Friday, May 27, 2011

An tAoibhneas (?)


Anois, le seans teacht ar An tAoibhneasAoibhneas na bhFlaitheas (nó pé teideal a bheadh ceart i nGaeilge) is dócha go bhfuil an díomá ar na sluaite. Sula leanfaidh mé, ceist agam oraibh, cad é an Ghaeilge cheart ar Rapture ar aon nós? an féidir a bheith ar mire le háthas? ró shimplí.
Seans gur mothúchán nach raibh riamh in Éirinn!
Racht saobhnóis!
.....agus na sluaite bochta a bhí ag feitheamh go foighneach uirthi, (air?) agus iad ag iarraidh teacht aníos le dáta eile anois .......Ádh mór oraibh a ghealta.
Nach iontach an smaoineamh é An Flaitheas ar aon nós, fiú nach bhfaightear cead istigh fad is a táthar beo, ach is é an tarna saol atá i gceist ar ndóigh, má bhíonn an tarna seans againn...
Bímse féin sna flaithis bheaga chomh minic agus is féidir - fad is a táim ar an domhan seo, ar eagla na heagla, agus má bhíonn seans eile agam, bhuel ba mhaith é sin! Ní dóigh liom go ndéanann sé aon mhaitheas ar bith a bheith ag fanacht ar saol eile in ionad súp a bhaint as an gceann atá againn cheana.

Wednesday, May 18, 2011

Emerald nó Jade?

Bhí Banríon na Breataine,  Eilís II, in Éirinn aréir.  Bhí cuma an deas ar fad uirthi nuair a tháinig sí anuas staighre an eitleáin i Baldonnell. Ní raibh trioblóid aici leis an staighre agus í ag dul in aois anois. Rinne sí gáire le hÉamon Gilmore a raibh ansin mar fháilteoir oifigiúil na tíre. Bhí sí ag caitheamh cóta agus hata uaine.
Chuala mé ar RTÉ go raibh "Emerald" uirthi.
Tá an nós agam éisteacht leis an nuacht ó BBC gach maidin mar bíonn sé craolta ar an stáisiún áitiúil WNYC. Chuala mé ar an gclár BBC seo gurb é "Jade" an dath a bhí á chaitheamh aici. Cosúil le gach ceist eile a tháinig aníos inné agus is dócha na cinn a dtiocfaidh aníos le linn an turais seo níl an freagra díreach - braitheann sé.

D'éist mé le roinnt agallamh ar RTÉ ar maidin agus bhí tuairimí chomh difriúil ag na daoine maidir leis an gcuairt seo gur thosnaíos ag smaoineamh nach bhfuil féiniúlacht chultúrtha fós soiléir nó láidir i gcroíthe cuid mhaith againn. Tá Poblacht na hÉireann fós óg. In ainneoin aon dúil inmheánach atá ionainn - tá ceangail láidir fós idir na tíortha nach ceart súil a dhúnadh air, bíonn cuid den cheangal seo dearfach agus cuid eile diúltach.

"Sure, she's just a head of state, she can come here like any other head of state. " - Ceart, ach níl stair na hÉireann fite fuaite le stair aon tír eile ar domhan, an bhfuil?
"She shouldn't be here, she won't give us back the six counties. " - Ach ní dóigh liom gur féidir léi an cinneadh sin a dhéanamh ina haonar? an dóigh leat?
"It makes no difference to me whether she comes or not, nothing to do with me" - An bhfuil suim in aon ní ar thalamh an domhan agat?
"Why should we care about what happened back then, we weren't even alive" - Go bhfóire Dia orainn!

....agus araile.

Chonaic mé inné go raibh sráid Úi Chonaill folamh, duine ar bith den phobal ann, a bealach dúnta, gach rud faoi smacht. Chonaic an tréimhse a chaith sí sa Gairdín Cuimhneacháin, agus nuair a chuala mé God Save The Queen ansin bhain sé geit asam ar feadh soicind, ansin dúirt mé liom féin gan mhoill -  Ach d'éirigh leo

Ar thug éinne scéal Clann Lir di?

Gairdín Cuimhneacháin
"An Aisling" le Liam Mac Uistin
I ndorchacht an éadóchais rinneadh aisling dúinn.
Lasamar solas an dóchais agus níor múchadh é.
I bhfásach an lagmhisnigh rinneadh aisling dúinn.
Chuireamar crann na crógachta agus tháinig bláth air.
I ngeimhreadh na daoirse rinneadh aisling dúinn.
Mheileamar sneachta táimhe agus rith abhainn na hathbheochana as.
Chuireamar ár n-aisling ag snámh mar eala ar an abhainn. Rinneadh fírinne den aisling.
Rinneadh samhradh den gheimhreadh. Rinneadh saoirse den daoirse agus d'fhágamar agaibhse mar oidhreacht í.
A ghlúnta na saoirse cuimhnígí orainne, glúnta na haislinge.

