Thursday, April 28, 2005

Scéal Grinn agus mise ar an turas thar n-ais ó Toronto

Nuair a thánas isteach chuig immigration in Aerfhort Totonto bhí dhá lána ann, ceann amháin des na crew agus ar ndóigh ceann eile des na gnáth daoine. Ní raibh mo cháipéisí líonta agam agus chonaic mé cúpla chathaoir an deas ar thaobh an lána oifigiúil des na crew ach amháin bhí bean i mbun an lána sin a choimeád na gnáthdhaoine mar mise amach inár lána féin. D’iarr mé uirthi cead dul isteach ansin mo cáipéisí a líon isteach, gheallaim di go dtiocfainn amach díreach agus a bhíodar déanta, agus go rachainn isteach sa lána ceart dul go dtí an Immigration officer..(Bhí tuirse orm tar éis na deireadh seachtaine tás agat agus suim agam suí síos agus mo scíth a ligint agus mé ag obair ar na cáipéisí!) Bhí an bhean go deas agus lig sí cead dom é sin a dhéanamh. Ní raibh crew ar bith le feiscint aon áit.

Isteach liom agus líon mé isteach gach rud gan aon stró, ach nuair a bhí sé sin críochnaithe agam d’fhéach mé suas agus bhí lána an Crew plódaithe le fir mhóra le bosca/baggage mór an duine acu ar roth. Bhí orm dul tríothu i gcoinne na taoide mar a déarfá..... bhí mise agus mo mhála bocht, é ar roth chomh maith, ag tuairteáil agus ag chur brú ar na fathaigh bogadh as mo shlí agus mise ag dul sa threo mícheart amach ón lána sin, (agus a deirimse libh, bhíodar uilig an mhór), Cheap mise cén saghas Airline a bhfuil an dream seo fostaithe leis? Agus cén fáth go bhfuil an méad seo acu ag obair ar aon eitilt amháin?…………. sa deireadh d’éirigh liom agus isteach sa lána ceart in aice an ceann sin agus díreach go dtí an Immigration officer agus dúirt sí. (Bean óg álainn ghorm a bhí ann le féith grinn inti atá soléir ón gcomhrá seo):" Well Judith How are YOU today?" Bhí mise fós trína chéile tar éis a bheith sa bumpers agus dúirt “huh?” Ní raibh sí ag féachaint orm nó ar mo chárta ghlas ach thar mo ghualainn ar na fir mhóra, chuid acu fós sa lána eile……………..D’fhéach sí ar mo chárta ghlas ansin agus dúirt ,” oh….Hill a ry Jew dith…Ex… Cuse… me, I’m just getting a bit distracted by all these famous people…” Ní raibh mise ar an leathanach céanna ar chor ar bith. “Famous people? What famous people? “ Luaigh sí cúpla ainm firinscneach nár aithnigh mise agus ansin dúirt si gur cheap sí go raibh duine áirithe, (ní chuimhin liom cé hé) ana dhathúil ina a ghnáth éadaigh…. dúirt mise ag iarraidh a bheith cairdiúil agus eolach “ Oh ochón, ní fhaca mé é.” Thosnaigh sí ag gáire os ard. Dúirt si, "Girl, what about Sammy Sosa? “ Oh!" a dúirt mé, fós i m'óinseach, "an raibh eisean anseo inniu chomh maith?" Ansin réab sí amach ag gáire, Girl! you just bumped right into him and spent five minutes bumping your way through the whole team!!!!!

Is cosúil go raibh na Baltimore Orioles ag dul abhaile tar éis cluiche gcoinne na Blue Jays!

