Tuesday, March 28, 2006

Séasúir na Cánach!

Ag tús an tEarrach bím i gcónaí gnóthach….le cúrsaí na cánach!
Sin é, bhíos chomh gnóthach le “sclábhaíocht” an lae i rith na seachtaine seo chaite, nach raibh seans agam fiú cúpla focal a chur suas anseo. Bíonn sé i gcónaí mar sin ag deireadh jab mór agus é ag dul i gcló. Ansin le teacht an deireadh seachtaine bhí orm mo chúrsaí cánach a bhailiú agus iad uile a bheith in ord roimh cruinniú lenár rúnaí maidin inniu. Críochnaithe anois B le D.

Maidir leis an teanga táim ag obair anois ar Lá na Gaeilge 2006. Beidh sé againn i mbliana in IONA College, New Rochelle NY, ar siúl ar an 22ú Aibreáin ó 9:30rn go 5in, sé sin an Satharn tar éis na Cásca..... agus fáilte roimh cách a bhíonn suim sa Ghaeilge aige nó aici. Cuirfidh mé tuilleadh eolais anseo chomh luath agus atá sé curtha le cheile agam.

Agus, ná déan dearmad go bhfuil deireadh seachtaine na Gaeilge i Long Beach Island NJ ag tosnú an Aoine seo, an 31ú lá. Beidh mé ann ó am Lóin Dé Sathairn mar tá cruinniú agam maidin Sathairn in NY leis an Dept of Homeland Security!
Is cosúil go bhfuil mo mhéarloirg uathu arís, cé go bhfuil siad acu ó naoi mbliain ó shin nuair a bhfuaireas mo chárta glas. Níl athrú tagtha ar mo chuid mhéarloirg sa tréimhse sin, chomh fada agus is eol dom!




3 comments:

mark bodah said...

Do mhéarloirg? ach ní coirpeach thú! is réabhlóidí thú, b'fhéidir, ach amhain sa theanga Gaeilge!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Tá áthas orm a rá nach bhfuilim i mo choirpeach! (go dtí seo ach go háirithe!) Ach ní saoránach mé…is “Legal Alien” mise. Mar sin níl éalú as rudaí mar seo anois is arís an stádas agus an carta glas a choimeád. Níl cead fiú athrú ama a dhéanamh ar an gcruinniú sin.
An bhfeicfidh mé thú i New Jersey ag an deireadh seachtaine na Gaeilge?

Anonymous said...

Méarloig...ag crinnúit le Homeland Security....ag oibriú scoile chois claí. Dealraíonn sé go bhfuil tú ar rith!! Tá a lán taithí ag an Ord Arsaigh na n-Éireannach ceilt na ndaoine . Ar mhaith leat díseart i nDanbury?