Monday, May 15, 2006

Dúcheist


Ar ais arís ar an ngnáth saol tar éis deireadh seachtaine bhreá ag teagasc in Esopus, NY. Traochta ar ndóigh! Bhí dream mór ann, is dócha timpeall céad nó níos mó, nílim cinnte.

Seo mo rang, nach dream an-tarraingteach ar fad iad agus gealgháireach leis. Bhí spóirt againn le cheile, gan trácht ar an gcraic idir na ranganna!
Brendan Delaney, Constantín Coutroulos, Pádraig Mullen, Séan Cahill, Mollaí bean uí Cionnaith, Séamas Mac Cába, Maitiú Tulley, Máire Ní Ceallaigh, Soisear Mac Cionnaith, Aine Johnson, Bríd De Vera, Eibhlín Zurell agus mise.
Glac duine den dream seo an pictiúr…Cé hé nó cé hí ?
Bain triail as teacht ar an bhfreagra ceart.

6 comments:

mark bodah said...

uh, Liam Gudry?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Ní hea.
Duine as an dream atá sa phictiúr. Ní auto timing a bhí i gceist. Ghearras an duine sin amach as pictúir eile agus chuireas isteach anseo é nó í......ag cleachtadh le íomhánna a bhíos. H

Anonymous said...

Tusa!

Anonymous said...

Bhuel, rinne tú ana-jab leis.
Scrúdu mé go mion é ach theip orm do athrú a aithint.
Chuir mé ceist ar cúpla de do dhaltaí agus duirt siad liom gur ghlac Soisear an pictiúr sin.
An fior é?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Níor mise a ghlac é a Sheain! Duine eile sa dream seo. Glac seans eile!

A Bhleachtaire O Cuinn!
Tá agallaimh níos mó uait! (nó súile níos géire!) ‘Sea do ghlac Soisear cúpla ceann ach níor ghlac eiseann an ceann seo, thug sé an ceamara do dhuine eile ag an deireadh!
(Tá áthas orm nár éirigh leat an grianghrafadóir a aithint ón bpictiúr…....)
Tá seans eile agatsa chomh maith!

mark bodah said...

ócé, is léir dom é anois--mo dhuine taobh thiar de Maitiú Tully, leis an ceann atá ró-mhór! Seán Cahill, an ea?