Tuesday, May 08, 2007

Rotha Mór an tSaoil.

North Enters New Power Sharing Era. Ceannlíne san Irish Times inniu. Dé gnáth sheachnaím cúrsaí pholaitíochta anseo agus is lá aisteach é seo. Tá siad uile chomh gung ho sin, tá an t-am atá thart uile faoin mbrat anois…..Fan go bhfeicfimid cad a tharlóidh tar éis an mhí na meala! Ach táim dóchasach ar son muintir tuaisceart na hÉireann, go h airithe iad siúd a bhí sáite sna trioblóidí ar an dá thaobh. Tá súil agam go mbeidh siad in ann spiorad an chonartha seo a ghlacadh….. ach fiú domsa, (agus mise ó chlann nach raibh baint acu i gcúrsaí polaitíochta an tuaiscirt, ach amháin mar lucht féachana an deiscirt,) bíonn sé i gcónaí deacair dom smaoineamh ar Ian Paisley gan mórán déistine.

Leanann an bhóthair ar aghaidh i slí amháin, ní stopann sí choíche.

Tá cara liom an-tinn faoi láthair. Bhí a fhios againn, mise agus cúpla cara dó, nach raibh gach rud i gceart leis ar feadh tamaillín ach thit an tóin as an saol an tseachtain seo chaite agus tá sé san otharlann anois, fad is atáimid uile ag leanúint le gnáth eachtraí ár saolta agus ag smaoineamh air agus ar a chlann. Sin mar atá, tagann an grian aníos agus imíonn sí síos.

Saturday, May 05, 2007

Craic agus Comhluadar (Pleidhcíocht sa phub)

Braithim go bhfuil an samhradh buailte linn!
Cé nach bhfuil i gceist ach an t-earrach, tagann mothúcháin an tsamhraidh chomh luath agus a bhraithim teas na gréine ag spalpadh anuas ar mo chraiceann geal!

Is aoibhinn liom é agus is aoibhinn liom na séasúir uile.

Chuireas tús leis an deireadh seachtaine oíche Chéadaoin! Tháinig dream againn, an Club Chéad Céadaoin, le cheile i Dunne’s phub i White Plains agus ós rud é go raibh an ceol go breá (Brian Conway agus a chairde, Joanie Madden ina measc) bhí orainn rince! Bainim an-taitneamh as damhsa ach faraoir bíonn na rincí go léir measctha agam agus ní bhíonn muinín agam a bheith páirteach i seit muna bhfuil an t eolas ag mo pháirtí.(Má bhíonn an t eolas aige bím ceart go leor ag leanúint ordaithe!!!!!)
Bhí an t-ádh dearg liom agus le mo chara Mairéad oíche Chéadaoin mar do bhí Noel, Alphie, Cathal agus
Maitiú inár gcomhluadar agus iad uile in ann damhsa. Ní fheadar cén saghas seiteanna a bhí ann ach do bhí an-craic againn. Chuala bean sinn ag caint as Gaeilge agus tháinig sí chugainn, Siobhán Ní Cinnéide as Daingean Ui Chúis ó dhúchas a bhí inti agus í ina cónaí i White Plains anois. Bhuaileamar lena deirfiúr atá ar turas ón nDaingean faoi láthair agus ní fada go rabhadar ag damhsa linn chomh maith. Measaim gur chuir sé ionadh ar mhac Shiobhán í a chloisint ag caint go compordach sa Ghaeilge linne, gan trácht ar a aintín a fheiscint ag rince an cornphíopa os chomhair an tslua sa phub, agus damhsóir breá a bhí inti. Bhíomar uile “maith go leor” cé nach raibh mórán le n-ól againn.