Agus inniu, tá plean aici cuairt a thabhairt ar Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann  aitheantas a thabhairt do na hÉireannaigh a bhfuair bás in airm na Breataine. Uimhir ard go leor -agus fíric nach bhfuil i mbéal na ndaoine cé go bhfuil a fhios ag cách go bhfuil sé fíor. Ba shlí bheatha é dul san airm sa 19ú haois déag, bhí Éireannaigh sa Boer War fiú, agus nuair a cuireadh an glaoch amach le linn an chéad cogadh domhanda d'fhreagair go leor fir óga in Éirinn é.  Rud a tharla arís sa dara cogadh domhanda. Rith sé liom go ndéantar dearúd ar na hÉireannaigh seo go minic, na cinn nár filleadh go hÉirinn, de dheasca bás nó breoiteacht nó easpa muiníne tar éis an cogaidh chathartha- sa deireadh shocraigh cuid acu siúd sa Chelsea Hospital.

os chomhair an Royal Hospital Chelsea


Emerald nó Jade?  Braitheann sé.

Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann
Chelsea Pensionners

Thursday, May 12, 2011

An té nach bhfuil láidir caithfidh sé a bheith glic.

(brú ar an ngriangraf agus tiocfaidh ceann níos mó aníos)

Tá cuma bhreá ar mo dhuine anseo, ach cá bhfuil sé? Cheapfá ar an gcéad dul síos gur áit éigin in Éirinn atá sé, ach níl.....
Níl sé in Éirinn ar chor ar bith ach i dtuaisceart stát Nua Eabhrac, píosa ó thuaidh ó Ticonderoga. Bhí sé i gcónaí aisteach dom a thuiscint go mbainfí sult as créatúr mar é a mharú i seilg, a eireaball a ghearradh uaidh mar bhronntanas - nuair nach ndéanann sé mórán trioblóide d'éinne. Ní dóigh liom go bhfuilid ag iarraidh na sicíní a chosaint, nó fiú díoltas a dhéanamh ar an gcréatúr, nuair a bhíonn dream ar thóir madra rua, tagann fuinneamh eile isteach san áireamh, aoibhneas na seilge.

Friday, April 15, 2011

A Riot of Photosynthesis!





Chuala mé an prás sin ar an RTE maidin amháin blianta ó shin. Ní fheadar cé a dúirt, ach is cuimhin liom gur ag tagairt ar Fhaiche Stiabhna a bhí i gceist i scéilín idir Pat Kenny agus aoi éigin a bhí ar an gclár leis. D'fhan an prás liom agus léim sé chugam nuair a d'fhéach mé amach an fhuinneog maidin inné. Ba chosúil gur phléasc an chíréib chéanna anseo i NY tar éis cúpla lá grianmhar agus bog....círéib na fótaisintéise...nó b'fhéidir go bhfuil círéib an earraigh níos fearr sa Ghaeilge? ??
Pé leagan atá oiriúnach sa chás seo is aoibhinn liom an íomhá: sinn ag feitheamh, agus ag feitheamh agus ansin ....go hobann pléascann dathanna dearfacha an earraigh os ár gcomhair, rud a bhronnann sá iontais ar chách! Is deas chomh maith focail a bhíonn de ghnáth diúltach mar a bhíonn phléascadhcíréib a bheith cóngarach do cheann chomh dearfach agus a bhíonn an focal Earrach.

Níl duilleog le feiscint go fóill sa cheantar seo.

Wednesday, April 13, 2011

Caitheamh Aimsire Nua?


Bhíomar ag feitheamh le fada anuas air agus sa deireadh bhuail an t-earrach linn thar an deireadh seachtaine seo chaite…Áthas an domhain orainn fáilte a chur roimhe…. agus mar chomhartha an tsamhraidh agus na laethanta fada a bheidh ag teacht chugainn go luath bhuail Eimhín isteach orainn gan choinne ar a bhréagán nua. Chaitheamar an tráthnóna ag rothaíocht timpill ár gceantar máguaird seo ar na bóithre cúnga droimneach taobh lochanna….bhí solas geal an earraigh ag síothlú trí na géaga nochta - níl na duilleoga thar n-ais linne go fóill. Bhí sé go breá! (agus geallaim duit nach raibh sé ró-ghlórach!)
Ach anois táim ag ceapadh cé gur bhaineas sult as an suíochán cúl sin, b’fhearr liom an suíochán tosaigh!!