Tuesday, April 26, 2005

Kingston, Ontario agus nuacht ó Buffalo NY

Chaith mé an deireadh seachtaine i Kingston Ontario, áit a bhí an deireadh seachtaine na Gaeilge ar siúil a luaidh mé anseo lá nó dhó o shin. Bhí dream mhaith bailithe ann oíche Aoine idir tosaitheoirí agus daoine líofa agus iad uilig sásta a bheith le chéile an teanga a cheiliúradh i suíomh cairdiúil. Tháinig sílim ochtar ó ceantar Nua Eabhrac/ New Jersey agus b'fhiú an turas dúinn. Bhí dream ann ó Montréal agus Ottawa chomh maith agus bhaineamar go léir an taitneamh as an tréimhse. Bíonn sé i gcónaí go deas seans labhairt le seanchairde arís........ Ar ndóigh bhí mé ró tuirseach aon rud a scríobh anseo inné. Bím i gcónaí traochta tar éis na deirí seachtainí seo ó easpa chodlata.
Rud eile, fuair mé an drocheolas inné nach mbeadh an Lab i mBuffalo in ann mo chuid chomhaid a shábháil ar chor ar bith. Ní raibh fonn oibre orm tar éis sin a chloisint. Anois os rud é nach bhfuil rud ar bith le déanamh agam faoi sin nílim chun smaoineamh air arís ach plean a chur le chéile an matalang seo a sheachaint amach anseo.

Tuesday, April 19, 2005

An tEarrach?

Ní fheadar gur féidir a rá go raibh Earrach ar bith againn in Oirthear na Stáit Aontaithe i mbliana. Braithim go rabhas ag sciáil seachtain nó dhó o shin, ach bhí sé breis agus mí ó shin chun an fhírinne a rá, ach anois tá fíor cuma samhraidh ar an aimsir agus is aoibheann liom í. Samhradh Éireannaigh ar a laghad. Tá sé te go leor domsa agus é 75- 80 céim lasmuigh, timpeall 24- 27 celsius! Go h-álainn Bhí deireadh seachtaine an-chiúin agam agus chaitheas í ag glanadh mo ghairdín. Níor imigh mé áit ar bith agus ba dheas é sin.... Anois tá na héin le feiscint gach áit agus iad an-ghnóthach, na hioraí ag iarraidh bia na h-éan a ghoid agus a leithéid . Thugas cead des na cait dul amach agus cé go raibh eagla orthu ar dtús, go mór mhór ar an ceann is mó, an buachaill Púca, tá siad lán sásta anois uair nó dhó a chaitheamh ag féachaint timpeall agus ag imirt le cuileoga agus an cor duilleog atá fós ann.
Inné thug mé lá eile saor ach anois níl an tarna rogha agam ach dul ar ais ag obair, bhíos ag sheachaint an ríomhaire le tamall. Níl scéal maith ón Laboratory agus tá orm tús a chur ar damage control agus mo chomhaid a athchruthú más féidir, is fuath liom an jab sin. Cuirfidh mé tús chomh maith inniu ar cáipéisí a bhailiú i gcóir an turas go Kingston an deireadh seachtaine seo.

Friday, April 15, 2005

Cáipéisi na gcánacha

Beidh toradh an oibre acu dom Dé Luain.
Beidh mé ag féachaint ar Seagate Drives ag an deireadh seachtaine agus córas nua a chur i mbun. Go diabhal le Iomega as seo amach. Chuala mé go raibh Seagate na cinn is fearr faoi láthair. Rinne mé alán siopadóireachta na seachtaine seo an drochscéal a choiméad uaim...............Ach bhí cáipéisí na gcánacha le cheile agus sa phost agam inné, sin lá níos luaithe ná aon bhliain eile go dtí seo. De gnáth bím ar an sprioc lá leo.
Ba mhaith liom féachaint ar scannán grinn, comedy club nó ceol beoga beo anocht.

Tuesday, April 12, 2005

Drive still in hospital

and not looking good.