Monday, April 30, 2007

Suim sa Ghaeilge i Nua Eabhrac

Bhí lá breá againn dé Sathairn in Áras na hÉireann, NYU. Mar a luaigh mé an tseachtain seo chaite, bhí an Siompóisiam seo i ndil chuimhne ar Bharra Ó Donnabháin, scoláire mór na Gaeilge anseo i Nua Eabhrac. Bhí Eibhlín Zurell agus Tomas Ó Cathail ag caint linn faoi an slí ina bhfuaireadar a gcuid Gaeilge. I gcás Eibhlín, fuair sí an teanga ó daoine éagsúla, trí canúintí éagsúla, anseo i Nua Eabhrac, agus mhínigh sí go bhfuil a fhios aici na slite ina bhfuair a múinteoirí a gcuidse! Braitheann sí go bhfuil rian na bhfoinsí sin, a bhí ag a múinteoirí, ina Gaeilge féin agus tá. Léirigh Tomás dúinn a saol le Gaeilge. Bé Albert Fry i mBéal Feirste an múinteoir a bhíodh aige ar dtús, timpeall fiche bliain ó shin agus lean Tomas ar aghaidh ina aonar agus é ar ais sna Stát, le cabhair ó Albert trí téipeanna a thug sé dó agus é ag fágáil slán leis i mBéal Feirste. Tháinig Tomás chuig an teanga trí an suim a bhí aige sa cheol traidisiúnta, agus is ceoltóir den scoth é. Rith sé leis go mbeadh tuiscint níos doimhne aige faoin gceol dá mbeadh an teanga aige, spreag an suim seo chun na teanga é. Labhair Roslyn Blyn La Drew faoi dathanna sa teanga, go mór mhór an dath oráiste, an dath nó toradh amháin é? Cad faoi flannbhuí? Ról an dath seo i stair na hÉireann agus araile. Lean sé ag labhairt faoi dathanna eile chomh maith, Uaine agus glas (bhíodh glas againn i gcónaí mar saghas “liath” chomh maith ach ní raibh sé sa tuaisceart de réir dealramh) Bán, geal agus glan….. is dócha go bhfuil athruithe ag teacht i n-úsáid na bhfocal agus b’fhéidir go raibh ana chuid focal eile a bhain le dathanna i nádúr sa sean teanga, nach bhfuil aistriúcháin ann ar chor ar bith go béarla? Bheadh sé suimiúil teacht orthu seo ach conas??? Bhíos ag smaoineamh ar seo ag teacht abhaile ar an traein mé.
Bhí Seán Ó Cathail ag caint linn faoin teanga i gcúrsaí polaitíochta in Éireann (ó 1366!! Go dtí an lá atá inniu ann), scéal brónach i ndáiríre ar ndóigh, go raibh an teanga mar ghalar! Agus meon, nó cuspóir, an rialtais deireadh a chur léi le na céadta bliana. Ansin do bhí mé féin, Francesca Nic Colla agus Elaine Ní Bhraonáin ag labhairt faoi teagasc na Gaeilge: Bé m’ábhar ná ag teagasc na Gaeilge do dhaoine fásta i Meiriceá, na modhanna a úsáidim agus na slite ina éiríonn cuid acu i gcomparáid le cuid eile. Bhí Francesca ag caint faoin scéim múinteoireachta teanga idirnáisiúnta Fulbright agus sise ar scoláireacht anseo i Nua Eabhrac (NYU) ar son an bhliain acadúil 2006 -2007. Bhí Elaine ag míniú dúinn an tslí ina mhúineann sí an teanga le cabhair ón idirlíon, ní thagann na mic léinn chuig an seomra ranga ar chor ar bith ach bíonn sí i dteagmháil leo trí mheán an idirlíon le comhaid na fuaime, obair bhaile agus araile.
Is léir go bhfuil an tsuim sa Ghaeilge sa tír seo (agus b’fhéidir i tíortha eile ar fud na cruinne?) ag eirí ó bhliain go bliain.

Wednesday, April 25, 2007

Siompóisiam i ndil chuimhne ar Barra Ó Donnabhain


Beidh Siompóisiam i ndil chuimhne ar Barra Ó Donnabháin ar siúil an deireadh seachtaine seo in Áras Glucksman na hÉireann, NYU., NYC..

Beidh lá iontach againn. Féach ar an gClár anseo. Ní gá dom cuir sios a dhéanamh ar Bharra agus an méad oibre a dhein sé ar son na Gaeilge anseo i Nua Eabhrac. Bheinn anseo go meán oíche! Bhraithimid uainn é i gcónaí agus bíonn a spiorad le mhothú aon uair a thagann a chairde le cheile an teanga a cheiliúradh. Is iontach an rud é go bhfuil an ócáid againn in onóir do ar son a sheirbhís fíor luachmhar ar son dul chun cinn agus múineadh na Gaeilge i Meiriceá. Beidh fáilte is fiche roimh cách, beidh sé saor in aisce, agus an lá iomlán trí mheán na Gaeilge.

Táim cinnte go bhfuil Barra sásta le seo, grásta Dé ar a anam dílis.

Bí Linn

Friday, April 20, 2007

Droch Seachtain

Tháinig saghas pairilise orm an tseachtain seo. Bhain an droch eachtra sa ollscoil Virginia Tech geit mhór asam. Bhí pictiúir des na híobartaigh uile ar an teilifís oíche aréir agus ar na nuachtáin chomh maith inné, roinnt agallaimh lena gcairde le chloisteáil ar an raidió, a dtuismitheoirí agus araile,... go raibh orm an TV a mhúchadh. Bhí sé mós brónach. Tháinig na híobartaigh seo chun na beochta tri na hagallaimh céanna.

