Saturday, March 11, 2006

Oíche na Gaeilge



Bhuel……bhí oíche bhreá againn aréir.

Tá bua na cainte ag Danny Sheehy agus duine ana chairdiúil é chomh maith. Bhí an-áthas ar gach uile duine teacht le cheile leis ag an Oiche na Gaeilge sa Kerry Association aréir. Bhraitheas go raibh am ag Danny do chách, idir na daoine líofa, na mic léinn agus iad a bhí i láthair tacaíocht a thabhairt nuair nach raibh ach an fhíor cúpla focal acu…. Labhair sé linn faoi stair na naomhóige agus na difríochtaí idir an naomhóg agus an churach. Bhí scéalta aige faoi na hoileáin i gCorca Dhuibhne agus na daoine a mhair orthu fadó. Le sin bhí sé ag caint faoi a leabhar nua, Allagar na gCloch a tháinig ar an margadh le fíorghairid. Tá an leabhar seo lámhdhéanta le Púca Press agus soiléir go saothar ealaíona sa seana cheird na clódóireachta atá i gceist, gan trácht ar an sár Gaeilge atá le fáil ann. Rud eile, tábhachtach na laethanta seo, ná, tá aistriúchán leathanach ar leathanach déanta amach i gcló oiriúnach. Osclaíonn aistriúcháin doras an teanga le fáilte roimh foghlaimeoirí. Is cosúil go eagrán teoranta é seo, brón a rá, mar sin bíonn gach leabhar costasach go leor, ach, ag an am céanna is leabhar neamhghnách é, lámhdhéanta le meas nach beag ar cheard atá beagnach imithe an lá atá inniu ann. Is iontach an jab é.


An pictiúr thuas? An Blascaod Bán, glactha le Micheál de Mórdha seachtain ó shin. Grma

No comments: