Friday, July 08, 2005

Cleití a ghearra

Dhúisigh go hobann ar maidin, roimh a ceathair. Is dócha go raibh tubaiste inné i London ar m’intinn agus gan choinne bhíos a rá dom féin, omg! Thugas cead do Chian (16) dul go Manhattan ar an 4ú Lá lena cairde. Chuaigh ceathrar acu le cheile ar an dtraein go Grand Central. Chaitheadar cúpla uair ag spaisteoireacht timpeall lárbhaile . Ansin amach leo ar an dtraein fothalamh go Queens féachaint ar na fireworks in iarthar Manhattan ón dtaobh sin den abhainn. Radharc breá a bhí acu, tráthnóna breá…………... Thugas cead do? Ar an lá sin agus an chathair plódaithe? An ceiliúradh is mó sa bhliain. Bhí sé ar an subway faoin abha iarthar!!!! An rabhas as mo mheabhair? Ní raibh mé ag smaoineamh ar sceimhlitheoirí ar chur ar bith. (Thugas comhairle dó a Ipod a fhágáil sa bhaile ach bhí a fhios aige cheanna nach rud ró mhaith é Ipod a bheith agat ar an Subway.)

Ag an am, bhí saghas áthais orm a fheiscint go raibh sé ag éirí píosa beag neamhspleách, anois, cé nach bhfuil an rogha agam, ba mhaith liom a chleití a ghearra agus é a choimeád slán sa nead tamall eile.
Is féidir leo a bheith san Arm @ 16, sílim, nó pósta fiú? Nó b’fhéidir go bhfuil sé 18 anseo agus 16 in Eirinn?
Crikey. Tá súil agam nach mbeidh mé i mo mháthair chéile ó Ifreann lá éigin!

3 comments:

Conn said...

Is crua an cheist í, nach ea? Bheifeá cráite ag cuimhneamh ar na drochrudaí ar féidir tarlú. Is aoibhinn liomsa mo mhac beag a fhesicint ag tógaint a chéad chéimeanna sa tsaol - ach chím gur mó an baol dó anois ná mar a bhí nuair a bhí sé ag lamhcadán. Agus is cuimhin liom mo thuismitheóirí ag fanacht 'na suí istoíche go dtiocfainnse isteach tar éis an disco!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Is cuspóir aisteach an ceann seo atá againn, cuspóir gach uile tuismitheoir chomh maith; aire agus treoracha deimhneacha a thabhairt dóibh dul i bhfad uainn ar a saolta neamhspleácha féin. Fan go bhfuil do mhaicín óg ina dhéagóir! Ní féidir linne a bheith páirteach i ngach cinneadh a dhéanann ár gcuid, bíonn orainn srianta a saolta féin a ligint daoibh i bpíosaí beaga. Ach ní bhíonn sé easca uaireanta.
Chuir do nóta i gcuimhne dom “An Chéad Bhróg” le Máire Mhac an tSaoi. Is dócha go bhfuil sé agat áit éigin.
Críochnaíonn an dán le
“Is fada an ród é le triall agat feasta,
Is ceangail na mbróg ort níl ann ach tús ceangail”

Conn said...

Nach iontach an siombal é? Cheannaíomar na bróga dó an mhí seo chaite. Bhí sé go mór trí chéile 'na dtaobh - agus dhiúltaigh sé seasamh orthu i dtosach! N'fheadar ar bhraith sé gur "tús ceangail" a bhí ann?