Chonaic cuid den scannán féin déanta ag an ndúnmharfóir agus chuir fuaim a ghutha déistin orm. Níl suim agam níos mó a fheiscint faoi nó níos mó a thuiscint faoi ach oiread. Sin a bhí uaidh! Gach duine sa tír a bheith tógtha leis. Níl plean agam a bheith ag damhsa lena dhrochcheol óna uaigh, an mac mallachtán sin.

Buailim le mic léinn cosúil lena híobartaigh seo ceithre uair in aghaidh na seachtaine, daoine óga a bhaineann taitneamh agus sult as gach rud, gan mórán cúram ag an am seo dá saolta ach staidéir a dhéanamh, craic a bheith acu agus bhféidir roinnte oibre gan mórán brú, i siopaí nó i mbialanna. Seo mar a bhí ag cuid is mó des na mic léinn bochta a bhfuair bás ag tús na seachtaine.

Bhí plean agam cur síos ar an deireadh seachtaine bhreá na Gaeilge a bhí againn i New Jersey, timpeall daichead bailithe le cheile an uair seo, ansin bhí an turas abhaile Dé Dhomhnaigh seo chaite suimiúil i lár stoirme fearthainne, a leithéid nach bhfaca mé riamh! Ach bhí an t ádh liom gur shroich mé mo theach cúpla uair roimh dúnadh na mbóithre uile ó thuaidh i Westchester NY.
Anois, ar ndóigh, chuir iompar Don Imus an tseachtain seo chaite isteach orm, ní hamháin gur chaith sé maslach uafásach ar na cailíní ar fhoireann Chispheil coláiste Rutgers ach cad faoi an slí ina thugadh bata agus bóthar do? ní ar son an masla ach ar son an toradh……… gur ghlac roinnt comhlachtaí móra a gcuid urraíochta óna sheó... agus rinne sé sin an beart! Is trua go labhraínn an t-airgead i gcónaí, i nguth níos airde ná aon creidimh i gceart agus an t-éigeart…... Ar aon nós níl mo thuairimí faoi na h ábhair luaite thuas ró thábhachtach tar eis an eachtra i Virginia Tech. Cad é cearr le daonnacht? Cén fáth go dtéann duine, le fuadar maraithe, as smacht mar seo chomh rialta? Tuigim go raibh an duine seo tinn ach an bhfuil aon gné eile a dhéanann slad cosúil le seo nuair a bhíonn rud as smacht in a shaol féin? Féach táim ar ais ar an ábhar arís.

Plean agam cúpla abairt a scríobh faoin ACIS (American Conference of Irish Studies) atá ar siúl i NYC faoi láthair. Tugadh “Lá na Gaeilge” ar chúrsaí inné, fuaireas ephoist á rá……... bhuaileas isteach ann tar éis lóin mar bhíos ag múineadh maidin inné. Faraor bhí imeachtaí an tráthnóna, maidir leis an teanga, trí mheán an bhéarla. Mar shampla, tháinig dream le cheile ag phlé, Staidéir na Gaeilge sa Thodhchaí … Bhí cúpla rud suimiúil le rá ag cuid des na rannpháirtigh sin, agus bhí Gaeilge acu uilig sílim...... Tar éis sin painéal eile ag caint faoi, An Ghaeilge San Am Fadó Agus Anois, (trí mheán an bhéarla chomh maith)…..
Bhíos ag caint faoi seo le Séamas de Bláca …….."de gnáth," a dúirt sé, "ní bhíonn faic trí mheán na Gaeilge ag an ócáid mhór seo."
Más é mar atá sé is dócha go raibh an comhdháil seo i bhfad níos fearr ar son na teanga ná aon ceann riamh!!

Bhuel, tá an aimsir ag éirí nios fearr anois.

Thursday, April 12, 2007

An Buachaill Bocht


Bhuel, tháinig Eoghan abhaile tar éis seachtaine caite aige i bhFlorida. Tréimhse bhreá a bhí aige ach tharla go raibh rian slaghdáin air oíche Dhomhnaigh, scornach tinn agus gan fuinneamh éin ann. Ní raibh dul as ach cuairt a thabhairt ar an dochtúir mar is mhinic a thagann droch tinneas ó rian scornach tinn…tinneas i bhfad níos measa.

