"Túirne Mháire"
Máire Haslam ag labhairt linn faoi ráiteas an rialtais i leith na Gaeilge.
(griangraf: Mairtín Gavin)
Sílim gur bhain gach duine sult as an lá ach faraoir rinne mé dearmad mo ceamara a thabhairt liom…bhí go leor rudaí eile ar m’intinn an mhaidin sin! B’fhéidir go bhfaighidh mé griangraf nó dhó in ephoist ?.... Tháinig lucht na teanga ó Baile Atha Cliath, Washington State, Mass, Ct,
Go raibh míle maith agaibh go léir, ar dtús an fhoireann; Siobhán Shea, Máire Aine Swords, Naomi Mc Cooe, Sean O Fiannaí, Bernadette Broderick, Donncha O Cuinn, Maura agus Colie O'Leary, Joan O'Connell agus Cian Mac Suibhne. Bhíodar uile ag obair ó luath na maidine gach rud a bheith in ord agus in eagar, agus ar ndóigh mo bhuíochas a ghabháil chuig ár gcuairteoirí uile.
Fiorsceál!
Mharaigh mé iora glas ar an mbóthar ar maidin!
Léim sé amach os mo chomhair, an fear beag bocht, cuma deas sona air, sílim gur chuala sé torann éigin mar chas sé a cheann ach an treo mícheart, torann mo charr is dócha agus mé ag iarraidh stopadh, ach ochón, ró dhéanach. Bhraitheas an tuairt bheag, ana bheag, agus chonaic mé a eireaball, fós in airde thar a chorp brúite i mo scátháin.
Bíonn alán ainmhí allta sa cheantar seo, anois is arís buaileann ár saolta le cheile agus is annamh a bhíonn an lá ag an ainmhí. Cheapfá ón eachtra beag brónach seo go mbeinn réidh don chéad eachtra eile….ansin tráthnóna inniu bhíos ag teacht abhaile tar éis Eoghan a fhágáil ar ais ar scoil. Bhíos i mo charr ar bhóthar ciúin idir coillte agus loch gan smaoineamh ar aon rud ach an radharc deas………go hobann phreab fia an mhór, (mar chapall rása,) aniar aduaidh orm as an gcoill, rinne mé iarracht stopadh ach tharla gach rud chomh tapaigh; bhuail sé ar dtús ar sciathán an chairr, rith sé in aice liom, abhóg nó dhó, ansin, creid nó ná creid léim sé thar mo charr bheag. Chonaic mé a bholg, agus a leath deiridh agus cheapas go mbeadh ceann dá chosa deirí isteach an fhuinneog orm. Chuala, sílim a chos ag bualadh barrbhog an chairr. Ansin chonaic mé, i mo scáthán, a thuirlingt ar an taobh eile agus isteach sa chlaí leis.
Bhíos ag crith…. agus eagla orm féachaint ar an gcarr tamall, ach tá sé ceart go leor.
Agus ní fheadar an bhfiú é seo ar chor ar bith? ...A bheith tógtha go mór le bealach amháin, agus ansin na hargóintí agus na trioblóidí uile. Cén fáth nach bhfuil daoine in ann teacht ar a rialacha féin óna saolta agus a gcuid staidéar féin. Níl an bhóthar seo chomh fada sin gur bhfiú am a chaitheamh amú ag argóint faoi rialacha an tsaoil? Ceart dom ceart duit! (Chomh fada agus nach bhfuil tusa ag iarraidh mé a mharú is dócha.....)
Is trua an rud é go bhfuil ceangal idir creideamh le faitíos chomh minic sin chomh maith. Má bhaineann an creideamh le smacht a choimeád ar a lucht leanúna níl éalú ón bhfaitíos. Ach nach deacair é smacht i gcásanna mar seo a mhíniú i gceart? Easpa saoirse is ea an freagra simplí ach nach mbíonn mórán daoine tógtha lena reiligiúin éagsúla, ….agus lán sásta leanúint le na rialacha agus na treoracha gan ceist, nó an bhfuil eagla orthu rud ar bith a dhéanamh de dheasca an smacht céanna?
An bhfuil an saol níos simplí dóibh siúd? An bhfuil siad ró leisciúil teacht aníos lena smaointe féin nó an bhfuil ganntanas intleacht ann? Ní bhíonn orthu a gcoinsiasa féin a chur faoi scrúdú! Ach an mbeadh coinsias ar bith acu gan treoracha ina saolta nuair a bhíodar óg foirm éigin a thógáil ar a gcoinsias? Ceisteanna gan freagraí.
