Tá sé deacair dom labhairt nó scríobh faoin ionsaí le harm i bhFlorida mí ó shin, ach bíonn an scéal ag dó na geirbe agam ó chuala mé é, níos mó ná sin fiú - cuireann sé déistin orm - deacair dom a léamh gur chaill Trayvon Martin a shaol de dheasca tragóide. Dúnmharaíodh é - sin a tharla. Is gá é sin a rá arís is arís eile, dúnmharaíodh é. Déagóir seacht mbliana déag d'aois ag siúl abhaile ón siopa gan arm....Ba dhúnmharú toiliúil, réamhbheartaithe é dar liom, tuigim go bhfuil daoine áirithe ag rá nach féidir teacht ar an bhfírinne gan fianaisí, gan an scéal go hiomlán a bheith againn. Ach tuigim rud amháin, go raibh gunna i lámh an fhir sin agus ba eisean an duine a bhí ag loiceadóireacht thart ar na sráideanna ag lorg trioblóide agus ag lorg cáile de shaghas éigin do féin; bhuel tá sé aige anois mar dhúnmharfóir. An raibh gunna uaidh? Is í sin ceist lárnach an scéil seo.
Bhí píosa sa pháipéar inné ó pheann Paul Krugman. "Florida’s now-infamous Stand Your Ground law, which lets you shoot someone you consider threatening without facing arrest, let alone prosecution, sounds crazy — and it is. And it’s tempting to dismiss this law as the work of ignorant yahoos. But similar laws have been pushed across the nation, not by ignorant yahoos but by big corporations." Tuilleadh anseo.
Bíonn i bhfad níos mó uisce faoi thalamh ná mar a cheapfá....dar leis. Tá scéalta ag teacht amach faoi Trayvon anois, nach naomh a bhí ann (an é sin le rá go raibh an t-ionsaí tuillte aige?)....Ach ag an bpointe seo smaoiním ar mhuintir an déagóra seo agus iad goillte, agus sochaí Mheiriceá goillte leo. Tá brón orm a rá go bhfuil an tír iontach seo ag dul in olcas fad is a glactar le leithscéalta an dúnmharfóra seo. Cén fáth go raibh sé ar thoir an fhir óg le gunna? Tuige nár ghlac sé an comhairle a thug 911 dó? Gan dul ar thóir aon duine.
Tá mac agam féin atá píosa beag níos sine ná Trayvon Martin, nuair a bhí mo mhac seacht mbliana déag d'aois bhí sé ard, 6' 3", agus an tanaí leis cosúil le Trayvon, agus bhíodh hoodie i gcónaí air thar an tréimhse sin. An mbeadh eisean i mbaol i bhFlorida? - oh, dheineas dearmad a rá - is fear óg geal é....
Tuesday, March 27, 2012
Friday, January 20, 2012
Aige Baile As Baile!
Tugaim an focal Baile ar Éirinn go fóill - aon uair a labhraím fúithi, agus déarfainn nach mbeidh aon athrú ar sin, ach ag an am céanna má bhím ag taisteal sa tír seo ciallaíonn an focal Baile le Nua Eabhrac, seans gur rud aisteach é sin nó seans nach rud aisteach é sin ar chor ar bith; Braitheann an coincheap féin leis an áit ina bhfuilim b'fhéidir? ar leibhéal inmheánach is í Éireann mo bhaile ach bím sa bhaile i Nua Eabhrac, cé acu i lár na cathrach a bhím nó faoin tuath i dtuaisceart an stáit.
Is í an íomhá is mó a bhíonn forleathan faoi eisimircigh ná dream a mbraitheann uathu a dtír dhúchas i gcónaí agus síor-fhonn orthu dul thar n-ais chuici, drogall orthu a bpáistí a thógáil in aon áit eile - ach ní i gcónaí a bhíonn sé sin fíor. (cé go mbíonn sé fíor go minic) Oireann saol an imircigh liom cé go bhfuil tírghrá domhain agam agus ní dóigh liom go bhfuilim i m'aonar mar is treibh fhánach shiúlach sinne.......agus ní dóigh liom go mbraitheann ár bhféiniúlacht ar ár n-áit chónaithe.
Ach bhí an t-ádh dearg orm, agus sílim go mbíonn i ndáiríre, bíonn mo bhuidéal leath lán.... Nuair a bhogas anseo bhí na hacmhainní agam dul go Éirinn chomh minic agus a bhí orm, nó dúil agam, dul. Bhí cárta uaine agam taobh istigh ceithre bliana - mar sin ní rabhas riamh buartha faoin gcinneadh fanacht anseo, níor bhraitheas riamh gafa sa tír sa dóigh in a mbíonn mórán imirceach. Sílim go bhfuil difríocht bhunúsach idir meonta na n-imirceach a thagann ar víosa agus meonta iadsan a dtagann gan pháipéir in ord agus in eagar acu.
