Wednesday, June 22, 2005

Bean Seoighe


Ceathrar anois gan a máthair mín macánta móraigeanta
Beirt chailíní óga gan a seanmháthair ghealgháireach ghrámhar
Seanduine tinn gan a bhean dílis
Beirt fhear gan a deirfiúr chineálta cheanúil
Triúr ban gan a deirfiúr chéile mhórchroíoch lách
Dáréag againne gan ár n-aintín fial flaithiúil
Riamh arís a guth caoin síodúil
Comharsanacht gan a chara séimh suairceasach
SeanMhuintir Eas Geiphtine agus Barraigh Eoin fé bhrón a mbris
Bean seoighe de bunadh de Bhál thar n-ais aige baile ina leaba chaol

Ar ais atáim tar éis turais gearr go hÉirinn. Turas brónach chuig sochraid Mháire a fuair bás de dheasca sotalach mná áirithe. (Tá an scéal ag dul timpeall anois nach raibh fiú an triail thiomána cheart déanta ag an mbean, an bangharda úd.)
Anois tá Máire in a luí in aice a deartháir is sine, m’athair, nach bhfuil curtha ansin ach sé mhí, trócaire Dé orthu beirt. Tá siad i reilig bheag iargúlta in iarthar Luimní ar bhruach na Sionna, cois oileáin bhig ina rugadar, Aughinish, ag féachaint i dtreo éirí na gréine, i measc a seanamhuintir.
Tabhair dí radharc Ort i soilseacht Do ghlóire

3 comments:

Conn said...

Suaimhneas síoraí dá n-anamacha. Is trua liom do chás, a Hilary.

Anonymous said...

Comhbhrón leat, a Hilary. Go raibh siad ar dheis Dé.

Seán

Anonymous said...

Leaba i measc na naomh aici.

Ní maith liom bhur trioblóid.

-- Aonghus