Táim ag iarraidh gan a bheith ag smaoineamh air nó a bheith buartha faoi mar ní féidir liom rud ar bith a dhéanamh...... In ionadh bhróin táim ag teacht ar phlean dul go Toronto an deireadh seachtaine seo chugainn, 22ú go dtí an 24ú d'Aibreáin. Tháinig mé ar ticéid nach raibh ró dhaor inniu ar Expedia, $245 + cáin agus chuir mé in áirithe turas ann agus ar ais. Bhuailfidh mé le dream ngaeilgeoir thuas i Kingston, Ontario ag deireadh seachtaine atá curtha le cheile ag Aralt MacGiollaChainnigh (kenny-h@rmc.ca) . Ní bheidh mé tógtha le trioblóidí an lá oibre thuas ansin leo siúd.

Monday, April 11, 2005

Gnáth Lá d'Aibreáin i NY

Chuala mé ón Saotharlann i mBuffalo nach bhfuil an jab éasca agus go bhfuil orthu trí lá níos mo a chaitheamh ag obair ar an diabhal external drive sin mo chuid oibre a shábháil. Tá súil agam nach mbeidh an costas níos mo de dheasca é seo..................
Bhuel, ar ábhar níos fearr bhí an Lá Mór na Gaeilge ana mhaith. Tháinig 76 sa deireadh agus bhaineamar uilig sult as....ní bhfuair mé gearán ó éinne, go dtí seo ar aon chuma, ach amhain gur chaill duine des na múinteoirí a sheic. Lá gnóthach a bhí ann, ní raibh mórán am saoire againn, rang uair go leith ar dtús, ansin léacht a lean breis agus uair, lón, crannchur, duine ar dhuine, an tarna rang timpeall uair go leith eile, ceardlann drámaíochta le Úna McGillicuddy, seisiún le ceol ó Jerry O’Sullivan, uileann pipes ar ndóigh, Tomás Ó Chathail, flute agus Gobnait Humphries, bodhrán, ana chuid amhránaíochta le Brian Ó Broin, Rath de Houst, Tom Moriarty, Lucas Ó Cathain, Séan Feeney, agus Úna McGillicuddy .....Thosnaigh an dream ag teacht luath go leor ar maidin, timpeall ceathrú chun a naoi. Bhíos féin ann timpeall a h ocht a clog ar maidin in éineacht le na daoine eile a bhí a obair agus bhíomar críochnaithe timpeall leath uair tae éis a cúig sa tráthnóna. Traochta, agus fós tá tuirse orm dhá lá tar éis, ach b'fhiú é. Nach iontach an rud é go raibh 76 duine páirteach i saol na teanga, gnáth lá Aibréain i NY

Tuesday, April 05, 2005

Pápa Bono Vox ?

Os rud é go bhfuil ainm Bono ar an liosta ghearr "Uachtarán an Bhainc Domhanda", sílim go bhfuil seans aige post an Phápa a fháil. Ní fheadar gur féidir leis an dá post a bheith aige ag an am céanna ach nílim cinnte faoi sin, ní cuirfinnse aon rud thairis. Nach mbeadh cuma bhreá air leis an mítéar agus an fáinne mór sin? Silim go mbeadh sé lán sásta a bheith ina Phápa.

Tá siad ag iarraidh Platter Transplant a dhéanamh ar m’external drive.

Monday, April 04, 2005

Held Hostage

Chuala mé droch scéal timpeall am lóin Dé hAoine ón Data Retrieval Center, is féidir leo teacht ar mo chuid chomhaid uilig agus iad a thabhairt ar ais chugam ar disc nua, ach, le costas nach beag. Beidh orm beagnach $3,000 a íoc as an obair...........$3000!!!! Glacfaidh siad seachtain ar son an jab seo a duirt an ionadaí liom. Bhí mé gobsmacked, mar a déarfá, leis an bhfaisnéis seo .......... Níl an tarna rogha agam áfach? An é seo gnó nua an "Mob"? Níor chuala mé trácht ar aon Data Retrieval Center eile agus tá an t- am ag imeacht...........is ceacht costasach é seo.
Bhí deireadh seachtain bhreá agam le cairde thios i Long Beach, New Jersey, bhí craic againn agus ní raibh mé ag smaoineamh ar an diabhal Iomega drive. Anois, ar ais san oifig, tá orm córas nua a cruthú, dhá backups a bheith agam as seo amach ar eagla na h-eagla.