B'fhéidir más duine gafa thú go mbíonn na cnoic i gcéin, nó sa bhaile sa chás seo, ana ghlas ar fad?
Thursday, January 12, 2012
An Sean Réiteach Talún.....
Le Henry Doyle
Mary Frances Cusack's Illustrated History of Ireland, 1868
Mary Frances Cusack's Illustrated History of Ireland, 1868
Tá an nós agam éisteacht le Seirbhís Domhanda ón BBC ar an raidió gach maidin. Mar a cheapfá cloistear scéalta ansin nach bhfaightear aon áit eile. Ar aon nós bhí trua orm inné, cé nach raibh ionadh orm, a chloisteáil faoi cóisirí imirce a bhíonn ar siúil go rialta ar Oileán Acla. Bíonn a leithéid ar siúil i ngach áit sa tír agus daoine óga ag imeacht, agus níl sé chomh simplí do dhaoine óga teacht go Nua Eabhrac faoi láthair i gcomparáid leis na seanlaethanta. Bíonn deacrachtaí móra teacht ar víosaí. Má thagtar gan víosa ní bhíonn ach jabanna sna pubanna nó mar fheighlithe pháistí agus araile le fáil, bíonn poist mar iad san ceart go leor - ar feadh tamaill. Ach níl sé furasta braith orthu. Cloistear scéalta mar “Rugadh í Meiriceá mé agus bhog mo thuismitheoirí thar n-ais abhaile nuair a bhí mé óg….” má thagann ábhar a stádas aníos i gcomhrá - (deirtear gurb é sin ceann de na gnáth leithscéalta - tá sé cloiste agam.) Ach is é an rud is measa déarfainn ná ní féidir leo dul abhaile agus teacht thar n-ais arís gan seans trioblóide, easpa saoirse ar shlí. ….rud eile ná ní bhíonn an méid sin poist le fáil sa tír seo anois, fiú má bhíonn tacaíocht ag an aos óg teacht anseo, abair cairde nó gaol…..
Bíonn sé deacair do dhaoine dul ar aghaidh ina saolta gan a bheith “dleathach” mar a déarfá….Agus bíonn an fhadhb chéanna ag an ndream a dtagann ó Guatamala agus Mexico, déanann siadsan ana chuid oibre anseo chomh maith ach níl páipéir acu go léir. Mar sin ní féidir a bheith páirteach í gceart, go hiomlán sa tsochaí anseo, ní féidir dul ar aghaidh le hoideachas mar shampla - Ní dóigh liom go bhfuil sé sláintiúil nuair a bhíonn leibhéil dhifriúla ann; dleathach agus mí dleathach i sochaí amháin, Nílim compordach leis caithfidh mé a rá, mar sa deireadh thiar thall oibríonn siad, an cuid is mó acu, díreach nó indíreach, ar mhaithe linne atá dleathach.
Tá a fhios agam go bhfanann siad go léir anso mar cé nach bhfuil sé ró mhaith anseo bíonn sé níos fearr ná ina dtíortha féin, Éireann ina measc. Sin mar atá. Nach bhfuil náire ar Rialtas na hÉireann? ba chóir go mbeadh nó an bhfuil áthas orthu figiúirí dífhostaíochta a "cheartú"?

Friday, January 06, 2012
Fáilte 2012 - Drochthús - an iomarca oibre?
Ah..ní dóigh liom é.
Ach bhuail slaghdán trom orm an deireadh seachtaine seo chaite, ní raibh éalú as, sleamhnaigh sé isteach sa tigh agus bhain tuisle asam, ach bhain sé mo chuid fuinnimh go hiomlán uaim chomh maith, fágadh lag i gcorp agus in intinn mé gan puinn suime agam i léitheoireacht, i scríbhneoireacht nó i mbia fiú - sásta a bheith ar an tolg os comhair na tine ag féachaint ar scannán tar éis scannáin, (buí le Netflix) nó ag glacadh snap-codlata i ndiaidh fuisce te.... Ochón! Ach táim thar n-ais ar mo shean léim - beagnach. Bhí íseal brí ag cur isteach orm ag deireadh 2011, drochscéalta ó gach taobh, ar lig an meon sin an diabhal slaghdán isteach? Ní fheadar - ach is púcaí iad slaghdáin agus glacann siad aon chaolseans a ligtear dóibh! Inniu an séú lá de mhí Eanáir agus ar shlí an chéad lá den bhliain úr domsa, (mar ar ndóigh chailleas an tseachtain seo caite.) Cuireann inniu fíor deireadh ar aimsir na Nollag, tréimhse a bhíonn gar dom chroí, seal a imíonn isteach níos tapúla ná aon cheann eile sa bhliain dar liom. Tá orm na maisiúcháin a thóg aníos agus iad a chur i bhfolach arís......