Friday, April 08, 2011

Maidin Amárach


Is féidir an teanga Ghaeilge a chloisteáil ar an raidió anseo i Nua Eabhrac. Craoltar Míle Fáilte ar a hocht a chlog go dtí a naoi a chlog gach maidin Sathairn ar WFUV, 90.7 - stáisiún poiblí lonnaithe in Ollscoil Fordham sa Bhronx. Is é Séamas de Bláca craoltóir an chláir seo a bhfuil ar siúl le blianta fada anuas. Ós rud é gur stáisiún poiblí é WFUV bíonn ar na bainisteoirí bailiúchán airgid a eagrú dhá uair in aghaidh na bliana. Bíonn aoi ag Séamas ar na cláir speisialta seo agus bím i gcónaí toilteanach cabhair a thabhairt más féidir. Is maith liom an clár ó sheachtain go seachtain agus má tharlaíonn go dteipim teacht air, fadhb ar bith! Bíonn sé sa chartlann ar suíomh WFUV agus is féidir liom éisteacht leis aon uair ar bith.

Beidh mé ar an gclár maidin amárach, bÍgí ag éisteacht linn a chairde agus ná déan dearmad glaoch a chur orainn díreach tar éis a hocht a chlog ar 1 (877) 938 8907 agus pingin nó dhó a chaith inár dtreo! Beidh bronntanais an deas againn daoibh!

Tuesday, April 05, 2011

Fós Beo

An Trá Fhada i NJ

Kicking Horse i B.C.

Bhíos ag taisteal le déanaí: Chaitheas tréimhse ó thuaidh in iarthar Cheanada - eitilt go Calgary ar dtús, ó Nua Eabhrac go Dallas agus ar aghaidh go Calgary, agus ansin thiomáin mé trí na Rockies go dtí Kicking Horse sna Sléibhte Purcell ar an taobh Iarthar. Chuaigh mé trí Rogers Pass lá amháin m'aghaidh ar Revelstoke, bóthar cúng álainn atá ann ach faraor bhíos gafa ansin le dream ar feadh beagnach trí uaire de dheasca avalanche! Briseadh píosa den bhóthar! Is cosúil nach rud as an ngnáth é sin ar an mbóthar seo.

Ansin an deireadh seachtaine seo chaite chaitheas cúpla lá cois farraige ar an Trá Fhada i New Jersey le scata gaeilgeoirí, ní hamháin séasúir eile ach domhain eile chomh maith.

Plean agam fanacht sa bhaile i NY tamaillín.

Wednesday, March 09, 2011

An Bheilg, Féiniúlachtaí gan Náisiúnachas

Ní fheadar in Éirinn cad atá ar siúl sa Bheilg! Tá sé ráite anois go bhfuilid gan rialtas ar feadh breis agus 250 lá. Deirtear go bhfuil dhá phríomhchultúr ann agus go léirítear na cultúir is mó seo trí teangacha na ndaoine, an Pléimeannais a labhraítear sa tuaisceart agus an Fhraincis a labhraítear sa deisceart, ach cloistear an Ghearmáinis chomh maith san oirthear agus is dócha go bhfuil teanga nó dhó eile le cloisteáil sa tír seo chomh maith. Tá suim ag lucht an tuaiscirt a bheith saor ó chúram an deiscirt de réir dealramh. B'fhearr leo neamhspleáchas agus a gcultúr féin a chothú sa tuaisceart, agus ar ndóigh tá an tuaisceart i bhfad níos saibhre.....b'fhéidir go bhfuilid tuirseach costasaí an deiscirt a íoc?... agus de dheasca sin tá scartha uathu! (nach bfhuil an Ghearmáin tuirse ó chostasaí Eirinn a íoc...) Agus tagann ceist na féiniúlachta aníos, sa naoú aois déag ba é an náisiúnachas a tháinig i réim, ach tá a ré thart sílim- ní chloistear mórán faoi náisiúnachas níos mó, féiniúlacht atá i réim. Leigh mé sa NY Times inniu go bhfuil Hans-Peter Fredrich (Interior minister úr sa Ghearmáin ) tar éis a rá nach bhfuil cónaí ceart ag Islam sa Ghearmáin os rud é nach bhfuil bunadh Gearmánaigh ann...... agus tá trioblóidí nach beag ar siúl sa bhFraince maidir leis an Maison de l'Histoire. Bhíodh náisiúnachas níos fusa a thuiscint ná an fhéiniúlacht, baineann féiniúlacht an lá atá inniu ann le mothúcháin theibí atá níos doimhne i slite agus níos éadoimhne i slite eile. Is féidir féiniúlacht a thabhairt chun cinn, is féidir í a athrú....ach ní dóigh liom go maireann cúrsaí pholaitíochta, cúrsaí staire agus cúrsaí féiniúlachta óna chéile, tá siad go léir measctha suas agus ní féidir líne a chur eatarthu, tá dlúthbhaint, spleáchas agus saghas spleáchríche ann chomh maith, agus ní bheidh deireadh leis an scéal go deo na ndeor.