Léigh me an leabhar The Bookseller of Kabul le Asne Sierstad an tseachtain seo chaite. Fíor scéal (ach le cuma úrscéal) faoi clann Moslamach ar an meán aicme in
Ansin, chuala mé agallamh le Irshad Manji ar chlár raidió dé Luain. (éist ar an mír más maith leat faoi Faith without Fear) Is bean Moslamach, intleachtach í ó Ceanada. Bhí sí ag míniú dúinn na trioblóid a bhaineann le lucht leanúna Mohammad, ar fud an domhain inniu. Ach, bíonn a saol féin i mbaol anois de dheasca a cuid oibre, fiú féin, tá an bhean chróga seo ar bhóthar díreach, cineál mhisin, agus tá sí toilteanach a bheith i mbaol chun a teachtaireacht a scaipeadh. Níl sí sásta a bheith ina h-iománaí ar an gclaí, mar a bhíonn na Moderates, dar léi, ....atheagrú, nó athchóiriú atá uaithi. An catalyst ina saol compordach féin ná scéal faoi déagóir (17) san Afraic a tugadh breithiúnas céid buille uirthi mar gheall ar gnéas roimh pósadh, ach bhí a fhios ag an mbreitheamh gur banéigin a bhí i gceist agus bhí fianaisí le fáil. Droch scéal. Taistealaíonn Irshad Manji timpeall an domhain ag tabhairt léachtaí agus tá scannán aici chomh maith. Faith Without Fear. Ach mar a luaigh mé thuas, tá radharc difriúil aici mar bhean Moslamach ó tionchar an Iarthair agus chomh fada agus atá sí ag caint in ollscoileanna agus araile anseo bíonn an lucht éisteachta in a lámh aici.
Tuigim arís agus an píosa seo scríofa agam cén fáth a sheachnaím ábhair mar seo de gnáth. Cuireann siad
Bhí plean agam píosa a scríobh faoi clár raidió a chuala mé dé Luain, clár a bhaineann le leabhar atá léite agam le déanaí………ach ochón do bhuail virus éigin orm maidin inné, ceann a mhaireann timpeall lá amháin nó lá go leith. Is aisteach chomh dona agus a bhíonn galar mar seo nuair a bhuaileann sé ort! Is duine láidir go leor mé, ní bhím tinn ró mhinic, agus má bhím, anois is arís, bím ar ais ar mo sheanléim tapaigh go leor. Inné, cheapas go rabhas ag fáil bháis! An seana scéal a ghearrann na cosa uait ó am go ham………Dhúisigh mé le preab timpeall a ceathair a chlog le drochphianta i mo bholg, bhíos ag cur allais agus fuar dá mbarr. Chaitheas cúpla uair ag tabhairt cuairteanna ar an seomra folctha go rialta (Tuigim, tuigim…an iomarca eolais!) agus timpeall a seacht a chlog cheap mé go raibh saghas bhisigh ag teacht orm, ar a laghad bhí mo chorp glanta amach! Ghlacas cith agus ar aghaidh chun oibre mé (óinseach nach beag a bhí ionam agus aistear uair a chloig ar an traein..) Bhíos chomh lag sin go raibh míobhán ag teacht orm an mhaidin iomlán agus tháinig mé abhaile, isteach sa leaba liom ag 3:00 pm agus níor bhogas go dtí a ceathair a chlog maidin inniu nuair a chuir Cara (mo sheana mhadra) i mo dhúiseacht mé agus í ag iarraidh dul amach sa chúl gairdín. Chuaigh sise ina leaba-sa in aice mise ag 3 00pm agus faraor níor bhog an créatúr ach oiread ó shin. Bíonn sí sách dílis! Ní raibh mé ag smaoineamh uirthi fad is a bhíos ag fualaingt!
Ní raibh mé in ann dul ar ais a codladh tar éis í a ligint amach, chuireas an tine ar lasadh sa chistin agus rinne mé leite. Bia an othair!
Táim beagnach ceart go leor anois.
Is leor sin anois, bím ag iarraidh caint “faoin” teanga a sheachaint anseo, nach mbíonn an iomarca daoine ag caint fúithi in ionad inti i gcónaí?….….. níl ganntanas ar bith d’iad siúd againn!
Go raibh maith agaibh arís.
Ar aghaidh linn le cheile!