Cad é? Ceart go leor - rúin na hathbhliana anois....ar aghaidh liom.
Friday, December 09, 2011
Tá An Nollaig Beagnach Buailte Linn...
Mar a deir mo chomharsana ón bhFionlainn...tá sé in am "An Nollaig a chur suas"!
Bhuel - seo an deireadh seachtaine, gheobhaidh mé crann Nollag amárach, cuirfidh mé na cártaí sa phost agus tosnóidh mé ag cócaireacht.........
Thursday, December 01, 2011
Ar Thoir an tSolais
Is beag duine nach ndéanann iarracht léas na soilse a ghabháil uair éigin ina shaol, ó pháistí ar thoir lampróg, go mic léinn ag iarraidh laethanta a shíniú le solas saorga na hola mheán oíche. Bíonn síor solas na gréine, na réaltaí, na gealaí i lár ár saolta i gcónaí - fiú muna smaoinítear orthu mórán. Bhuaileas le Don O Neill, dearthóir, le déanaí agus thug sé cur síos faoi sholas mar ábhar machnaimh agus ábhar spreagtha dá shaothar féin. Chuir sé Mairtin Ó Direáin i gcuimhne dom.
Mairtin Ó Direáin! - File mór le rá an 20 aois déag in Éirinn? File a bhí tógtha leis an gcoimhlint idir an saol tuaithe agus an saol cathrach, agus Don Ó Neill?.... dearthóir couture an 21 aois atá lonnaithe i gcathair Nua Eabhrac??? Ar son Dé - cén cineál léim na samhlaíochta a cheanglaíonn an bheirt acu siúd le cheile?
Cinnte - sin a tharla agus mé ag féachaint ar toradh Uí Neill ag ócáid mhór ag tús na seachtaine seo i Nua Eabhrac agus mé ag éisteacht leis. Labhair Ó Neill faoi laethanta a óige i mBaile Uí Thaidhg, Contae Chiarraí. Luaigh sé go háirithe glioscarnach sholas na gréine ar dromchla na farraige nuair a bhíodh sé ina leaidín óg os comhair a tí. Níor dhein sé dearmad riamh ar draíocht na háite, agus déanann sé iarracht loinnir na gréine nó loinnir an ré - mar aon le loinnir a oidhreacht féin - a snoí isteach ina chuid saothair.......Fad is a bhí sé ag caint léim focail an Direánach chugam ón dán Seoda ina labhraíonn sé faoi spioradáltacht na háilleachta, go háirithe nuair nach maireann sí ach ar feadh soicind nó dhó, "Saol an mhaide gréine um Nóin".
Cad í áilleacht ar aon nós? An maireann sí inár súile, inár n-intinní nó in ár n-anamacha?
Ach an rud is tábhachtaí dar liom ná í a aithint umainn.

Monday, November 14, 2011
An Troika
An Troika agus Sabina
Comhghairdeas chuig Michael D. Higgins.
Anois tá Gaeilge líofa ag an Uachtarán, Michael D. Higgins, ag an Taoiseach Enda Kenny, agus ag an Tánaiste, Éamon Gilmore - aon seans go gcloisfear níos mó Gaeilge amach anseo in áiteanna arda?
Cheap mé go raibh an clár oirnithe ar RTE go maith, cé nár chuala mé cláirseach nó fidil? nó amhrán i nGaeilge.... agus cuireann fir airm chomh maisithe le boinn míleata laethanta Brezhnev i gcuimhne dom...agus b'fhéidir go bhfuil sé in am anois carr níos lú ná Mercedas-Benz - (a mbíonn stiúgtha le tart peitril go minic )- a bheith in úsáid acu?
Bhí go leor paidreacha agus beannachtaí le chloisteáil chomh maith - agus dea-aoibh ar chách, beagnach cách.
Tuesday, October 11, 2011
Asarlaí x 2 = Draíocht
Cloistear tuairimí difriúla maidir le hamhránaíocht ar an sean-nós, ní bhaineann cách sult as, sin mar atá. Ceaptar go minic go bhfuil an meán seo ró seanfhaiseanta amach is amach, agus nach n-oireann a stíl don lá atá inniu ann - má thuigimid an lá atá inniu ann ar chor ar bith. Chomh maith le sin táimid oilte i gceol an Iarthair ó na lár aoiseanna agus i gcás amhránaíocht ar an sean-nós cloistear nósanna aisteacha inti ar uairibh a bhfuil baint acu le réim eile, réim i bhfad níos sine fós ná na lár aoiseanna. Is iad seana rithimí an Oirthir atá le cloisint inti agus ní ró mhinic a bhíonn daoine compordach leo. Is fíor a rá go bhfuaim eachtrannach go leor í do chuid mhaith daoine gan acu baint ar bith le sean chultúir na tuaithe in Éirinn, agus ní ceart é a bheith ró criticiúil ach an oiread. Cá áit a fhaigheann páistí óga, go háirithe iad ag fás aníos sna cathracha, aon seans teacht ar amhránaíocht ar an sean nós muna bhfuil suim ag a dtuismitheoirí inti?... Ach má thagtar chuici i gclos-timpeallacht dearfach bheadh seans meon éigin a chothú iontu.