Saturday, February 19, 2011

Eimear i gCeannas

Chonaic mé an díospóireacht idir Micheál Martin, Enda Kenny agus Eamon Gilmore ar TG4 ar maidin inniu. Bhí sé ana mhaith; suimiúil, beoga agus bhain sé le hábhair mhóra na laethanta seo i gcúrsaí eacnamaíochta na tíre - bhí sé i bhfad níos fearr ná mar a cheapas go mbeadh. Bhí an triúr acu compordach ag caint agus ag míniú a bpleananna, agus na cinntí riachtanacha atá os a gcomhair sa ghéarchéim eacnamaíochta idirnáisiúnta seo ina bhfuilimid. Bhí sé éadrom in amanna chomh maith, "ná bí ag déanamh amaideachta" a dúirt MM le EK uair amháin nuair a bhí mo dhuine ag cur isteach air. Tá sé soiléir go bhfuil suim ag an triúr acu sa teanga chomh maith, cé go bhfuil drochscéal amuigh faoi EK le déanaí maidir léi, tuigeann an triúir go bhfuil fadhb nach beag ann nuair a thagann daoine óga amach ón scoil gan mórán cumas cainte acu agus suas go ceithre bliana déag caite acu á foghlaim, agus níos measa fós dar liom: easpa measa! Tá slite difriúla acu an fhadhb seo a réiteach. Rud amháin gur féidir leo a dhéanamh ná an teanga a labhairt níos mó, i bhfad bhfad níos mó, ar dtús, ní chuireann sí isteach orthu, mar sin bheadh sé éasca dóibh é seo a dhéanamh!!! ach i ndáiríre léireoidís fíor ceannasaíocht maidir leis an teanga agus an straitéis úr dá rabhadar toilteanach í a labhairt gach lá, agus léireoidís nach bhfuileadar toilteanach sláintíocht na teanga a fhágáil ar ghuaillí na bpáistí sna bunscoileanna agus na daoine óga san ard scoileanna.

Ba mhaith liom seit an stiúideo chomh maith, iad gar go leor le chéile ag an mbord sin, níos fearr dar liom ná an seit cúpla lá ó shin ar RTÉ agus an cúigear ann, Gerry Adams agus John Gormley in éineacht leis an triúr seo, agus iad go léir ina seasamh píosa óna chéile. (cuma dhíospóireachta na tíre seo le tamall anuas).

Dhein Eimear Ní Chonaola an jab ar fad mar stiúrthóir, níor chuir sé amach ná isteach uirthise an triúr seo a choimeád ar an bpointe, beacht agus faoi smacht! Bíonn Frontline agus Primetime againn ar RTÉ, cláir bhreátha. Bheadh sé iontach níos mó cláir teilifíse ar an leibhéal seo a bheith againn trí mheán na Gaeilge agus Eimear ina gceannas. Faire Miriam!

Is fiú féachaint ar an díospóireacht seo, agus tá do rogha agat, gan nó le fotheideal.

Thursday, February 03, 2011

Easpa Rogha



Is droch nós é, dar liom, cait a choimeád taobh istigh sa tigh a saolta iomlán. Bíonn a n-úinéirí cinnte go bhfuil saolta iontacha ag a bpeataí laistigh, nach bhfuil saolta compordacha sa teas acu nuair a bhíonn idir sneachta agus sioc taobh amuigh againn?....agus is aoibhinn le cait an teas tá a fhios agam, feicim Púca agus Banba, ár gcait féin, sínte amach os comhair na tine gach lá, ach ní bhíonn drogall orthu am a chaitheamh lasmuigh i rith an lae, ag siúl go cáiréiseach ar dhromchlá an bhrait bháin.

Ach ciallaíonn i bhfad níos mó leis an teideal Indoor Cats ná iad a choimeád slán sa tigh. De ghnáth baintear crúba na gcat sin díobh, deirtear nach mbíonn na crúba uathu taobh istigh.... Mar níl namhaid acu laistigh, agus ar ndóigh ní féidir leo an troscán a mhilleadh lena gcrúba géarra sin ach an oiread. …Cuirtear faoi scian in oifig an thréidlia iad. (Cén cineál tréidlia a dhéanadh é seo?) Agus nuair a bhíonn an teascadh seo déanta ní féidir leo dul lasmuigh riamh arís; bheidís i mbaol i gcónaí agus iad curtha ó chumas féinchosaint, gan in ann rith suas stoc chrainn fiú-i ngéibheann as sin amach. Ach bíonn siad sláintiúil agus sásta a deirtear liom. Cé a deir é sin? na cait féin?

Ba chóir go mbeadh áthas ar na cait seo atá i ngéibheann! agus sásta leis! Ní bhíonn orthu cur suas le saoirse agus gach rud a bhaineann léi. Ní gá a bheith ag fiach!

B'fhéidir go bhfuil cuid acu résúnta sásta agus áthasach go leor mar ní raibh saoirse riamh acu: B’fhéidir nach dtuigeann siad go bhfuil mórán ar bith cearr le heaspa cumhachta? Ach cén fáth mar sin go bhfeicim cait mo comharsan ina suí i gcónaí ar leac a bhfuinneoige fad is a bhím ag siúl thart, agus iad ag féachaint lena súile glasa orm agus ar an saol saor lasmuigh?