Wednesday, March 30, 2005

Matalang!

Bhí mé tinn go leor ag an deireadh seachtaine le galar dhuáin, tar éis cúpla lá ag fulaingt mar bhí mé as baile, bhí orm dul chuig Dochtúir gan aithne leigheas a fháil, ní raibh mé in ann fanacht go dtí go raibh mé ar ais abhaile. Tharla go raibh an t-ádh liom agus duine breá a bhí inti. Anois ma tharlaíonn aon drochrud le anthrax ní bheidh mise buartha, tá Cipro agam ar feadh seacht lá! Ach ní h é sin an matalang.....Inné, Dé Máirt agus mise díreach ar ais tar éis cruinniú le mo chuntasóir bhí fadhb agam teacht ar chomhad áirithe ar mo rhíomhaire. Ansin, gan choinne theip mo rhíomhaire agus bhí orm re boot a dhéanamh, ní rud uafásach é sin ach, lean an fhadhb. Ansin chaith mé an mhaidin ag iarraidh an fhadhb seo a réitigh. Ní raibh XP ag obair agus cheaptar gur virus a bhí i mbun na trioblóide. Duirt fear in IBM go mbeidh orm XP a chur isteach arís agus ansin gach clár a chur isteach, go raibh an operating system scriosta, b'fheidir ó Virus éigin...................Cheap mise go mbeadh sé seo fíor pian sa tóin ach, tá an scéal níos measa fós. Ag deireadh thiar thall ba ar an external drive a bhí an locht. Tá an drive seo agam mo chuid oibre a choimeád saor ó viruses, ar eagla go tiocfaidh ceann isteach uair éigin in ainneoin Norton. Ach anois ba ar an drive seo a bhí an fhadhb. Chomh luath agus a thug mé ón ríomhaire é tháinig XP ar ais gan mhoill. Hmmm.....chuir mé fios ar Iomega agus duirt siad go raibh an Drive scriosta, (ní raibh a fhios acu cén fáth) agus go raibh orm an drive a chur chuig an Data Retrieval Centre agus go ndéanfaidis iarracht mo chuid chomhad a shábháil.......................Bhí, agus tá mé fós, i gcruacás ag smaoineamh ar seo. Tá mo chuid oibre uilig ann! Cheap mé go mbeadh gach rud níos saoire ansinar an external drive ná ar an fíor harddrive. Taim ag guí nach bhfuil i gceist ach trioblóid le ceann des na cables, nó b'fhéidir ports? B'fheidir go raibh ceann des na chait ag súgradh leo faoi mo bhord? Tá greim an fhir bháite agam ar na smaointí seo.

Thursday, March 24, 2005

Christy Ring, laoch níos mó ná Babe Ruth

“Do thriail sé an ní dodhéanta
formhór gach Domhnach ar an bpáirc,
is uaireanta rith leis.”

Tháinig mé ar dán inné agus d’oscail sé smaointí ionam mar a dhéanann dánta go minic. Tá an ceann seo scríofa ag Séan Ó Tuama faoi Christy Ring, an iománaí is fearr ar fhoireann Chorcai ríamh agus b’fheidir an iománai is deaslámhach agus oilte ar ghnóthaí iománaíochta ríamh in Eirinn. Cinnte go mbeadh cuid mhór daoine ar aon intinn le sin.

”Aon neomat buile amhain
in earr a ré is é Cúchulainn
bhí ‘na ionad ar an bpáirc –
d’at a chabhail
i radharc na sluaite,
do bholgaigh súil
‘s do rinc ar mire.”