Taobh istigh an teideal amhránaíocht ar an sean-nós bíonn stíleanna difriúla le chloisint. Chuala mé ó amhránaí iontach as Tír Chonaill lá, Máire Ní Cholm, nach bhfuil san amhránaí ar an sean nós féin ach saghas soitheach chun na hamhráin a thabhairt uatha atá imithe uainn, ó na laethanta atá i bhfad thart, go glúine eile agus go bhfuil sé tábhachtach nach nochtfadh na hamhránaithe a mothúcháin phearsanta riamh. Tuigim é sin ar shlí, agus míníonn sé cén fáth nach bhfeictear lámha an amhránaí ar an sean-nós ag bogadh timpill, nó mothúcháin ar a aghaidheanna mar a fheictear i gcás an amhránaí comhaimseartha, nó amhránaí cheoldrámaíochta. Ní aisteoirí iad.
Ach ní dóigh liom go gciallaíonn sé sin nach bhfuil mothúcháin an amhránaí féin tábhachtach ar chor ar bith. Sílim go bhfuil an mhalairt fíor, tagann mothúcháin chuig an lucht éisteachta trí fhocail an amhráin agus an tslí in a gcoimeádann an t-amhránaí smacht ar a ghuth agus smacht ar an amhrán ag an am céanna. Abair mar shampla saothar Iarla Ó Lionaird, déarfainn go bhfuil teagmháil dhomhain aige le hábhair na n-amhrán go léir a chanann sé, agus is minic nuair a bhím ag éisteacht leis ní hamháin go gcloisim na focail ach braithim na focail, nó braithim na mothúcháin atá taobh thiar na focail. Ní fheadar an iad mothúcháin Uí Lionaird féin iad nó mothúcháin an chumadóra ag teacht tríd?
D'fhreastailíos ar cheolchoirm Úi Lionaird oíche Shathairn seo chaite anseo i NYC san Irish Arts Center. Bhí sé go hiontach ar fad agus sílim go bhfuil eisean duine de na hamhránaithe is fearr a oibríonn san aicme seo. Bhí an sár phíobaire Ivan Goff in éineacht leis agus ba léir gurb asarlaithe an bheirt acu. Comhoibriú a bhí ar bun acu, Masters in Collaboration an t-ainm atá ar an sraith seo a bhunaigh Mick Moloney ceithre bliana nó mar sin ó shin. Bhí an amharclann lán go doras agus cuma ar chách gur bhaineadar sult as an gceolchoirm. Ní fheadar an raibh Gaeilge ag mórán acu áfach, níor chuala mé í agus ní mé an ndearna sé aon difríocht, cad a gceapfá? Bhaineas féin sult as gach amhrán, ach níos mó suilt as iad atá ar eolas agam sílim agus mé ag canadh go ciúin leis (- ag cur isteach ar mo chomharsa is dócha.) Ach an fhadhb mhór í nuair nach dtuigeann na héisteoirí an teanga ar chor ar bith, an féidir leo sult a bhaint as na hamhráin? Tá súil agam - ach ni fheadar.

Saturday, October 01, 2011
Droch Leigheas.
Bhí bean, timpeall fiche bliana d'aois, taobh thiar dom ar an traein inné. Ní raibh sí suite ach nóiméad ansin nuair a chuala mé a glór géar mar scian trí mo néal codlata. Bhí sí ar an bhfón, agus laistigh leath uair a chloig ghlaoch sí ar timpeall dosaen dá cairde ag insint an scéil seo dóibh - ar dtús go raibh sí ar an traein agus tórramh seanchara ó mheán scoil a ceann scríbe. Mhúscail mo chluasa píosa, tórramh duine chomh óg san? Faraoir, ba chosúil nach raibh an fear óg seo ró shláintiúil riamh ina shaol gearr, croí lag ón dtús báire agus bhí air dul faoi scian cúpla uair fad is a bhí sé ar scoil. Thosnaigh a chroí ag teipeadh sé mhí ó shin agus bhí an fear bocht i dtámhnéal le sé mhí anuas ó bhuail stróc air. Ní raibh mórán bróin i guth mo dhuine agus dúirt sí go raibh bás an fhir óg seo saghas faoisimh dó agus dá chlann.
Bhíos féin ag éirí ana-bhrónach ag smaoineamh air agus ar a mhuintir agus ar an saol gan seans a bhí aige - Chríochnaigh sí an scéal leis an abairt céanna gach uair: "Chuir Ammonia ar shí na fírinne é sa deireadh"
Mo léan, caoineadh agus gáire ag an am céanna.