Wednesday, January 26, 2011

Féinics?

Ba dheacair a bheith ar nós cuma liom maidir le cúrsaí pholaitíochta in Éirinn le déanaí. Ba thrua féachaint ar deireadh, nó féinscriosta Fhianna Fáil, An Páirtí Poblachtánach, mar a bhí feicthe againn le tamall anuas. Tá meas na ndaoine caillte acu.

In aon ghaol bíonn sé deacair meas a athchothú....…bíonn seans ann, fiú nuair a bhíonn sé ag laghdú, ach nuair a imíonn sé bíonn sé imithe go hiomlán. An bhfuil a lucht leanúna féin acu fós?
An bhfuil Féinics le feiscint? Chífimid.

Wednesday, January 05, 2011

Sáile an tSaoil

Ag siúl in aice an tí le Eoghan agus Cara atá ar fónamh arís agus í 16

Fáilte 2011.
Beidh an 6ú lá de mhí Eanáir buailte linn amárach, Little Christmas Nollaig na mBan a thugadh ar an lá i ndeisceart na hÉireann, uair amháin coimeádadh mar shaoire do na mná ag deireadh na Nollag, an 12ú lá. Bhuel, ní dóigh liom go leanann an traidisiún sin níos mó? Tosnóigh mé ag cur maisiúcháin na Nollag i bhfolach arís ar ball inniu, tá cuma thirim ag teacht ar an gcuileann anois ar aon nós, ach tá an sceach féin ag féachaint go breá os comhair fuinneog m'oifige, an cor caor dhearg uirthi.
An cheist is mó a thagann chugam le déanaí ó chairde ná "An raibh Nollaig mhaith agat?" Bhí, cad é atá i gceist ag an am is dorcha sa bhliain ná tréimhse gan stró, i gceartlár sáile an tsaoil, agus iad sin a aithint.
Cad é atá i gceist le sáile an tsaoil áfach? Braitheann sé, bheadh freagraí difriúla ag cách, an bhfuil a fhios agat féin?

Friday, December 03, 2010

Aisling Géar

Éire bhocht a scríobh cara i nóta chugam coicís ó shin. Éire bhocht cinnte, bíonn sí i mo smaointe go minic le déanaí agus chuir imeachtaí na coicíse seo caite brón nach beag orm agus tocht scríbhneoireachta orm leis. Ní fheadar an bhfuil sé ceart an locht go hiomlán a chur ar na hEorpaigh, tá a gcuspóir féin acu ag iarraidh an Euro a choimeád slán, ach quelle costas….(ní fheadar cad a bhí idir lámha ag an ECB blianta ó shin agus gach rud ag dul as smacht? an rabhadar ar saoire) Ní féidir an locht a chur ar an Euro féin, nach raibh fáilte is fiche roimh an Euro ar dtús? Pósadh atá i gceist sa cheangal sin: thuas seal thíos seal!

Bíonn sé ráite go bhfuil smior na nGael caillte in Éirinn anois, díolta, agus gur éirigh an smior níos laige i ré an Tíogair, an tíogar bocht, is ceap milleáin eile é dar liom. Tá an locht ar easpa céille treoraithe na tíre, ní hamháin an dream atá i gceannas an lá atá inniu ann ach an dream roimhe seo. Tá sé ana-brónach áfach mar bhí seans ann forbairtí fíor dearfacha a chur ar bun le linn ré an Tíogair...dá mbeadh daoine cliste agus fad radharcach i réim: córas sláintíochta a áth-thógáil mar shampla. Ach in ionad aon rud ciallmhair mar sin a dhéanamh cuireadh tús le forbairtí foirgneoireachta timpeall na tíre atá tréigthe anois agus an tír is an talamh ag titim ar a chéile gan mórán ós comhair an chéad glúin eile ach a bheith báite i bhfiacha baincéirí ár linne.

Saint as smacht.

Ní rud úr í tréimhse anróiteach in Éirinn, tharla cheana. Sa 17ú haois déag bhí an tír ina praiseach le saint, san 18ú haois arís le tiarnaí talún ag crú na tíre, ní gá an 19ú haois a luaigh, tá a fhios ag cách faoi sin. Bhí cuid mhaith den 20ú aois deacair go leor ach thug an tsaoirse anam agus croí do dhaoine, agus deireadh na haoise seo caite, bhí sé go híontach ar fad.

Ach anois: An bhfuil Éire bhocht ag feitheamh ar Mac an Cheannaí arís? Nó truaillithe arís.

Aisling ghéar do dhearcas féin
ar leaba ‘s mé go lagbhríoch
an annir shéimh darbh ainm Éire
ag teacht im ghaor ar marcáiocht
a súile glas, a cúl tiubh casta,
a com ba gheal ‘s a maili,
dá mhaíomh go raibh ag tríoscht ‘na gar
a diogras, Mac an Cheannaí.

/ ….