Ní fhaca mé Christy Ring agus é i mbláth a mhaitheasa ar na páirce, ní raibh anam ionamsa na blianta sin ach le aon laoch scéalaíochta chuala mé trácht nach beag faoi agus mise óg. Ba chosúil gur fear é a throid go cliste agus go cróga chomh maith céanna nuair a bhí sé ar aiste mhaith, an chuid is mó den am. Chaith Christy ceithre blian is fiche, ó 1939 go 1963 ar bhfoireann Corcaí agus d’éirigh leis gur thug an domhan mór níos mó ná gean dó, ach saghas urraime.

Ní raibh baint díreach agam le iománíocht, ach is minic a chuala cur síos do Christy ag m’athair agus m’athair cheile, ar dheis Dé go raibh siad. B’as Iarthar Luimnigh é m’athair, agus ba é Contae Luimnigh an namhaid is mó a bhí i gcoinne Contae Corcaí na blianta san i gcursái iománaíochta, agus b'as Contae Mhaigh Eo m’athair chéile agus fós féin do bhí ómos nach beag acu siúd ar an Corcaíoch. Dheineadh comparáid idir na fir cluichíochta nua aimseartha agus an seanlaoch agus ní gá a mhíniú cé acu a bhíodh an bua i gcónaí.

”Bhí cnagadh is cleatar,
liútar-éatar
fir á dtreascairt,
fuil ag sileadh -
’s nuair rop trí cúil isteach
bhí seandéithe Éireann uile
ag stiúrú a chamáin.”

Na laethanta sin ba é an clú agus cáil an duais amhain, (más féidir duais a thabhairt orthu,) a bhfuair na laochra iománíochta agus na peileadóirí uilig sa GAA. Tá sé ráite nar bhfuaireadar fiú ceapaire saor in aisce tar éis na cluichi móra, agus ní rabhardar ag lorg níos mó……………Bhí an rannpháirtíocht de dhualgas orthu gan cheist.

Nuair a d’éag Christy Ring gan choinne i 1979 is cuimhin liom gur bhraitheas an bhris mhór ní amhaín i saolta a lucht leanúna iománaíochta ach sa domhan mhór Éireannach.

“Ní féidir liomsa fós
Christy Ring a adhlacadh…
Samhlaím é uaireanta
is é ar buanchoimeád,
sinte ar leac na honóra
I mBrú na Bóinne
is Aonghas Mac an Daghda é choimhdeacht
go dtí an leath-uair bheag gach geimhreadh
go soilsíonn ga gréine go hómósach
ar a chúntanós."



Saturday, March 19, 2005

Lá na Gaeilge

Níl ach trí seachtaine fághta agus beidh an Lá na Gaeilge i Yonkers linn. Seo an cúigiú blian, agus i gcónaí bím ag smaoineamh ag an bpointe seo, "an n-oibríonn sé amach?" Tá na bileoga curtha amach, bolscaireacht beag déanta agus táim ag feitheamh anois ar na foirmeacha a dtiocfaidh ar ais chugam. Ní féidir liom lean ar aghaidh le clár an lae go dtí go bhfuil a fhios agam cé mhéad duine a bheidh páirteach, ní féidir foireann teagascoir a chur le cheile fiú....
Chuaigh mé le mo chara Eibhlín go Springfield MA inné i gcóir lóin lenár gcara Micheál a bhí ann ag tabhairt chuairte ar a colcheathar, tháinig sé ar turas gnó ar ndóigh ach ag deireadh na seachtaine bhí sé saor teacht le chéile le cháirde. Is as Corca Dhuibhne é Micheál ach tá ana chuid colceathracha agus colseisreacha aige i Springfield MA. Fágadh ina aonar i nDún Chaoin é a athair nuair a d'imigh a dheartháireacha agus a dheirfúireacha uilig duine tar éis duine, deichnúir acu, go Springfield breis agus is dócha trí fichid bliain ó shin. Mar sin ní raibh colceathar ar bith ó thaobh a athair ag Micheál agus é ina bhuachaill i nDún Chaoin, iad uilig anseo i MA. Ní aisteach scéalta mar seo sa cheantar san i gCiarraí. Tá nasc nach beag idir Springfield agus Corca Dhuibhne fós.