Wednesday, August 03, 2011
Clúdach Síoda na Daonnachta
Chonaic mé The Silver Tassie (ó pheann Seán Ó Casey) leis an gcomhlacht Druid anseo i NYC le déanaí. Is dráma moráltachta as an ngnáth é, cinnte is dráma fríth-chogadh é agus mar sin is tréimhse oiriúnach é a fheiceáil sa tír seo - nó aon áit ar bith déarfainn. Athraíonn stíl an dráma ó ghníomh a haon go gníomh a dó, ach shíl mé gur saghas scátháin é an t-athrú céanna. Ní féidir comparáid a dhéanamh idir ár saolta agus saolta iad siúd, atá "sna díoga" nó i lár cogaidh...... mar sin do dhein an t-udar an athrú ar fad.
Rud eile tá cuma ceol dhráma éadrom ar ghníomh a dó rud atá aisteach agus sinn go leir sa díog leis na saighdiúirí, na créatúir bhochta, leanann an siamsa faoi scáth mór millteanach an Tanc, agus ní fada go ndúisíonn an lucht féachana le preab as a ról compordach sa cheol-dhráma.... Ní thuigeann an sách an seang agus ní thuigimid cogadh ónár gcathaoireacha uillinn tráthnóna.
Léirítear an dráma an tslí ina leanann an saol ar aghaidh gan mórán stró - fad is a athraíonn cogadh saolta an mhionlaigh - na daoine loite féin agus muintireacha na mairbhe. Déantar dearmad gan moill orthu - cé gur íoc siad i slite do-inste. Agus tar éis tamaill ghearr is cuma formhór na ndaoine orthu - an cuid is mó den domhan mór, seans nach d' aon turas an meon míchneasta seo, seans go bhfuil sé inmheánach. Bíonn bearna tuisceana ann.
Bhí blasanna láidre ar aisteoirí an dráma, bhí sé greannmhar go leor in amanna agus sin cleas eile an scríbhneora, go rabhamar ag gáire le geáitsí carachtair áirithe agus scamall dorcha ag at, ní i ngan fhios dúinn....
Bhí dream sna suíocháin taobh thiar dom agus níor thuigeadar focal! - mar a dúirt bean amháin acu liom: "I don't get it, I'm only getting about one word in 50!" D'imigh siad ag an am sosa. Níor thuigeadar é....
Tá an leabhar The Cellist of Sarajevo
le Steven Galloway idir lámha agam faoi láthair. Bunaithe ar fíor scéal, tá an tudar ag iarraidh an cheist cad é daonnacht in am cogaidh? a fhreagairt, an bhfuil nádúr daonna ann ar chor ar bith nó an é clúdach chomh tanaí le síoda atá ann? Bíonn sé éasca a bheith dea chríoch nuair nach bhfuil duine éigin ag iarraidh tú a mharú.....
Rud eile tá cuma ceol dhráma éadrom ar ghníomh a dó rud atá aisteach agus sinn go leir sa díog leis na saighdiúirí, na créatúir bhochta, leanann an siamsa faoi scáth mór millteanach an Tanc, agus ní fada go ndúisíonn an lucht féachana le preab as a ról compordach sa cheol-dhráma.... Ní thuigeann an sách an seang agus ní thuigimid cogadh ónár gcathaoireacha uillinn tráthnóna.
Léirítear an dráma an tslí ina leanann an saol ar aghaidh gan mórán stró - fad is a athraíonn cogadh saolta an mhionlaigh - na daoine loite féin agus muintireacha na mairbhe. Déantar dearmad gan moill orthu - cé gur íoc siad i slite do-inste. Agus tar éis tamaill ghearr is cuma formhór na ndaoine orthu - an cuid is mó den domhan mór, seans nach d' aon turas an meon míchneasta seo, seans go bhfuil sé inmheánach. Bíonn bearna tuisceana ann.
Bhí blasanna láidre ar aisteoirí an dráma, bhí sé greannmhar go leor in amanna agus sin cleas eile an scríbhneora, go rabhamar ag gáire le geáitsí carachtair áirithe agus scamall dorcha ag at, ní i ngan fhios dúinn....
Bhí dream sna suíocháin taobh thiar dom agus níor thuigeadar focal! - mar a dúirt bean amháin acu liom: "I don't get it, I'm only getting about one word in 50!" D'imigh siad ag an am sosa. Níor thuigeadar é....