Adúrtsa léi ar chlos na scéal,
I rún gur éag do chleacht sí,
Thuas sa Spáinn go bhfuair an bás-
’s nár thrua le cách a ceasnaí;
ar chlos mo ghotha i bhfogas dí
chorraigh a cruth ‘s do scread sí
is d’éalaigh an t-anam d’aonphreib aistí-
mo léansa an bhean go neamhbhríoch.

Sliocht as Mac an Cheannaí le Aogán Ó Rathaille (c. 1675- 1729)
An Duanaire Dolmen Press (1981)

Wednesday, November 10, 2010

An Rud is Annamh is Iontach.

Tháinig an damh seo luath sa mhaidin. (Ach ní raibh sé chomh luath sin mar nach bhfuil na cloig casta thar n-ais, mar sin b'fhéidir go raibh sé déanach ar a chuairt? No an raibh a fhios aige go mbeadh tús déanach againn ar an lá úd)
Ní fheictear damh ró mhinic sa cheantar seo, agus má fheictear bíonn sé ag an am seo den bhliain, séasúr na cúplála. Ní rachainn gar dóibh, níl siad mar a bhíonn na heilití agus a hoisíní. Bíonn siadsan i gcónaí ciúin agus séimh, ar tí imeacht de rúid uait chomh luath agus a gcloiseann na máithreacha glór ar bith; bíonn a gcluasa móra i gcónaí ar a bhfiachaill ar gach rud.

Deirtear go mbíonn cúthaileacht ar na daimh chomh maith, ach ní aontaím le sin. Is ainmhithe bródúil iad....... Cuireann siad suas linn agus a bhfearann millte againn. Níl siad toilteanach a ligint go bhfuil siad ag fulaingt. Tuigeann siad nach bhfuil mórán le déanamh acu romhainn, ár gcarranna. ár gclaíocha, ár ngunnaí agus ár gcrosbhoghanna.

Coimeádann siad iad féin uainn, agus de dheasca sin téann na sealgairí ar a dtóir, nó ar thóir a mbeanna....spórt na fola. Siamsa! An rud is annamh is iontach.

Sílim gur scríobh Liam Ó Muirthile dán uair amháin faoi damh, ach faraor ní féidir liom teacht air. (Má bhíonn an dán seo ag éinne agaibh chuir chugam é le do thoil)

In ionad sin tá píosa ana dheas anseo agam ó leabhar iontach The Outermost House le Henry Beston 1888-1968 :


We need another and a wiser and perhaps a more mystical concept of animals. Remote from universal nature and living by complicated artifice, man in civilization surveys the creature through the glass of his knowledge and sees thereby a feather magnified and the whole image in distortion.

We patronize them for their incompleteness, for their tragic fate for having taken form so far below ourselves. And therein do we err and greatly err. For the animal shall not be measured by man. In a world older and more complete than ours, they move finished and complete, gifted with the extension of the senses we have lost or never attained, living by voices we shall never hear.

They are not brethren, they are not underlings: they are other nations, caught with ourselves in the net of life and time, fellow prisoners of the splendour and travail of the earth.



Thursday, November 04, 2010

Scéala Dearfach Eile agus Rothaí Mora an Domhandú

Tá nós inmheánach ag daoine, ag an gcine daonna is féidir a rá, le bheith ag taisteal, agus bíonn na mílte cúiseanna ann a bhaineann leis an nós sin. Castar ar Éireannaigh anois ar fud an domhain, cuid acu de shliocht na nGael ó na cianta ó shin. Is cosúil gur saghas treibhe scaipthe atáimid faoi láthair agus más fíor é sin an féidir na ceangail atá eadrainn a thomhas i slí éigin agus an dlúthbhaint eadrainn a thuiscint ar chor ar bith?

Is fíodóirí sinn ar fud na cruinne ag obair ar thaipéis chultúir, ag baint úsáid as na dlúth téada céanna; an ceol, an teanga, an radharc tíre, an litríocht, an damhsa, stair na tíre, spóirt, i slite difriúla de bharr an snáth innigh a roghnaímid. Tosaíonn taipéis le dlúth téada agus leanann siadsan ó thús go deireadh. Cuirtear an snáth innigh trasna, anonn is anall, is féidir athruithe a dhéanamh leis an snáth innigh, do phictiúr féin a dhearadh. Bíonn na dlúth téada i gcónaí ann ámh, tugann siad neart don struchtúr. Seo mar atá sé le cultúir dar liom. Má ghearrtar ceann de na dlúth-téada beidh an cultúr i bhfad níos laige, agus oidhreacht an chéad glúine eile níos laige de dheasca sin. Is pictiúr nó íomhá phearsanta a thagann le chéile dúinn sa deireadh, gathanna solais ar phíosa nó dhó agus iad sin a thabhairt chun cruinneas inár dtaipéis chultúrtha féin.