Thursday, March 17, 2005

Táim Bréan de Philip Morris

Chonaic mé ar an New York Times inné go bhfuil an comhlacht Philip Morris ag iarraidh an margadh Áiseach a bheith acu....agus níos mó daoine a chur claonta chun toitíní. Tá a fhios againn go bhfuil síad ar thóir an tríu domhan chomh maith le tamall anuas, Indonesia agus a léithéad, pobail nach bhfuil fiú bheith istigh nó árd oideachas acu. Anseo sna stáit, os rud é go bhfuil figiúirí na gcaiteoirí ag titim, (an scéal céanna sa Eorpa) cuireann síad amach bréagbholscaireacht go bhfuil suim acu i slaintíochta na tíre. Táim bréan dóibh. Tá sé ráite ar a suíomhghréasain go oscailte nach bhfuil suim acu i bpáistí a chun chun toitíní, ní creidim focal uathu. An gceapann siad go bhfuil an pobal aineolach nó amaideach? Ach seo an fhadhb, b'fheidir go bhfuil an pobal aineolach agus amaideach. As seo déanfaidh mé iarracht toradh agus tairgí an chomhlachta sin a sheachaint: No more Kraft products, slán le Philadelphia Cream cheese, no more Toblerone (brón orm faoin gceann sin). Sin é ó mo Bhosca na Gallúnaí inniu.

Wednesday, March 16, 2005

Cineál Díse

Ní chreidim go bhfuil seachtain imithe uaim ó scríobhas anseo? Cad a tharla? An bhfuil mé ag éirí sean agus sin an fáth go bhfuil gach lá ag imeacht uaim gan cead? Bhí cuairteoirí againn ag an deireadh seachtaine, b'fheidir gurb é sin é? Thugamar cuireadh do cáirde againn agus a bheirt mac, déagóirí, teacht ag sciáil linn agus lenár gcuid, déagóirí chomh maith. Bhí sé seo socraithe tamall maith ó shin, b'fheidir dhá mhí, agus bhíomar uilig ag súil leis an tréimshe le cheile. ACH, bíonn ACH i gcónaí, sa deireadh thiar thall, níor tháinig ach an máthair agus an mac is sine. Is cosúil go raibh scrúdú ag an mac is óige ar scoil an tseachtain seo agus do bhí air stadéar a dhéanamh ag an deireadh seachtaine, sin an scéal ar aon chuma. Is dócha go raibh sé fíor ach bhí díoma ar mo chuid, bhí díoma orainn mar táimid cairdiúl leis an mbeirt acu mar dís, agus, aisteach a rá ach tagann cínéal athrú uirthi nuair nach bhfuil eisean ann agus a mhalairt go cruinn. Is duine gealgháireach, cainteach, ceanndána i slíte ach dea-croíoch leis é siúd agus is bean flaithiúil í, níos stuama agus dairire ná é agus i gcónaí ag iarraidh trioblóidí an domhan a réitigh, go háirithe nuair a bhíonn deoch nó dhó aici. Cuireann sí cuma dairíre ar an diospóireacht i gcónaí. Mar dís tá siad ana mhaith mar bogann siad a chéile. Chuir sé isteach orainn ar shlí nuair a chualamar nach raibh sé in ann teacht de dheasca an mac agus a stadéar, ach ní féidir cuireadh a thabhairt ar ais....an féidir? Tharla, in ainneoin an imní a bhí orainn, go raibh deireadh seachtaine bhreá againn, agus, duirt sí go raibh ionadh uirthi nuair a chonaic sí go raibh Púca agus Ban (na cait) linn i dtuaisceart na Stáit, dá mbeadh eisean ann bheadh air dul amach go ostán a duirt sí. Rinne mé glan dearmad go bhfuil sé allergic!!