Chuamar chuig oifig an dochtúra maidin dé Luain. Bíonn sé greannmhar ag oifig an Pediatrician le déanaí mar is scafaire fir é Eoghan anois cé nach bhfuil ach 15 bliana d’aois air. Bhíomar ann sa seomra fheithimh le beirt bhan eile agus a gcúram, mamailíneacha beaga ag imirt le bréagáin agus iad ina suí ar na gcathaoireacha beaga oiriúnach do phaistí beaga. Bhí m’ Eoghainín óg ina chineál fathaigh agus é níos airde ná aoinne eile sa seomra.

Ar aon nós isteach leis nuair a tháinig a sheal aníos, d‘fhan mise sa seomra fheithimh, seans teacht aníos le scéalta Brad agus Angelina agus araile sna h-irisleabhair a bhaineann le scéalta scannalaigh na tíre seo……….Ach tar eis roinnt nóiméad fuaireas glaoch ón dochtúir. Isteach liom.

“Tá a scornach an nimhneach ar fad” a dúirt sí, “Tuigim” arsa mise, agus lean sí “Ach ní he sin an fáth go bhfuil orm labhairt leat.”
D’fhéach mé uirthi le ionadh agus chonaic miongháire beag ar aghaidh Eoghain. “ Luaigh Eoghan dom gur ghortaigh sé a ordóg breis agus mí ó shin ag sciáil, scrúdaigh mé é agus tá seans mhaith ann gur bhris sé é……….féach” a dúirt sí “ Tá sé fós mós ait, an bhfeiceann tú é “

Bhuel, bhí a fhios agam go raibh sé gortaithe aige tamall ó shin ach le triúr mac múna bhfuil rud a chur fola, nó múna bhfuil duine ag scread le pian, is minic a dhéanann pacáiste oighir an beart!

Bíonn an triúr acu mór le cúrsaí spórtúla agus bíonn pacáistí oighir réidh i gcónaí……!

”Is cuimhin liom an lá a ghortaigh sé é ceart go leor”, a dúirt me ag iarraidh mé féin a chosaint, “Thug mé an comhairle dó oighear a chur air an lámh, níor chuala mé mórán ghearáin uaidh ó shin…..” agus mise ag tabhairt an drochshúile ar an gcréatúr le gáire ina shúile aige.

“An buachaill bocht” a dúirt an dochtúir, “ní bhíonn sé nádúrtha dó a bheith ag gearán is dócha “ (bhain Eoghan an taitneamh as sin!!).

Bhí sé á mo mhagadh an oíche iomlán………..Dhein an chuairt seo an mhaitheas dá scornach tinn chaithfidh mé a rá.

Ar aghaidh linn an mhaidin dár gcionn X ray a fhail agus bá é an toradh ná dá raibh an ordóg bhriste sé seachtain ó shin, níl sé briste níos mó………….. Ní gá aon rud a dhéanamh leis anois. (cé go bhfuil cuma beagáinín as ord ann ceart go leor.)
B’fhéidir nach raibh sé briste ar chor ar bith? agus mise sábháilte mar mháthair?
An radharc dearfach i gcónaí....

Monday, April 09, 2007

Imeachtaí ag Teacht Chugainn in Aibreán

Beidh lucht na Gaeilge gnóthach go leor an t-Earrach seo. Beidh deireadh seachtaine na Gaeilge ar siúl ó an 13ú Aibreáin go dtí an 15ú i Long Beach Island, New Jersey. Bionn an deireadh seachtaine seo ana mhaith gach bhliain agus os rud é go bhfuil sí in Aibreáin in ionad mí an Mhárta i mbliana táim ag súil le aimsir geal agus taitneamhach. Tuilleadh eolais ár suíomh Daltaí.

Ansin ar an 28ú de mhí Aibreáin beidh Siompóisiam Bharra Uí Dhonnabháin in Áras na hÉireann, NYU. Beidh an siompóisiam uile trí mheán na Gaeilge agus tá lá iontach geallta. Ós rud é nach bhfuil Áras Glucksman ró mhór bá choir glaoch a chur má bhíonn spéis agat a bheith páirteach agus do shuíochán a chur in áirithe. Níos mó faoi seo i gceann cupla lá ach tá tuilleadh eolais, uimhir fóin agus araile anseo.

Beidh deireadh seachtaine na Gaeilge ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann i Kingston Ontario ó an 27ú go dtí an 29ú de mhí Aibreáin. Tuilleadh eolais ó Bob Mac Diarmuid (613)544-1055

Saturday, April 07, 2007

The Wind That Shakes The Barley.

Chonaic mé an scannán seo i Manhattan an tseachtain seo chaite. Bhí an tréimhse sin dár stair an crua ar fad. Ní fheadar an bhfuil aon saghas cogaidh chomh dona agus cogadh cathartha. Nuair a bhíonn cairde agus clanna ar taobhanna difriúla mar a bhí ag an am san, briseann anam an phobail. Fanann rianta an bhriste céanna sna glúine a leanann, mar is eol dúinn. Ní gá dom dul isteach sna eachtraí a chur isteach go mór orm sa ré bhrónach sin, ní hamháin de dheasca na Dúchrónaigh lofa ach de dheasa briste anama na hÉireannaigh.
Fuair an scannán gradam i gCannes anuraidh, an Palme dÓr.
Bhí triúr againn ann le cheile agus bhíomar scriosta ag teacht amach ón amharclann. Tá sé fos ar m’intinn.

Wednesday, April 04, 2007

Deireadh an Áil agus a Mháthair Ghaelach

Tá na scoileanna poiblí uile dúnta an tseachtain seo i stát Nua Eabhrac. Saoire an earraigh a tugtar uirthi. (ar eagla go dtuigfí aoinne gurb í saoire na cásca a tá ann!) Bíonn an nós ag go leor daoine dul go Florida an tseachtain seo agus tús a chur ar imeachtaí an séasúr úr, le snámh agus araile. Fuair mo mhac is óige (mo leanbh!) cuireadh dul le haghaidh na seachtaine le muintir charad dó. Dímigh an chlann oíche Aoine agus lean Eoghan ina ndiaidh maidin Dhomhnaigh ar eitilt ó La Guardia. Ní raibh mé ró shásta cead a thabhairt do ach tá sé beagnach sé bliana d’aois! Beidh sé ag iarraidh teacht ar ceadúnas tiomaint i gcionn míosa ……….agus fonn orm é a choimeád sa nead.

Cad é cailíní fiáine thíos ansin i bhFlorida!!!! :(

Is déagóir spraíúil cairdiúil dathúil é agus gach deireadh seachtaine bíonn sé ag dúl chuig coisir éigin ach dar liomsa is buachaill fós é, cé go bhfuil sé breis agus sé throigh! An bhfuil mo cheann sa ghaineamh?
Tá an teach sách chiúin gan é. Táim ag súil le é a bheith thar nais linn oíche Aoine (agus fanacht sa bhaile go dtí go bhfuil sé, abair, daichead bliana d’aois………)

Tuesday, April 03, 2007

Níos Mó Pictiúir

Scata ag iarraidh fadhbanna an domhain a réitigh...

Micheál ag canadh dúinn...

Cuid den dream...

...cuid eile!

Slánaitheoirí eile ag iarraidh fadhbanna an domhain a reítigh!

Fuaireas na griangraif seo ó Shoisear MacCionnaith. GRMA.

Friday, March 30, 2007

Griangraif ón lá mór.

"Túirne Mháire"
Máire Haslam ag labhairt linn faoi ráiteas an rialtais i leith na Gaeilge.
(griangraf: Mairtín Gavin)


Siobhán ar a méarchosa
(griangraf: Mairtín Gavin)

An seisiún i réim, Cormac, Séamas agus Mark.
(griangraf: Mairtín Gavin)
Noel agus mise ag deireadh an lae.
(griangraf: Mairtín Gavin)






Sunday, March 25, 2007

Lá na Gaeilge 2007

(Pic ó 2005, Muiris, mise agus Br.O Cuinn)
D’imigh an tseachtain seo chaite mar ghaineamh trí mo mhéara! Bhí an Lá na Gaeilge 2007 ar siúil dé Sathairn i gColáiste I, New Rochelle NY. Bhí an-lá againn. Chuireamar tús ar imeachtaí an lae ag a naoi a chlog agus leanamar go dtí, bhuel timpeall a sé nó mar sin. Bhí 82 í láthair agus sinn uile dírithe ar an teanga an lá iomlán. Bhí ranganna ar ceithre leibhéal, (le múinteoirí den chéad scoth, Eibhlin Zurell, Una McGillicuddy, Seán Tierney, Caoimhe Ní Bhaoill,) Bhí grúpa chomhrá ann chomh maith, fiche daoine le gaeilge líofa le cheile agus iad dírithe ar fhadhbanna an domhain a réitigh! Bhí dhá léachta againn; ceann amháin faoi “Ráiteas i leith na Gaeilge” le Máire Haslam (tuairim suimiuil anseo!)agus ceann eile An Appalachian Trail le Noel Cotter. Bhí scannán an deas againn chomh maith; an bráthair Cathal Ó Cuinn, nach maireann, ag caint le Pádraig Ó Cearuill i 2006. Ba é seo an seachtú lá na Gaeilge i Westchester NY agus go dtí seo bhíodh Br. Ó Cuinn i gcónaí linn ar an lá mór. Tháinig cuid dá chairde ó phobal Choláiste I, bráithre eile, agus cé nach raibh focal Gaeilge acu bhíodar sásta féachaint ar an scannáin agus éisteacht ar ghuth a sean chara. Bhí cúpla focal le rá ag buan cáirde an bráthair, Br. Robert Durning agus Muiris Bric. (Griangraf thuas ag Lá na Gaeilge 2005)