Tá an leabhar The Cellist of Sarajevo
Monday, July 18, 2011
Cara Cliste
Tá an aimsir ana the ar fad le seachtain anuas anseo i Nua Eabhrac, is maith liom í ach bíonn sí ró-the domsa i lár an lae, fanaim laistigh idir meán lae agus a ceathair a chlog de ghnáth. Ach inniu braithim athrú ag teacht, tá sé fós an te ach tá an t-aer ag éirí trom, braithim mar ualach orm é, ag brú ar mo ghuaillí. Níl an spéir glan geal níos mó, tá an solas bog. Ciúnas gach áit, níl na héanlaith ag canadh tráthnóna inniu, tá a fhios acu go bhfuil stoirm ag teacht ar ball anocht. Níl Cara sásta, braitheann sise an t-athrú chomh maith cé nach bhfeiceann sise mórán níos mó, ní chloiseann si tada mar tá ciúnas na seanaoise uirthi, ach is fuath léi toirneach agus tintreach, cuireann siad scanradh uirthi agus bíonn a fhios aici i gcónaí ó thús an lae, gan bogadh as a leaba, nuair a bhíonn siad ag teacht.
Wednesday, July 06, 2011
More Signal Less Noise
D'fhreastail mé ar cheolchoirm Peter Gabriel an tseachtain seo chaite. Is aoibhinn liom a cheol, ón tús nuair a bhí sé i nGenisis agus ó shin i leith. Gníomhaire ealaíne is ea é i ndáiríre, má fhéachtar siar ar a chuid oibre ó na laethanta fiáine na seachtóidí go dtí an lá atá inniu ann, feictear ealaíontóir, aisteoir, ceoltóir, amhránaí, fear grinn, scríbhneoir agus gníomhaí ar son cearta an duine- gníomhaí polaitíochta, measctha le chéile ann.
An duine achrannach míshuaimhneach é de dheasca coimhlintí á tharraingt i dtreonna ildifriúil? nó an duine fíor iltréitheach é le fonn a bheith faoi sholas os comhair an phobail go rialta? Ní fheadar, agus is cuma dar liom! ní gá ach féachaint ar toradh a chuid oibre le blianta fada anuas agus tuigtear go bhfuil meas an phobail tuillte go mór aige. Is liosta ana fhada é taobh amuigh dá chuid cheoil fiú! Bíonn baint nach beag aige le Amnesty International agus cabhraíonn sé ceoltóirí nach leo mórán seans a bheith ar ardán na cruinne le doirse a oscailte rompu agus roimh a gceol neamhghnách trí ...Real World Music, Is maith an nós é nuair nach bhféachann duine mór le rá síos ar dhaoine eile ach amháin chun lámh a shíniú síos chucu chun iad a tharraingt aníos. Is cosúil go bhfuil ana chuid ceol foilsithe ag Real World Music nach mbeadh ar stáitse an domhain gan cabhair. D'fhoilsigh siad an CD is ansa liom, "sé sin Seacht gCoiscéim na Trócaire le Iarla Ó Lionáird, 1997.
Chonaic mé oíche Aoine seo caite é in aimfitéatar faoin spéir i Connecticut, thosnaigh an ceolchoirm díreach in am, nóiméad nó dhó tar éis a hocht a chlog - ní rabhamar ag fanacht air... Cuireadar tús leis an imeacht le Heroes ó pheann David Bowie agus leanadar ar aghaidh ansin le ceol ó na tréimhsí i saol Peter Gabriel, mar aon le hamhráin ó bhanna ceoil eile mar shampla Arcade Fire agus Talking Heads anseo is ansiúd. Bhí amhráin ciúin smaointeach le cloisteáil agus ansin gan choinne bheadh ceann fiáin agus ag lucht éisteachta go léir ar ár gcosa ag canadh agus ár mbosa ag bualadh le chéile le fuinneamh ar leith.
Bhí an fhuaim agus ceol féin go hiontach ar fad, tuige nach mbeadh agus ceolann caoga ceoltóra taobh thiar de..The Red Blood Orchestra, meascán atá ann do cheoltóirí atá ar an turas leis ón Bhreatain Mhór agus ceoltóirí áitiúil. Ba mhinic a labhair Gabriel linn faoina shaol, cúrsaí pholaitíochta agus fiú fóin phócaí agus athruithe an tsaoil comhaimseartha a mbaineann leo, níos mó cumarsáide timpeall na cruinne, "More signal less noise" mar a duirt sé..... .
Déarfainn go raibh gach píosa den seó seo cruthaithe ag Gabriel nó ag a bhainisteoir roimh ré - gach uile rud cleachtaithe aige - ach níor chuir an smaoineamh sin isteach ná amach orm, dearadh proifisiúnta a bhí ann a d'oibrigh ar an oíche, agus, is dócha a oibríonn gach oíche den turas seo ar a dtugtar The New Blood Tour. Má bhíonn an seans agat dul - glac é!
Tá orm mo bhuíochas a ghabhail chuig Collette Quinlin, stiúrthóir Boston Irish Tourism Association de bharr crannchur a bhí ar siúil ar an suíomh, tháinig mé air de thimpisteagus nuair a tháinig mé ar an gcrannchur dúirt mé liom féin á léamh.....cén dochar?...chuireas m'ainm isteach agus d'éirigh liom! Fuair mé dhá thicéad chuig an seó iontach seo ó Cholette!