Bíonn sé ráite go bhfuil an domhan ag éirí níos lú le domhandú na meáin, na nuachta, cúrsaí eacnamaíochta, srl. An bhfuil sé fíor a rá go bhfuil domhandú cultúir ar siúl chomh maith? An anois an t-am ár gcultúr féin a cheiliúradh níos mó ná riamh? Tháinig sé slán as tréimhse imris agus achrainn eile. An dtéann an dá rud, domhandú cultúir agus cultúr a cheiliúradh, ar aghaidh le chéile? An féidir ár gcultúr a athaimsiú in áiteanna iargúlta áille agus sna cathracha chomh maith agus é a chur chun cinn?

Fuair Dearbhall Standúin agus Charlie Troy duais idirnáisiúnta iontach Global Vision le déanaí de bharr le Cnoc Suain, a bhforbairt in iarthar na Gaillimhe. Plean acu clár turasóireachta, bunaithe ar chultúr na hÉireann agus ar bhuan-choimeád na tíre a chur ar bun ansin: Seans do dhaoine ina gcónaí in Éirinn nó de shliocht na nGael thar lear, teagmháil a dhéanamh arís nó den chéad uair le dlúth téada ár gcultúir shaibhir. Beidh an bheirt acu ag labhairt faoin duais seo agus Cnoc Suain i Glucksman Ireland House, NYU,1 Washington Mews (@ ascaill a cúig) Nua Eabhrac, Dé Luain seo chugainn. Tuilleadh eolais anseo. Beidh an tOllamh Fionnbarr Bradley ag caint chomh maith an oíche céanna faoin bhforbairt seo i nGaillimh agus chomh tábhachtach agus atá cultúr na hÉireann i rothaí móra an domhandú.

Is fearr liom féin an téarma clár saibhrithe, ná clár turasóireachta, baineann rud éigin fulangach ó thaobh na céille de leis an bhfocal turasóireacht sa chomhthéacs comhaimsire sílim, easpa fuinnimh b'fhéidir? Is mór an tairbhe dúinn sinn féin a saibhriú le teacht ar dhlúth téada ár gcultúr, agus ní mór dúinn a aithint ar ndóigh go maireann sé sna áiteanna iargúlta áille agus sna cathracha chomh maith, agus aon áit ina mbailíonn Éireannaigh le cheile.

Bíonn níos mó le foghlaim i gcónaí.


Sunday, October 31, 2010

Scéal Dearfach





Bíonn scéalta dearfacha i gcónaí tábhachtach ach faoi láthair le drochscéalta mar chlócaí umainn sílim go bhfuil dea-scéalta níos tábhachtaí ná riamh.

Chuir éalú na mianadóirí i Chile áthas mór ormsa mar shampla agus ar gach duine le croí agus cuisle déarfainn. Is minic a chloistear faoina leithéid de thimpiste nach dtagann duine beo riamh as agus bím buartha uaireanta nach bhfuil suim ag na boic mhóra an t-airgead a chaitheamh na créatúir a aimsiú agus a scaoil amach... ach ní hé sin a tharla sa chás seo, buíochas le Dia. Scaoileadh amach iad agus chualathas osna fhaoisimh timpeall an domhain.

Bhí mé ag taisteal le déanaí…bhí mé i gCathair Luimnigh faoi dhó taobh istigh míosa. Bhí sé go breá, bíonn cuma dheas ar an gcathair agus a pobal faoi láthair, go háirithe aon lá ina mbíonn an ghrian ag taitneamh, í ag glioscarnach ar an abha.... agus.... chomh maith le sin, má bhíonn cluiche spóirt ar siúl sa chathair....agus san am seo den bhliain má bhíonn cluiche Rugby le bheith ar siúl i bPáirc Thuamhan agus foireann na Mumhan ag imirt. Tá an chraobh Heineken faoi lán seol anois agus is mór an tsuim atá ag lucht na cathrach sna cluichí. Nach minic a chuireann cúrsaí spóirt aoibh mhaith ar dhaoine?

Seo mar a bhí ar an 16ú lá déag de mhí Deireadh Fómhair. Tharla go raibh mé ag tiomáint ar bhóthar na hInse i dtreo lár na cathrach luath san iarnóin an lá úd, fad is a bhí tonnta dearga gealgháireacha ag bogadh chugamsa! Tonnta dearga gealgháireacha? Ba iad lucht tacaíochta Foirne na Mumhan a bhí ann; fir, mná, páistí óga, déagóirí, iad go léir gléasta i ndearg agus slua mór acu ag siúl amach chuig Páirc Thuamhan atá suite ar taobh thiar thuaidh na cathrach. Ba léir go raibh muinín acu as a bhfoireann, tháinig miongháire ormsa ag féachaint orthu agus cuid acu ag pleidhcíocht agus ag ligint geáitsí orthu féin agus iad uile ar shanks mare! Spraoi geallta cinnte. Ba léir chomh maith go raibh mise ag dul sa treo mí cheart, bhí an ghrian ag taitneamh agus fuinneog an chairr ar oscailt agam... "Arn't ya coming to the match missus?" mar a dúirt sreangán óg amháin liom agus é chomh tanaí leis an gcrann brataí a bhí á iompar aige! Bhuel faraor, ní raibh ticéad agam dul, ach d'fhéach mé ar an gcluiche ar an teilifís le mo mháthair ar ball sa tráthnóna. Bhaineamar sult as cé go mbíonn sé iontach garbh agus fiáin mar chluiche, dar liom. Bhaineas taitneamh chomh maith as féachaint ar an tslí inar bhain sise sult as... : "Get that fellow!" a ndéarfadh sí i nguth íseal séimh, nó "That so and so, stop him!" Focail nach gcloisim i NY! Bhí suim mhór aici sa chluiche seo ó laethanta a óige toisc gurbh iomaitheoirí Rugby iad a deartháireacha agus a h-uncailí, bhíodh suim ag m'athair i gcluichí iománaíochta agus caide!