Sílim gur bhain gach duine sult as an lá ach faraoir rinne mé dearmad mo ceamara a thabhairt liom…bhí go leor rudaí eile ar m’intinn an mhaidin sin! B’fhéidir go bhfaighidh mé griangraf nó dhó in ephoist ?.... Tháinig lucht na teanga ó Baile Atha Cliath, Washington State, Mass, Ct, Long Island, NJ agus Pennsyvania, gan trácht ar ár ndream féin ó NY!

Go raibh míle maith agaibh go léir, ar dtús an fhoireann; Siobhán Shea, Máire Aine Swords, Naomi Mc Cooe, Sean O Fiannaí, Bernadette Broderick, Donncha O Cuinn, Maura agus Colie O'Leary, Joan O'Connell agus Cian Mac Suibhne. Bhíodar uile ag obair ó luath na maidine gach rud a bheith in ord agus in eagar, agus ar ndóigh mo bhuíochas a ghabháil chuig ár gcuairteoirí uile.

Thursday, March 15, 2007

Dar Fia!

Fiorsceál!
Mharaigh mé iora glas ar an mbóthar ar maidin!
Léim sé amach os mo chomhair, an fear beag bocht, cuma deas sona air, sílim gur chuala sé torann éigin mar chas sé a cheann ach an treo mícheart, torann mo charr is dócha agus mé ag iarraidh stopadh, ach ochón, ró dhéanach. Bhraitheas an tuairt bheag, ana bheag, agus chonaic mé a eireaball, fós in airde thar a chorp brúite i mo scátháin.

Bíonn alán ainmhí allta sa cheantar seo, anois is arís buaileann ár saolta le cheile agus is annamh a bhíonn an lá ag an ainmhí. Cheapfá ón eachtra beag brónach seo go mbeinn réidh don chéad eachtra eile….ansin tráthnóna inniu bhíos ag teacht abhaile tar éis Eoghan a fhágáil ar ais ar scoil. Bhíos i mo charr ar bhóthar ciúin idir coillte agus loch gan smaoineamh ar aon rud ach an radharc deas………go hobann phreab fia an mhór, (mar chapall rása,) aniar aduaidh orm as an gcoill, rinne mé iarracht stopadh ach tharla gach rud chomh tapaigh; bhuail sé ar dtús ar sciathán an chairr, rith sé in aice liom, abhóg nó dhó, ansin, creid nó ná creid léim sé thar mo charr bheag. Chonaic mé a bholg, agus a leath deiridh agus cheapas go mbeadh ceann dá chosa deirí isteach an fhuinneog orm. Chuala, sílim a chos ag bualadh barrbhog an chairr. Ansin chonaic mé, i mo scáthán, a thuirlingt ar an taobh eile agus isteach sa chlaí leis.
Bhíos ag crith…. agus eagla orm féachaint ar an gcarr tamall, ach tá sé ceart go leor.

Saturday, March 10, 2007

Creideamh agus Cultúr

Bíonn creideamh agus cultúr measctha suas chomh minic sin nach féidir iad a aithint in a aonar uaireanta, dar liom. Cur i gcas na h Éireannaigh agus Caitliceachais le fada anuas nó na Afghanis agus an traidisiún Moslamach. Bíonn saolta difriúla ag na Moslamaigh san iarthar ó tionchar agus na cearta daonna a bhíonn nádúrtha anseo. Éiríonn an iomarca trioblóid idir iad siúd a bhíonn faoi tionchair éagsúla ach ag iarraidh ag an am céanna a mhaireann faoin scáth reiligiún céanna. Ní mhíníonn na grúpaí difriúla an Koran nó an Bíobla sna slite céanna de bharr na difríochtaí inmheánacha atá iontu féin óna saolta. Ansin bíonn siad ag iarraidh an ciall a bhaineann siadsan féin a chur in iúl do chách, mar ar ndóigh ceapann siad go bhfuil a gceann an rogha is fearr dóibh uile………ach níl aon ceann ceart amach is amach mar níl iontu ach interpretations. (focal ceart éinne? Mínithe phearsanta?)