Tuesday, June 21, 2011
...Ag Seoladh Siar
Chaith mé seal in iarthar na tíre le déanaí, i gceantar Portland, Oregon. Bhí sé ana dheas ar fad. Chaith mé lá amháin níos faide siar in aice an chósta le mo chairde, turas dhá uair nó mar sin ón gcathair. Bhí sé ag cur fearthainne an lá seo, ach bhí sé bog leis agus chuamar ag siúl faoin bhfearthainn. Stop an bháisteach tar éis tamaill agus tháinig ceobhrán orainn, níor chuir sé isteach orainn áfach nó ar éanlaith na spéire ach oiread, bhíodar ag canadh agus ag glaoch. Bhí fáinleoga go flúirseach ansin, iad ag teacht anuas agus ag dul suas, ag luascadh os ár gcomhair.
Thursday, June 02, 2011
Manhattan
Bíonn sí crua agus cneasta, a cruth caol in aghaidh a h-aois, a dóigheanna tarraingteach go síoraí, mealltach agus mín fiú.
Meallann sí chuig a fuinneamh iad gan geallta, le solas na rógaireachta ina súile meidhreacha aici.
Tagann siad, glún tar éis glúna, ag súil lena dea-mhéin, cinnte go mbronnadh sí orthu é, go bhfuil sé tuillte acu.
Ach bíonn súil in ard aici - ise a cruthaíonn na rialacha, agus athraíonn sí iad de réir mar a bhuaileann an spadhar í!
Ní i gcónaí a bhíonn sí ceart nó cóir ach bíonn sí riamh saor ó phionós.
Cúitíonn sí a ndúthracht in amanna agus beirtear greim ar a grabhróga le mór buíochas, mar mhamailínigh ocracha.
Foghlaimítear uaithi, gurb fhearrde nósanna beagintinneacha biogóideacha a fhágáil ar a leac dorais,
go bhfuil fáilte mór aici roimh féith grinn agus gach cineál gháire 's magadh agus go mbíonn blas ar an mbeagán i gcónaí. Tagann tuiscint.
Agus má imítear uaithi, agus iad tuirse, míshásta fiú, nó níos cumasaí agus níos saibhre, bíonn a fhios acu nach cuma léi.
Croitheann sí slán le póg san aer agus caoch a súil - déanann sí dearmad orthu díreach, ach tá a fhios aici nach ndéantar dearmad riamh uirthise mar téann sí go smior iontu.

Friday, May 27, 2011
An tAoibhneas (?)
Anois, le seans teacht ar An tAoibhneas nó Aoibhneas na bhFlaitheas (nó pé teideal a bheadh ceart i nGaeilge) is dócha go bhfuil an díomá ar na sluaite. Sula leanfaidh mé, ceist agam oraibh, cad é an Ghaeilge cheart ar Rapture ar aon nós? an féidir a bheith ar mire le háthas? ró shimplí.
Seans gur mothúchán nach raibh riamh in Éirinn!
Racht saobhnóis! ?
.....agus na sluaite bochta a bhí ag feitheamh go foighneach uirthi, (air?) agus iad ag iarraidh teacht aníos le dáta eile anois .......Ádh mór oraibh a ghealta.
Nach iontach an smaoineamh é An Flaitheas ar aon nós, fiú nach bhfaightear cead istigh fad is a táthar beo, ach is é an tarna saol atá i gceist ar ndóigh, má bhíonn an tarna seans againn...
Bímse féin sna flaithis bheaga chomh minic agus is féidir - fad is a táim ar an domhan seo, ar eagla na heagla, agus má bhíonn seans eile agam, bhuel ba mhaith é sin! Ní dóigh liom go ndéanann sé aon mhaitheas ar bith a bheith ag fanacht ar saol eile in ionad súp a bhaint as an gceann atá againn cheana.
Wednesday, May 18, 2011
Emerald nó Jade?
Bhí Banríon na Breataine, Eilís II, in Éirinn aréir. Bhí cuma an deas ar fad uirthi nuair a tháinig sí anuas staighre an eitleáin i Baldonnell. Ní raibh trioblóid aici leis an staighre agus í ag dul in aois anois. Rinne sí gáire le hÉamon Gilmore a raibh ansin mar fháilteoir oifigiúil na tíre. Bhí sí ag caitheamh cóta agus hata uaine.
Chuala mé ar RTÉ go raibh "Emerald" uirthi.
Tá an nós agam éisteacht leis an nuacht ó BBC gach maidin mar bíonn sé craolta ar an stáisiún áitiúil WNYC. Chuala mé ar an gclár BBC seo gurb é "Jade" an dath a bhí á chaitheamh aici. Cosúil le gach ceist eile a tháinig aníos inné agus is dócha na cinn a dtiocfaidh aníos le linn an turais seo níl an freagra díreach - braitheann sé.
