Thursday, June 09, 2005

The Human Stain

Léigh mé The Human Stain (le Philip Roth) an tseachtain seo. Chríochnaigh mé ar maidin é, bhíos i mo shuigh go luath arís. Cheapfá ón gcéad caibidil gur leabhair a bhaineann le ciníochas atá i gceist anseo ach gan mhoill tuigtear gur bhfuil an scéal i bhfad níos doimhne ná a cheapfá ar dtús. Leabhar iontach sílim a bhaineann le hypocrisy i nádúr an cine daonna ar leibhéil éagsúla. Bunaithe i 1998, le scéal the impeachment of Bill Clinton mar chúlra, is scéal faoi saol ollaimh in ollscoil áirithe i New England atá ann. Ollamh a thit ó grásta de dheasca éad agus uaillmhian a chomhbhádóirí, cé go bhfuil sé soiléir go bhfuil na tréithe seo aige siúd chomh maith, go mór mhór an tarna ceann. (Níl dearmad é gurb é “Brutus” an tarna ainm ar an bpríomhcharachtar) Leis sin tá rún nach beag aige a chóiméad sé breis agus caoga bliain, óna chlann féin fiú. Buaileann carachtair ón uasaicme, an lucht oibre, an lucht oiliúna agus iad atá ligthe i ndearmad; na War Vets, le cheile. (Bhí carachtar an VV saghas ró-oiriúnach don pháirt, “caricature” an focal atá uaim, ach sílim gurb é sin a bhí i gceist ag an údar sa chás seo.) Tá an tuairim ann chomh maith go bhfuil an córas oideachais ag dul in olcas sa tír seo, níl an oideachas clasaicigh le fáil anois sna h-ardscoil, ach bíonn sé sin fíor ar fud an Chéad Domhan, aon domhan is dócha, dar liom. Bíonn eolais eile ag teacht isteach, eolas faoi ríomhairí, gnó agus a leithéid. Nach dtarlaíonn an rud céanna le gach glúin nó tonnta glún. Imíonn focail, eolas agus scileanna, tagann cinn eile isteach san áireamh. Cheapann an t-údar nach bhfuil na mic léinn faoi láthair in ann argóint faoi existentialism, mar a déarfá, agus, níos measa fós, nach mbíonn fiú suim acu i gceo ar bith ach amháin consumerism gan ceist, bhí aiféala air faoi na hathruithe seo.

2 comments:

Anonymous said...

Chuala an nuacht aréir, a Hilary.

Ní maith liom do bhris. Leaba i measc na naomh go raibh ag Mary.

-- Aonghus

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Grma.