Chonaic mé an scannán seo "Who Killed the Electric Car?" oíche Chéadaoin. Tháinig an gluaisteán seo chun saoil i gCalifornia ó General Motors i lár na 90s, chuireadar roinnte mhaith dóibh ar an margadh mar chúis shamplach ar léas lena custaiméirí. Bhí ar GM stáisiún na haibhléise a thógáil chomh maith timpeall an stáit tacaíocht a thabhairt don triail agus ní fada go raibh an dream, gur leo na carranna, an tógtha leis an gluaisteán beag seo an EV1. Tháinig Electric Vehicle eile ar an margadh ó
Tá an-bhrón orm a rá gur imigh sean cara agam, an bráthair Cathal Ó Cuinn ar shlí na fírinne inniu, an 19ú lá déag de mhí Feabhra. Trócaire Dé ar a anam uasal.
Ba chara mór don teanga é agus níor stop sé riamh ag iarraidh í a chur chun cinn anseo i Nua Eabhrac. Chomh luath agus a bhfaca sé go raibh duine dáiríre maidir léi dhein sé a dhícheall tacaíocht a thabhairt agus bhíodh sé i gcónaí flaithiúil lena chuid eolais agus a chuid ama.
Thug sé cabhair nach beag domsa ón lá a bhuaileas leis, timpeall deich mbliana ó shin nuair a tháinig sé go dtuaisceartTá an dráma Translations le
Agus cén fáth nach mbeidh mé in ann dul oíche Shathairn? (Tá ticéid fós le fáil)….Beidh mé thuas in Esopus, NY ag deireadh seachtaine na Gaeilge ag teagasc! Beidh timpeall céad daoine ann ag baint taitneamh as an nGaeilge agus as an gcomhluadar agus ag iarraidh cúpla rud nua a fhoghlaim chomh maith.
Tá na blog awards 2007 buailte linn agus tá sé in am bhúr vótaí a chaitheamh gan mhoill! Téigh go dtí an suíomh seo agus díreach go dtí “The best use of Irish language in a blog” ( thíos an liosta píosa beag) ansin a chairde caith bhúr vótaí.
Is cosúil go bhfuil sé seo oscailte ar feadh seachtaine nó níos mó………….Chuir duine éigin mo bhlog féin ar an liosta i ngan fhios dom (grma a chara)
Tá sé beagnach buailte linn arís, ár lá mór!
Beidh Lá na Gaeilge 2007 ar siúil ar an 24ú Lá de Mhí an Mhárta in gColáiste I, (
Beidh fáilte roimh cách!
Anocht oíche na Gaeilge i nDunnes Pub,
Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi cara agam Aralt MacGiolla Chainnigh. Is as
Bhuaileas leis roinnt blianta ó shin agus ba léir ón gcéad dul sios go duine díograiseach é ar son na Gaeilge agus is dócha ar son aon rud a bhíonn tábhachtach in a shaol. Is deacair an jab é dúthracht chun oibre a thomhas?…..Braitheann sé ar phearsantacht is dócha, agus as sin níl aon freagra ceart….. ach amháin go ndéanann an duine aonair a dhícheall ar son a chúraimí féin, cibé cúram atá i gceist agus dar liom, luach gach cath a thuiscint, más féidir, sula cáitear croí agus anam isteach ann. Sin an fealsúnach atá agamsa. (go mór mhór ag déileáil le déagóirí….ach i ndairíre...b'fhéidir mórán cinntí.)
Bíonn teacht aniar nach beag ag an ndíograiseoir seo!
Chuala mé ó Chríostóir Mac Liam go mbeidh an t-údar Colm McCann, luaite anseo cúpla uair anois, ag tabhairt cuairt ar an leabharlann poiblí ar ascaill a cúig agus sráid daichead ‘s a dó ar an 30ú lá de Mhí Eanáir. Beidh mise ag múineadh Gaeilge an oíche úd!
An suimiúil, glac mé gan mórán staidéir ón leabharlann é agus tharla go raibh sé i slite bunaithe ar an téama céanna agus a bhí Zoli (McCann). Tá níos mo leibhéal ann áfach. Scéal stairiúil faoi Gregor Mendel agus Genetics agus an fhorbairt i eugenics, mar ábhar taighde ag roinnt eolaithe ag tús na céide seo chaite. Tá scéal an príomh carachtair, abhac agus taighdeoir ab ainm Dr Benedict Lambert, ó ár linne, fite fuaite i scéal Gregor Mendel agus a fhoirbairtí. Is trua an saol atá aige ó thaobh ciníochas, fíor agus samhlaithe aige, grá, uaigneas an duine aonar agus droch mothuchán; féinfuath. Is ficsean agus fíorscéal le cheile é.