D'éist mé le roinnt agallamh ar RTÉ ar maidin agus bhí tuairimí chomh difriúil ag na daoine maidir leis an gcuairt seo gur thosnaíos ag smaoineamh nach bhfuil féiniúlacht chultúrtha fós soiléir nó láidir i gcroíthe cuid mhaith againn. Tá Poblacht na hÉireann fós óg. In ainneoin aon dúil inmheánach atá ionainn - tá ceangail láidir fós idir na tíortha nach ceart súil a dhúnadh air, bíonn cuid den cheangal seo dearfach agus cuid eile diúltach.
"Sure, she's just a head of state, she can come here like any other head of state. " - Ceart, ach níl stair na hÉireann fite fuaite le stair aon tír eile ar domhan, an bhfuil?
"She shouldn't be here, she won't give us back the six counties. " - Ach ní dóigh liom gur féidir léi an cinneadh sin a dhéanamh ina haonar? an dóigh leat?
"It makes no difference to me whether she comes or not, nothing to do with me" - An bhfuil suim in aon ní ar thalamh an domhan agat?
"Why should we care about what happened back then, we weren't even alive" - Go bhfóire Dia orainn!
....agus araile.
Chonaic mé inné go raibh sráid Úi Chonaill folamh, duine ar bith den phobal ann, a bealach dúnta, gach rud faoi smacht. Chonaic an tréimhse a chaith sí sa Gairdín Cuimhneacháin, agus nuair a chuala mé God Save The Queen ansin bhain sé geit asam ar feadh soicind, ansin dúirt mé liom féin gan mhoill - Ach d'éirigh leo
Ar thug éinne scéal Clann Lir di?
Gairdín Cuimhneacháin
"An Aisling" le Liam Mac Uistin
I ndorchacht an éadóchais rinneadh aisling dúinn.
Lasamar solas an dóchais agus níor múchadh é.
I bhfásach an lagmhisnigh rinneadh aisling dúinn.
Chuireamar crann na crógachta agus tháinig bláth air.
I ngeimhreadh na daoirse rinneadh aisling dúinn.
Mheileamar sneachta táimhe agus rith abhainn na hathbheochana as.
Chuireamar ár n-aisling ag snámh mar eala ar an abhainn. Rinneadh fírinne den aisling.
Rinneadh samhradh den gheimhreadh. Rinneadh saoirse den daoirse agus d'fhágamar agaibhse mar oidhreacht í.
A ghlúnta na saoirse cuimhnígí orainne, glúnta na haislinge.
Agus inniu, tá plean aici cuairt a thabhairt ar Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann aitheantas a thabhairt do na hÉireannaigh a bhfuair bás in airm na Breataine. Uimhir ard go leor -agus fíric nach bhfuil i mbéal na ndaoine cé go bhfuil a fhios ag cách go bhfuil sé fíor. Ba shlí bheatha é dul san airm sa 19ú haois déag, bhí Éireannaigh sa Boer War fiú, agus nuair a cuireadh an glaoch amach le linn an chéad cogadh domhanda d'fhreagair go leor fir óga in Éirinn é. Rud a tharla arís sa dara cogadh domhanda. Rith sé liom go ndéantar dearúd ar na hÉireannaigh seo go minic, na cinn nár filleadh go hÉirinn, de dheasca bás nó breoiteacht nó easpa muiníne tar éis an cogaidh chathartha- sa deireadh shocraigh cuid acu siúd sa Chelsea Hospital.
Emerald nó Jade? Braitheann sé.
Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann
Chelsea Pensionners

os chomhair an Royal Hospital Chelsea
Emerald nó Jade? Braitheann sé.
Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann
Chelsea Pensionners
Thursday, May 12, 2011
An té nach bhfuil láidir caithfidh sé a bheith glic.
Tá cuma bhreá ar mo dhuine anseo, ach cá bhfuil sé? Cheapfá ar an gcéad dul síos gur áit éigin in Éirinn atá sé, ach níl.....
Níl sé in Éirinn ar chor ar bith ach i dtuaisceart stát Nua Eabhrac, píosa ó thuaidh ó Ticonderoga. Bhí sé i gcónaí aisteach dom a thuiscint go mbainfí sult as créatúr mar é a mharú i seilg, a eireaball a ghearradh uaidh mar bhronntanas - nuair nach ndéanann sé mórán trioblóide d'éinne. Ní dóigh liom go bhfuilid ag iarraidh na sicíní a chosaint, nó fiú díoltas a dhéanamh ar an gcréatúr, nuair a bhíonn dream ar thóir madra rua, tagann fuinneamh eile isteach san áireamh, aoibhneas na seilge.
Subscribe to:
Posts (Atom)