Ar aon nós is cluiche proifisiúnta é Rugby anois agus mar sin tagann baill na foirne ó gach aon áit, ach chomh luath agus a chaitear geansaí dearg na Mumhan is Muimhnigh iad! D'éirigh go maith leo an lá úd, bhíodar i gcoinne Tulon agus b'é toradh an chluiche 45 - 18.

Is bliain iontach í 2010 i gcúrsaí spóirt sa Chuige Mumhan. D'éirigh le Tiobraid Árann craobh iománaíochta na hÉireann a bhuaigh agus corn Liam Mac Carthaigh a fháil dá bharr, ní hamháin é sin ach d'éirigh le Corcaigh craobh caide na tíre a bhuaigh agus teacht ar chorn Somhairle Mag Uidhir arís. Is laochra ár linne iad na lúthchleasaithe iontach seo, a chuireann a gcroíthe san obair agus a thugann sásamh nach beag dá lucht leanúna. Ní lúthchleasaithe proifisiúnta iad murab ionainn leis na lúthchleasaithe ar bharr cúrsaí Rugby; de ghnáth bíonn orthu lá lán oibre a chur isteach roimh oíche thraenála nuair a bhíonn séasúir a spóirt faoin lán seol.

Scéal nach bhfuil ar fud na háite ná gur thug IRFU na Mumhan (Munster Irish Rugby Football Union) cuireadh don fhoireann iománaíochta is fearr sa tír, Tiobraid Arann agus don fhoireann peile is fearr, Chorcaigh, teacht go Páirc Thuamhan ar an lá úd, an 16ú, chun féachaint ar an gcluiche mór. Cuireadh lón deas os a gcomhair ar dtús agus ansin bhí seans acu féachaint ar an gcluiche le chéile agus gáir molta a ligint ar son foireann mhaith eile na Mumhan.

Uair amháin bhí cosc ar teagmháil idir na cluichí seo, bearna ollmhór eatarthu, agus idir na lúthchleasaithe fiú..... ach anois critheadh lámh eile eatarthu, aitheantas cothrom ceart é ó IRFU na Mumhan do Chumann Lúthchleas Gael.

Wednesday, September 22, 2010

Am a chur amú, ach...ag foghlaim

Bhí comhrá suimiúil agam le fear ón Ind tá cúpla lá ó shin. Tharla go raibh trioblóid riomhraíochta agam agus bhí mé ar an bhfón leis, bhí sé lonnaithe in ionad glaonna áit éigin sa mhór roinn sin. Fad is bhiomar ag feitheamh ar ioslóidáil bhogearraí thosaíomar ag caint le chéile. Chas an comhrá chuig teangacha tapaidh go leor, mhínigh mo dhuine dom go bhfuil ocht dteanga náisiúnta déag acu siúd san Ind agus gurb í Hindi a theanga dhuchas féin. Ach dúirt sé nach raibh a chumas i léitheoireacht nó i scríbhneoireacht in Hindi ró mhaith aige níos mó. Dúirt sé go raibh a léitheoireacht agus a scríbhneoireacht i bhfad níos fearr i mBéarla anois. An nós a bhíonn acu san Ind ná an bhéim a chur ar staidéar ar an mBéarla ar scoil, agus ós rud é nach gá ach teanga amháin a staidéar ar an ard scoil déanann beagnach gach duine Béarla má bhíonn aon suim ar bith acu in oideachas. Is cosúil go mbíonn an Bhéarla acu mar ábhar scoile ón dtús báire. “Faoi láthair,” a dúirt sé in a Bhéarla beagáinín briste blas láidir, “Is fearr liom a bheith ag léamh nó ag scríobh i mBéarla in ionad mo theanga dhúchais, ní bhíonn an méid sin botún agam ann” Bíonn na nuachtáin foilsithe sna teangacha náisiúnta agus i mBéarla agus ceannaíonn sé ceann i mBéarla i gcónaí; bheadh an ceann in Hindi ró dheacair do.