Agus ní fheadar an bhfiú é seo ar chor ar bith? ...A bheith tógtha go mór le bealach amháin, agus ansin na hargóintí agus na trioblóidí uile. Cén fáth nach bhfuil daoine in ann teacht ar a rialacha féin óna saolta agus a gcuid staidéar féin. Níl an bhóthar seo chomh fada sin gur bhfiú am a chaitheamh amú ag argóint faoi rialacha an tsaoil? Ceart dom ceart duit! (Chomh fada agus nach bhfuil tusa ag iarraidh mé a mharú is dócha.....)

Is trua an rud é go bhfuil ceangal idir creideamh le faitíos chomh minic sin chomh maith. Má bhaineann an creideamh le smacht a choimeád ar a lucht leanúna níl éalú ón bhfaitíos. Ach nach deacair é smacht i gcásanna mar seo a mhíniú i gceart? Easpa saoirse is ea an freagra simplí ach nach mbíonn mórán daoine tógtha lena reiligiúin éagsúla, ….agus lán sásta leanúint le na rialacha agus na treoracha gan ceist, nó an bhfuil eagla orthu rud ar bith a dhéanamh de dheasca an smacht céanna?

An bhfuil an saol níos simplí dóibh siúd? An bhfuil siad ró leisciúil teacht aníos lena smaointe féin nó an bhfuil ganntanas intleacht ann? Ní bhíonn orthu a gcoinsiasa féin a chur faoi scrúdú! Ach an mbeadh coinsias ar bith acu gan treoracha ina saolta nuair a bhíodar óg foirm éigin a thógáil ar a gcoinsias? Ceisteanna gan freagraí.

Léigh me an leabhar The Bookseller of Kabul le Asne Sierstad an tseachtain seo chaite. Fíor scéal (ach le cuma úrscéal) faoi clann Moslamach ar an meán aicme in Afghanistan agus an saol a bhí acu ag an am san, Samhain 2001. Bhí cúrsaí polaitiúla saghas feola ar chnámha an scéil; sé sin an gnáth saol a bhíonn ag teaghlach sa tír sin, go mór mhór saol na mban. Bhí an-díomá orm leis. Bhí na carachtair uile, idir fir agus mná, an lag chomh maith, bhíodar suarach, santach, aineolach, foréigneach agus i ndáiríre go dona amach is amach in ngach slí. Bhí na mná uile ina sclábhaithe agus do bhí na fir, fiú iad le oideachas, maslacha! Ní raibh ach duine amháin sa leabhar seo beagáinín cneasta, ar a laghad lena pháistí féin, agus ba ghadaí a bhí ann. Bhí sé ag gadaíocht chun teacht ar bia dá chlann a bhí ag fáil bháis le h-ocras……….. D’éirigh leis an leabhar seo go han mhaith ar an margadh anseo san iarthar, ní nach ionadh….ag an am san bhí cogadh tar éis tosnú idir na SAM agus Afghanistan. Bhíos ag smaoineamh an saghas bolscaireachta atá sa leabhar seo nó an é seo pictiúr dáiríre den pobal in Afghanistan…..

Ansin, chuala mé agallamh le Irshad Manji ar chlár raidió dé Luain. (éist ar an mír más maith leat faoi Faith without Fear) Is bean Moslamach, intleachtach í ó Ceanada. Bhí sí ag míniú dúinn na trioblóid a bhaineann le lucht leanúna Mohammad, ar fud an domhain inniu. Ach, bíonn a saol féin i mbaol anois de dheasca a cuid oibre, fiú féin, tá an bhean chróga seo ar bhóthar díreach, cineál mhisin, agus tá sí toilteanach a bheith i mbaol chun a teachtaireacht a scaipeadh. Níl sí sásta a bheith ina h-iománaí ar an gclaí, mar a bhíonn na Moderates, dar léi, ....atheagrú, nó athchóiriú atá uaithi. An catalyst ina saol compordach féin ná scéal faoi déagóir (17) san Afraic a tugadh breithiúnas céid buille uirthi mar gheall ar gnéas roimh pósadh, ach bhí a fhios ag an mbreitheamh gur banéigin a bhí i gceist agus bhí fianaisí le fáil. Droch scéal. Taistealaíonn Irshad Manji timpeall an domhain ag tabhairt léachtaí agus tá scannán aici chomh maith. Faith Without Fear. Ach mar a luaigh mé thuas, tá radharc difriúil aici mar bhean Moslamach ó tionchar an Iarthair agus chomh fada agus atá sí ag caint in ollscoileanna agus araile anseo bíonn an lucht éisteachta in a lámh aici.

Tuigim arís agus an píosa seo scríofa agam cén fáth a sheachnaím ábhair mar seo de gnáth. Cuireann siad isle brí orm agus téim timpeall i gciorcail. Níl aon freagra ar argóintí bunaithe ar difríochtaí idir cultúir, traidisiúin, reiligiún agus iad measctha le cheile. Is trua nach bhfuil cineál cearta saoránaigh an domhain againn, ach sílim nach mbeidh riamh, i mo shaol ach go h-áirithe. Sin a fheictear i scéalta science fiction.