Wednesday, March 09, 2005

Bruscar sa phost

Faighim an iomarca bruscair sa phost, cosúil le gach uile duine. In ionad é a chur díreach sa bhosca bhruscair, áit atá oiriúnach do, oscailaím iad uilig agus cuirim na clúdaigh réamhíochta a bhíonn iontu i mo outbox agus ansin téann siad ar ais go dtí a bhfoinse gan stró ormsa (agus faigheann an oifig an phoist 20 cents uathu an ceann acu.) Cuireann sé áthas aisteach orm é seo a dhéanamh, sílim go bhfuilim ag ghoid cúpla pingin ó na comhlachtaí móra sin a bhíonn achur an stuif seo chugam gan chead. Tá orthu duine a bheith ag obair in oifig éigin iad seo a oscailt. Ceapann daoine áirithe sa teach seo go bhfuil mé as mo mheabhair nó gur bheag an sult i mo shaol mar fhaighim sásamh as an gníomh truamhéileach seo. Ach ma dheánadh gach duine an rud céanna lena gcuid phoist? Fuaireas an nod é seo a dhéanamh blianta ó shin ó cara agam atá imithe ar shlí na fírinne anois. Fuair eisean an mhaitheas chéanna as an gníomh aisteach seo agus is minic a smaoiním faoi le miongháire agus mise a chur na clúdaigh folmha san outbox.

Tuesday, March 08, 2005

Ag ligint geáitsi

Tháinig an drochaimsir seo aniar aduaidh orainn. Bhí mé i gColáiste Iona ar maidin ag déanamh oibre sa leabharlann Úi Riain agus thosnaigh sé ag cur sneachta. Ní rud aisteach é sin ach de gnáth bíonn a fhios againn nuair atá stoirm ag teacht. Is minic a cheap mé go bhfuil an iomarca béime ar an aimsir sa nuacht raidio agus teililfise na tíre seo. Bíonn daoine ag fail bhais san Aifric ó ocras nó foréigean ufásach agus sinn anseo buartha faoin aimsir, gan fhios dúinn faoi a bhfualingt. Níl aon dul as, táimíd ag brath ar an media agus a gcuid iriseoirí. Agus iad siúd? Bíonn an nuacht mar aon clár eile faoi láthair, na léiritheoirí ag iarraidh na figiúirí a choméad suas, gan trácht ar cuspóir na Nuachta, eolas a thabhairt dúinne! Agus ar ndóigh bíonn na fógróirí ag féachaint ar na figiúirí céanna. Raidio agus Teilifís poiblí abú!
Ar ais go dtí an aimsir, chonaic mé timpist tar éis timpiste ar an mbóthar inniu. Bhi na carranna ag casadh timpeall agus ansin cuid acu eile ag déanamh go tapaidh trí an bpraiseach. Tá an-taithi againn i NY le drochaimsir mar seo ach fós féin bíonn na h-amadáin lasmuigh ag ligint geaitsí orthu féin mar is gnách.

Monday, March 07, 2005

Ceol Beo

Ní raibh mé anseo le tamall, ar ais atáim ach ag rith. Ranganna Ghaeilge anocht, an chéad ceann den téarma nua (curtha ar ceal seachtain o shin de dheasca stoirme) agus bileoga déanta agam don La na Gaeilge a bheidh ar siúil ag tús Aibreán. Plean agam iad a bheith sa phost inniu.
Bhí dinnéar againn i mbialann "17 main" i Mount Kisco oiche Aoine, saghas Jazz Club is féidir a rá agus bhí an bia an-bhlasta agus an banna cheoil go maith. Bhí plean agam dul go dtí an Towne Crier aréir Lúnasa a fheiscint ach tháinig Eimhín abhaile agus é ar a thuras ar ais go dtí an coláiste mar sin bhí dinnéar againn le cheile agus d'imigh an plean sin, leis an t-am, amach an fhuinneog.

Wednesday, March 02, 2005

Torture Chambers

The mammography machine is undoubtably a relic of the medieval torture chamber.