig buailte linn. Bhi Aifreann Ui Riada i Manhattan. Cuireadh amach APB i measc lucht na teanga cupla la roimis, mar sin thainig slua mor agus d' eirigh go geal le gach rud. Bhi an ceol agus an amhranaiocht ar fheabhas ar fad. B' ocaid ana mhor i agus seans duinn uilig a bhionn suim againn sa teanga teacht le cheile. Bhuaileas le seanchairde agus cairde nua, mar shampla Seamas O'Neachtain o Long Island. Labhair me leis den chead uair an tseachtain seo ar an nguthain ce go rabharmar i dteaghmhail le cheile tri blagadoireacht le fada anuas........... Ansin d'imigh sinn ar ar mbealaigh difriula an La Mor a cheiliuradh inar slite fein.....
Bhi cuireadh agam chuig coisir bhricfeasta in arasan thuas bhaile, teach Noel Cotter, agus bhi beile iontach curtha le ceile aige da cairde. Bhi an-craic againn, ceol agus canadh le cloisint, bia go fluirseach os ar gcomhair ag an bhfear fial flaithiuil seo. Bhi plean ag cuid den dream seo dul ag siul sa mhorshiul agus bhi arasan Noel mar basecamp doibh chomh maith.
Tar eis dom slan a fhagail leo, (le Noel go h-airithe mar d'imigh se ar turas se mhi areir), amach on gcathair agus ar aghaidh liom go tuaisceart an stait, go dti an Adirondack Mountains, saghas parallel universe domsa ...saol eile amach is amach a bhionn agam thuas anseo. Nil moran sneachta faghta anseo agus sinn ag teacht chuig deireadh an seasuir ach fos fein bainim an taitneamh as treimhse ghearr, fiu deireadh seachtaine san ait iargulta seo.
Sin an fath nach bhfuil " fadas" agam inniu ar an riomhaire leabharlainne seo.
Suil agam go raibh La le Padraig brea ag gach duine.

3 comments:

Séamas Poncán said...

Muise, nach dílis tusa mar bhlagadóir! Tá tú i scannáinín na seachtaine seo, le nóiméad amháin. Beidh do ghuth le cloisteál am éigin eile sa todhchaí ar an bpodchraoladh, freisin. GRMA arís as an agallamh (#24) agus le cúnamh Dé, beimid ag caint níos minice anois!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Ná habair go raibh tú ag déanamh scannáin i ngan fhios dúinn!!! Ar an QT? A Shéamais, cad faoi mo chuid gruaige?……Níl éinne slán anois agus an diabhal videocam sin agat!…..ochón.

mark bodah said...

Scrios ar na Phaparazzi!

Ó, téann tusa go dtí na Adirondacks níos minice ná mise. ní cothrom é sin! ach an t-earrach sna sleibhte--ana-dheas ar fad!