Wednesday, March 07, 2007

Plean ar Strae!

Bhí plean agam píosa a scríobh faoi clár raidió a chuala mé dé Luain, clár a bhaineann le leabhar atá léite agam le déanaí………ach ochón do bhuail virus éigin orm maidin inné, ceann a mhaireann timpeall lá amháin nó lá go leith. Is aisteach chomh dona agus a bhíonn galar mar seo nuair a bhuaileann sé ort! Is duine láidir go leor mé, ní bhím tinn ró mhinic, agus má bhím, anois is arís, bím ar ais ar mo sheanléim tapaigh go leor. Inné, cheapas go rabhas ag fáil bháis! An seana scéal a ghearrann na cosa uait ó am go ham………Dhúisigh mé le preab timpeall a ceathair a chlog le drochphianta i mo bholg, bhíos ag cur allais agus fuar dá mbarr. Chaitheas cúpla uair ag tabhairt cuairteanna ar an seomra folctha go rialta (Tuigim, tuigim…an iomarca eolais!) agus timpeall a seacht a chlog cheap mé go raibh saghas bhisigh ag teacht orm, ar a laghad bhí mo chorp glanta amach! Ghlacas cith agus ar aghaidh chun oibre mé (óinseach nach beag a bhí ionam agus aistear uair a chloig ar an traein..) Bhíos chomh lag sin go raibh míobhán ag teacht orm an mhaidin iomlán agus tháinig mé abhaile, isteach sa leaba liom ag 3:00 pm agus níor bhogas go dtí a ceathair a chlog maidin inniu nuair a chuir Cara (mo sheana mhadra) i mo dhúiseacht mé agus í ag iarraidh dul amach sa chúl gairdín. Chuaigh sise ina leaba-sa in aice mise ag 3 00pm agus faraor níor bhog an créatúr ach oiread ó shin. Bíonn sí sách dílis! Ní raibh mé ag smaoineamh uirthi fad is a bhíos ag fualaingt!
Ní raibh mé in ann dul ar ais a codladh tar éis í a ligint amach, chuireas an tine ar lasadh sa chistin agus rinne mé leite. Bia an othair!

Táim beagnach ceart go leor anois.

Sunday, March 04, 2007

Gradam na mBloganna 2007! Irish Blog Awards 2007! The Bloscars 2007!

D’éirigh le mo blogín seo san ócáid mhór agus chuala go raibh oíche bhreá ag dream na mbloganna san óstlann Alexandra i mBAC aréir. Go raibh míle maith agat a bhreithimh, nó a bhreithiúna (níl aon ainmneacha agam? Níl a fhios agam cé leo a bhí an cumhacht!) agus míle buíochas chuig Edgecast as urraíocht na míre seo, Best Use of Irish in a Blog. Ní féidir liom leanúint gan mo bhuíochas a ghabháil chomh maith chuig mo chara Cormac Mac Fhionnlaoich as a bheith páirteach sa chraic aréir agus an gradam a fháil ar mo shon .

Is iontach an rud é an teanga a fheiscint i lár an saol chomhaimseartha in Éirinn, agus is fíor a rá go bhfuil blogging ceann des na meáin cumarsáidí nua i mbarr réime faoi láthair. ...Tuigim go mór nach aontaíonn mórán liom, nach dtuigeann siad go bhfuil an teanga i lár an saol chomhaimseartha seo, ach tá, fiú má bhíonn ról beag go leor aici. Nuair a bhíonn bearna bheag ann an teanga a ligint isteach i slite mar an ceann seo, Gradam na mBlogganna, agus má bhíonn lucht tacaíochta toilteannach, agus ag iarraidh an teanga a úsáid chomh minic agus is féidir ina gnáth saolta in éineacht le Béarla nuair a bhíonn gá …….gan deighilt mhór a chothú idir lucht na Gaeilge agus lucht an Bhéarla (ach an mhalairt a chothú…)……ansin bíonn sé soiléir go bhfuil spás don teanga i lár an saol chomhaimseartha agus go bhfuil an lucht tacaíochta ag fás.

Is leor sin anois, bím ag iarraidh caint “faoin” teanga a sheachaint anseo, nach mbíonn an iomarca daoine ag caint fúithi in ionad inti i gcónaí?….….. níl ganntanas ar bith d’iad siúd againn!
Go raibh maith agaibh arís.

Ar aghaidh linn le cheile!